CÚRSAÍ SPÓIRT
Samhain 09
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

D’athraigh an cluiche peile le imeacht ama, ach is é an tuairim atá ag Colm Mac Séalaigh go gcaithfear an cluiche a athrú chun feabhais go fóill.

Íomhá
Sracadh
Íomhá
Peil na gClub i bPáirc an Chrócaigh (Martin Brückner a tharraing chuig Vicipéid)
Íomhá
Spóirt a tháinig anuas na glúnta

Tharla le gairid gur oscail mé leabhar nár léigh le fada an lá, leabhar faoin gcruitire cáiliúil Toirdhealbhach Cearbhallán: ‘Carolan The Life Times and Music of an Irish Harper’ le Donal O Sullivan 1958. Mhair Cearbhallán (mar a thug an cruitire dall air féin) sa tréimhse 1670 go 1738. Tá cur síos iontach sa leabhar ar chúrsaí na tíre san am, agus ar an gcuid sin den tír is mó a thaithíodh Cearbhallán, oirthear Chonnachta. Ar leathanach 16 tá seo scríofa:Hurling was the principal competitive game, football – a game of purely English origin – being restricted to a few localities.

Níl fhios agam an í an pheil Ghaelach mar a thuigimid inniu í nó cluiche éigin eile atá i gceist sa tagairt sin, ach, ar an drochuair is cinnte nach í an iománaíocht príomhchluiche na hiomaíochta inniu ach an pheil, cés moite de cheantair áirithe i ndeisceart na tíre go mór mór. Ach, más amhlaidh atá, níl cuid de na húdair an-sásta leis an gcaoi ina mbíonn an pheil, nó an chaid, á himirt ar na saolta seo. (http://www.youtube.com/watch?v=iIlsRsMMJUc)

Cíoradh staid na peile ar cheann de nuachtáin an Domhnaigh, an ‘Sunday Tribune’, ar an gceathrú lá de mhí na Samhna seo caite. Chuir mé suim sa dá alt ar an ábhar go raibh cuid mhaith d’éirim an dá alt ag teacht le mo thuairim féin faoin bpeil Ghaelach.

D’fhéach Eagarthóir Spóirt an nuachtáin, P J Cunningham, in alt amháin ar bhunfhadhb na peile mar is dóigh leis féin í a bheith. Deir sé nach bhfuil anois sa pheil Ghaelach ach cluiche lúfarachta in áit cluiche peile. Míníonn sé cad atá i gceist aige: an bealach a n-imrítear an pheil anois ná go mbeireann imreoir greim ar an liathróid, ritheann, iompraíonn í chomh fada agus is féidir, cuireann ar aghaidh, cliathánach nó siar í ar an seachadadh láimhe chuig leathbhádóir a dhéanann an rud céanna agus ar aghaidh mar sin go dtí go bhféachfar le scór a aimsiú nó go sciobfaidh, nó go ‘ngoideann’, an freasúra an liathróid. Caithfidh gach imreoir dá bhrí sin, a bheith an-lúfar, is é sin a bheith in ann rith go tapa suas agus síos fad na páirce agus ar feadh scaithimh fada, ach ní hé go gcaithfidh mórán scileanna peile aige. (http://www.youtube.com/watch?v=dpdoJnsDHIY&feature=related)

Caid nó Liathróid Láimhe?

Deir Ó Cuinneagáin gur léir go bhfuil rud éigin mícheart leis an bpeil Ghaelach nuair a dhéanann foireann an t-ullmhúchán réamhchluiche gan bacadh leis an rud is bunúsaí a bhaineann le peil a chleachtadh, is é sin an bhróg a chur leis an liathróid. Deir sé gurb é an fáth nár éirigh le Fear Manach an lámh in uachtar a fháil ar Ard Mhacha nach raibh na himreoirí sách maith i mbun chiceáil na liathróide, cé go raibh siad iontach á cur ar aghaidh trí bhíthin an phas láimhe. Dar leis gur éirigh go maith le Cill Mantáin i mbliana dul chun cinn suntasach a dhéanamh toisc gur chleacht siad an liathróid a chiceáil go minic i dtreo cúl an fhreasúra.

Cáineann PJ Cunningham an pas láimhe go géar. Deir sé go dtuigtear dó ar fhoinse an-údarásach go bhfuil formhór na n-eachtraí a bhaineann leis an aistriú láimhe mídhleathach, is é sin, i gcoinne rialacha an chluiche. Ní hamháin sin, ach deir sé go bhfuil a fhios sin ag na réiteoirí, ach go bhfuil faitíos orthu dada a dhéanamh faoin scéal ar eagla go gcuirfí ina leith nach bhfuil siad ag cuidiú le saorghluaiseacht an chluiche.

Ach, níos measa ná sin, dar le Ó Cuinneagáin, tá bunús na peile á scrios toisc nach é an t-imreoir oilte is tábhachtaí ach an t-imreoir is aclaí nó, lena rá ar bhealach eile, gurb é aclaíocht an imreora seachas scil an imreora is ceannasaí sa chluiche faoi mar a imrítear inniu é. Ach amháin nuair a bhíonn an t-imreoir ag iarraidh scór a aimsiú, is annamh a chuireann imreoir (seachas an cúl báire) bróg leis an máilín gaoithe mar a deir Seán Bán Breathnach. Ní féidir an milleán ar fad a chur ar imreoirí, ar lucht traenála ná ar bhainisteoirí – imrítear an cluiche ar an mbealach is feidhmiúla, dar leo. Molann PJ dóibh siúd atá i gceannas ar an CLG rud éigin a dhéanamh faoin staid seo nó beidh an pheil Ghaelach ina leagan den rugbaí, mura bhfuil sin fíor cheana féin.

Caid nó Rugbaí?

Feictear dom féin nach bhfuil oiread sin éagsúlachta idir an pheil Ghaelach inniu agus an rugbaí, go háirithe an leagan ar a dtugtar ‘rugby league’. Ní hamháin sin, ach díol suntais an oiread téarmaíochta a bhaineann le rugbaí a bheith in úsáid go minic anois ag tráchtairí i gcomhthéacs na peile Gaelaí, téarmaí ar nós ‘athchúrsáil na liathróide’ (recycle ball), ‘seilbh an dara phas’ (second phase possession), ‘liathróid go láimh’ (ball to hand), an ‘cliseadh’ (the breakdown). Dar ndóigh, ní déarfadh Seán Bán Breathnach ná Micheál Ó Sé a leithéid!

Ar feadh 100 bliain, deir Ó Cuinneagáin, ba é an seachadadh leis an dorn a bhí in úsáid don chuid is mó agus tuigeadh an riail agus cuireadh i bhfeidhm í. Agus b’fhearr mar chluiche an pheil dar leis. Deir sé go bhfuil dhá réiteach ar an bpraiseach seo ina bhfuil an pheil Ghaelach. Sa chéad áit, ba chóir do na réiteoirí an riail a chur i bhfeidhm agus cic saor a thabhairt in éadan an duine a dhéanfas pas láimhe mídhleathach. Dá dtarlódh sin, chuirfeadh lucht oiliúna peile stíl imeartha eile i bhfeidhm.

Bealach eile a deir sé ná an riail a leasú mar seo: go mbeadh dhá phas i ndiaidh a chéile ón láimh idir imreoirí mídhleathach. Chuirfeadh sé iallach ar an imreoir cos a chur leis an liathróid, agus scileanna breise a fhoghlaim chun an liathróid a chur ar aghaidh. Dar leis go bhfuil gá le hathruithe ar mhaithe leis an bpeil Ghaelach a shlánú mar chluiche ar leith a mbeidh an scil níos tábhachtaí ná an aclaíocht agus an lúfaracht.

In alt eile ar an bpáipéar céanna, tugann Gerry McDermott cur síos ar stair na rialach a bhaineann leis an bpas láimhe. Dar leis go n-úsáideann imreoirí an pas láimhe toisc go bhfuil sé níos cruinne ná an pas coise. D’úsáid Gaillimh an pas láimhe 86 uair i gcluiche ceannais na bliana l998. Deir sé chomh maith go mbíonn breis is 50 pas a dhéantar trí bhíthin na láimhe mídhleathach sa ghnáthchluiche peile inniu. Níl sé ar shon deireadh a chur leis an bpas láimhe áfach, ná aon athrú a dhéanamh ar an riail a bhaineann leis, ach tá sé ar son chur i bhfeidhm na rialach agus réiteoidh sin an fhadhb dar leis. De réir na rialach, is gá go mbeadh an gníomh soiléir, is é sin an lámh ag bualadh na liathróide, ionas go mbeadh pas láimhe dleathach, agus mura mbíonn is cóir cic saor a bhronnadh ar an bhfoireann eile. Simplí!! (http://www.youtube.com/watch?v=3Ip9dNCuy_k&NR=1) (http://www.youtube.com/watch?v=32GjO3aB28U&feature=related)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.