AR NA SAOLTA SEO
Sainmhíniú nua ag teastáil ar cad is teaghlach ann
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil leisce ar na polaiteoirí an sainmhíniú ar an teaghlach a athrú mar go bhfuil an cheist róchonspóideach.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir. Ina áit sin, cleachtann siad Tadhg an dá thaobhachas agus, mar gheall air sin, ní théitear i ngleic le mórcheisteanna éagsúla.

Seo go díreach an rud atá go leor tuairisceoirí tar éis a chur i leith Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht, mar gheall air nár mhol siad – sa tuarascáil is déanaí uathu, “An Teaghlach” – go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach. Ach, anois is arís, is féidir linn a bheith buíoch gur shuigh ár bpolaiteoirí ar an sconsa.

Níl aon dabht ach go bhfuil athrú mór tagtha ar an tsochaí agus ar dhéantús teaghlach ón uair a scríobhadh Bunreacht na hÉireann i 1937. Sa lá atá inniu ann, beirtear an tríú cuid de leanaí lasmuigh den phósadh, agus cé go bhfuil líon na ndaoine a phósann sa tír seo fós ard, tá níos mó agus níos mó daoine ag beartú gan pósadh ach cónaí le chéile, bídís heitrighnéasachhómaighnéasach.

Faoi láthair, má tá fear agus bean ina gcónaí le chéile, is cuma más tréimhse fhada nó ghearr atá i gceist, agus má thréigeann duine amháin an duine eile de bharr easaontaithe, nó má éiríonn duine amháin tinn, nó fiú má fhaigheann duine acu bás, níl an duine eile i dteideal aon cheann de na cearta céanna a bheadh aige/aici dá mbeadh sé/sí pósta.

Is lú fós na cearta atá ag beirt hómaighnéasach atá ina gcónaí le chéile. Ní hamháin sin ach chaithfí an Bunreacht a leasú sula bhféadfadh an stát seo reachtaíocht a chur i bhfeidhm a d’aithneodh pósadh hómaighnéasach. De réir an tsainmhínithe ar an teaghlach sa Bhunreacht faoi láthair, ní aithnítear ach oiread cearta an tuismitheora aonair agus níl aon cheart bunreachtúil ag an athair i leith a pháiste, rud a chothaíonn go leor deacrachtaí d’aithreacha atá scartha ó mháthair a bpáistí agus iad ag lorg cead na páistí céanna a fheiscint.

Agus an Bunreacht ann le cearta gach saoránaigh sa stát seo, idir aosta agus óg, a chosaint tá sé intuigthe cén fáth mar sin go raibh go leor daoine – Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, agus an Páirtí Glas, ina measc – ag lorg go molfadh an coiste seo go gcuirfí reifreann faoi bhráid phobal na hÉireann ag iarraidh an sainmhíniú ar cad is teaghlach ann a leasú. Sin le rá go n-áireofaí tuistí aonair, fear agus bean neamhphósta atá ina gcónaí le chéile, agus beirt den ghnéas céanna atá ina gcónaí le chéile, mar theaghlach, agus go ndéanfaí tagairt do chearta an athar freisin.

Tuigtear do Beo!, áfach, go raibh eagla ar pháirtithe an Rialtais agus ar Fhine Gael go ndéanfadh aon athrú a dhéanfaí ar shainmhíniú an teaghlaigh dílúcháil ar choincheap an phósta. Coincheap ar sine go mór é ná an Chríostaíocht agus a cumadh lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí.

De réir staitisticí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, scarann trí cheathrú de na tuistí nach bhfuil pósta sula mbíonn na páistí sé bliana déag d’aois, agus i gcás tuistí pósta, ní scarann ach an tríú cuid. Anuas air sin, leis an mBunreacht a athrú, theastódh reifreann.

An rud a d’fhéadfadh tarlú

Samhlaigh é! Fógraíonn an Taoiseach go mbeidh reifreann ann laistigh de shé mhí leis an sainmhíniú ar an teaghlach a leasú. Go tobann, tá na haerthonnta, agus leathanaigh litreacha na nuachtán, lán, agus gach fear agus bean mhire ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla mar chruthúnas ar cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir sa reifreann seo dá mbeadh sé beo. Gach duine acu ag súil go meallfaidh siad daoine le vótáil ar thaobh amháin nó ar an taobh eile. Ach cuireann an díospóireacht chéanna samhnas ar fhormhór an phobail agus ní thagann amach le vóta a chaitheamh ach an 30% de phobal an stáit atá tógtha faoin gceist; tá móramh acu siúd nach bhfuil i bhfabhar aon leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar an teaghlach, agus tá cás na ngrúpaí a bhí ag lorg an reifrinn curtha siar deich mbliana eile.

Sin ráite, thuig gach ball ar an choiste, áfach, nach raibh an status quo sásúil, go raibh sé de dhualgas ar an stát na hathruithe a bhí tagtha ar an tsochaí a aithint agus gníomhú le cearta gach uile shaoránaigh, idir aosta agus óg, a chosaint. Ar an ábhar sin, mhol an coiste go gcuirfí reachtaíocht bhfeidhm a chuirfeadh ar chumas fear agus bean neamhphósta, nó beirt den ghnéas céanna atá ina gcónaí le chéile, clárú le haghaidh páirtnéireachta dleathaí. Tharbharfadh seo formhór na bpribhléidí dóibh agus atá ag beirt atá pósta.

Anuas air sin, leag an coiste béim ar na cearta is tábhachtaí maidir leis an teaghlach, sin cearta an pháiste. Cé go bhfuil tagairt do chearta an pháiste le fáil in Alt 42.5 de Bhunreacht na hÉireann, is beag féin é. Ar an ábhar sin, mhol an coiste go gcuirfí isteach clásal nua in Alt 41 a neartódh cearta an pháiste agus a dhéanfadh soiléir go bhfuil na cearta céanna ag an bpáiste a bheirtear lasmuigh den phósadh agus atá ag an bpáiste a bheirtear laistigh den phósadh. Tuigtear do Beo!, trí bhéim a leagan ar leas an pháiste, go gcabhródh a leithéid d’alt le tuistí aonair agus iad ag éileamh tacaíochta ón stát agus go dtreiseodh sé freisin cearta aithreacha, go háirithe iadsan atá scartha ó mháthair a bpáiste.

Is í an tuarascáil “An Teaghlach” an deichiú ceann atá eisithe ag Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht. Tá go leor de na moltaí a rinneadh sna tuarascálacha eile fós gan cur i bhfeidhm. Má ghníomhaíonn an Rialtas i gcás na moltaí seo, beidh obair mhaith déanta do mhuintir na hÉireann, obair i bhfad níos fearr ná reifreann scoilteach eile a bhrú ar mhuintir na tíre. Ach go dtí go dtárlóidh sin, bhuel, beidh focail Woody Allen in aigne go leor agus creidfear gur sampla eile í an tuarascáil seo den easpa gnímh a bhaineann le mórpháirtithe polaitíochta na hÉireann.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is léiritheoir teilfíse é agus saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.