Chuaigh Liz Curtis chun cainte le Ruth Hume, Protastúnach a bhfuil a dícheall déanta aici le tríocha bliain anuas tuiscint níos fearr a fháil ar phobal Caitliceach Thuaisceart Éireann.
Is bean an-deas agus suimiúil í Ruth Hume, agus duine a bhfuil intinn neamhspleách aici. Bhuail mé léi den chéad uair i gCumann Chluain Aird, an club lán-Ghaeilge in aice le Bóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste. Bhí an bheirt againn ag freastal ar rang Gaeilge ansin.
Ba rud neamhchoitianta é sin mar go bhfuil cónaí ar Ruth i dtuaisceart an Dúin, i sráidbhaile meánaicmeach Protastúnach, agus tháinig sí go dtí an cumann sin i sráid bheag bhídeach i gceantar atá go hiomlán Caitliceach. Ní raibh fadhb ar bith aici i gCumann Cluain Aird - bhí sí cosúil le duine ar bith eile ansin. Ach is cinnte go mbeadh eagla ar dhaoine eile as an chúlra céanna dul ann.
Ní hamháin go raibh sí ag freastal ar ranganna Gaeilge - agus tá go fóill - ach tá sí ag obair go ciúin, modhúil le blianta fada lena fear céile David le síocháin a bhaint amach in Éirinn. Cuireann siad béim ar oideachas a thabhairt do Phrotastúnaigh eile, agus dá gcairde thall i Sasana, faoi stair na hÉireann agus an pháirt a ghlac pobail s’acu féin inti, go háirithe na héagóirí a rinneadh ar an phobal Caitliceach.
Cad é an dóigh a tháinig Ruth go Cumann Chluain Aird agus go dtí an obair ar son na síochána?
“Rugadh sa Lorgáin i gContae Ard Mhacha mé,” a deir sí. “Ba reachtaire de chuid Eaglais na hÉireann é m’athair, Rev. Gordon Hannon. Tógadh i dTuaisceart Éireann den chuid is mó mé, ach d’fhreastail mé ar scoil chónaithe thall i Sasana.”
Bhí tionchar mór ag tuismitheoirí Ruth uirthi. “Ba cheannrodaí é m’athair,” ar sise. “Le tacaíocht an ardeaspaig, d’éirigh sé as cúraimí a pharóiste chun go dtiocfadh leis obair ar bith a dhéanamh a shílfeadh sé a bheith tábhachtach. B’in obair ar son a phobail féin, agus ar son phobal na hÉireann uilig. Tugadh teach i dtuaisceart Bhéal Feirste dó, ach ní raibh tuarastal ar bith aige.”
Le linn na hoibre sin, d’éirigh sé cairdiúil le hÉamon de Valera. Ansin d’iarr de Valera agus Seán MacBride air dul mar ionadaí Thuaisceart Éireann go dtí na chéad chruinnithe a bhí ag Comhairle na hEorpa sa Háig idir 1946 go 1948.
Hilda an t-ainm a bhí ar mháthair Ruth. Bhí an-suim aici i rudaí dearfacha trasphobail fosta. “Bhí an-mheas aici ar an Alliance Party agus ar an SDLP,” a deir Ruth. “Bhí sí i gcónaí réidh lena lámh a shíneadh amach i dtreo rudaí nua.”
Múinteoir corpoideachais
I ndiaidh do Ruth an scoil a fhágáil, thraenáil sí mar mhúinteoir corpoideachais, agus chaith sí deich mbliana i dTuaisceart Éireann ag obair mar mhúinteoir scoile agus mar léachtóir i gColáiste Oiliúna an tSrutháin Mhilis i mBéal Feirste. Bhí sí ina ball gníomhach den Ulster Teachers’ Union fosta.
Ansin fuair sí post thall i Londain Shasana i scoil ollmhór chuimsitheach. Bhí 1,750 buachaill agus cailín sa scoil, agus bhí Ruth i mbun chorpoideachas na gcailíní.
“Chinn mé ar phost a fháil i scoil stáit,” a deir sí, “mar d’fhreastail mé féin ar scoil phríobháideach, agus ba mhian liom dearcadh níos leithne a fháil. Chaith mé ceithre bliana sa scoil sin. Taithí mhaith a bhí ann, cé go raibh sé deacair in amanna.”
Idir an dá linn, bhuail Ruth le David Hume as Albain, agus phós siad. I ndiaidh tamaill bhog siad go Tuaisceart Éireann agus chuir siad fúthu i gContae an Dúin.
Tá páiste amháin, iníon darb ainm Frances, ag Ruth agus David. Chaith Frances tamall ag obair go deonach san Ind, agus tá post aici anois mar chúntóir óige leis an eagraíocht Save the Children i nGlaschú. Tá sí ag obair le páistí lucht cuardaithe tearmainn.
Deir Ruth: “Nuair a thosaigh na trioblóidí i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1970, ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh fá dtaobh de. Ach cad é a d’fhéadfainn a dhéanamh?
“Ní raibh mé frith-Chaitliceach, ach ba strainséirí dom na daoine ón phobal eile, mar a déarfá. Chuir mé ceist orm féin, ‘Cé hiad na strainséirí sa tír seo go stairiúil?’ Bhuel, leis an fhírinne a rá, bhí mé go hiomlán ainbhiosach ar na cúrsaí a bhí ag cur isteach ar mo tír dhúchais, agus ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh.
“Mar sin, shocraigh mé ar an Ghaeilge a fhoghlaim. Ar dtús, d’fhreastail mé ar ranganna oíche in Ollscoil na Ríona. Níos moille bhain mé an GCSE amach sa Choláiste Staidéir Ghnó. Ba dhúshlán é an méid sin a dhéanamh taobh istigh de bhliain, ach bhí cúrsa iontach maith ann, agus bhí Eileen McCrory mar mhúinteoir agam.”
Ansin chuaigh Ruth go dtí rang i gColáiste Pobail Uladh i ndeisceart Bhéal Feirste - ceantar neodrach meánaicmeach. Ina dhiaidh sin d’fhreastail sí ar ranganna éagsúla in iarthar Bhéal Feirste - ag Cumann Chluain Aird, sa choláiste ar Bhóthar na Carraige Báine, agus sa Chultúrlann. Chuaigh sí chuig roinnt mhaith cúrsaí samhraidh i nGaeltacht Thír Conaill fosta.
Anois tá Ruth ag déanamh an chúrsa dioplóma in Ollscoil Uladh. “Is cúrsa an-dian deacair é sin, a eagraíonn an tOllamh Art Hughes, ach tá sé iontach maith,” ar sise.
I rith na 1980í, bhí sí i lár cúrsa de chuid na heagraíochta Glór na nGael nuair a chuir Státrúnaí an Tuaiscirt, Douglas Hurd, cosc ar dheontais oifigiúla a thabhairt don ghrúpa sin. Mhaígh sé go raibh nasc idir Glór na nGael agus na Sealadaigh. Níor aontaigh Ruth agus cúpla dalta Protastúnach eile leis an chosc sin, mar sin scríobh siad go poiblí chuig na nuachtáin agus na stáisiúin teilifíse.
“Ní raibh an cosc ceart ná cothrom,” a deir Ruth. “Bhí cúrsa s’againne saor ón pholaitíocht agus cuireadh fáilte roimh gach aon duine.”
Ag smaoineamh siar ar a taithí i ranganna Gaeilge, deir Ruth: “I gcónaí cuireadh fáilte fhlaithiúil chairdiúil romham. Tugaim buíochas do Dhia go raibh seans agam páirt bheag a imirt. Bhain mé sult mór as na cairde nua agus as an chuideachta. Agus mé ag foghlaim na Gaeilge, tá súil agam go bhfuil mé ábalta rud beag measa a thaispeáint ar chultúr agus mhuintir na hÉireann, arb í mo thír féin í, ar ndóigh.”
Tromlach
Na laethanta seo, ní mhothaíonn Ruth ar chor ar bith gur strainséirí iad an pobal Caitliceach. “Tógadh aimsir an Dara Cogadh Domhanda mé,” ar sise. “Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil. Thuig daoine ar thaobh s’againne gur thromlach iad i dTuaisceart Éireann, agus ba mhaith leis an tromlach a bheith Briotanach, mar sin “Is Briotanaigh muid” a dúirt muid linn féin. Níor smaoinigh mé faoi.
“Tá scoileanna s’againne leithscartha, ach ní chuirim an milleán ar an Eaglais Chaitliceach, mar sílim go bhfuil creideamh láidir i scoileanna s’acusan, nach bhfuil le fáil i gcónaí sna scoileanna stáit.
“Níor smaoinigh mé ar chor ar bith faoi idirdhealú ó thaobh fostaíochta agus tithíochta de. Anois tá a fhios agam gur aontachtaithe a bhí i nócha faoin chéad de na hionadaithe sa Pharlaimint áitiúil ag Stormont. Anois tá a fhios agam go raibh claonroinnt ann.”
Mar sin, tá Ruth an-sásta le córas na hionadaíochta cionmhaire a cuireadh ar bun sa Tuaisceart. Tá súil aici go mbeidh an Tionól ar ais gan mhoill.
Anois tá roinnt mhaith staidéir déanta ag Ruth agus David ar stair na hÉireann. “Tá a fhios agam anois go ndearna na Briotanaigh a lán rudaí nach raibh ceart ná cothrom, agus go raibh réiteach de dhíth le blianta fada anuas. Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig, agus tá a pháirt féin ag achan duine.”
Ach baineann Ruth le mionlach go fóill. “Is dócha go mbeidh bóthar fada le siúl sula nglacfaidh an pobal Protastúnach aontachtach leis go bhfuil féidearthacht ann go mbeidh Éire Aontaithe ann amach anseo. B’fhéidir nach dtiocfaidh sé i nglúin s’againne. Ach má éiríonn linn rudaí a shocrú chun gur féidir linn a bheith inar gcairde - taobh istigh den Tuaisceart, idir an Tuaisceart agus an Deisceart, agus idir Éire agus an Ríocht Aontaithe - beidh sé sin ar fheabhas.”
Is ball í Ruth den Irish Association, eagraíocht thrasteorann a bunaíodh tamall fada ó shin. “Tá daoine ann as achan taobh,” a deir Ruth. “Cuireann sé fóram ar fáil nach bhfuil le fáil áit ar bith eile.”
Tá Ruth bainteach fosta le Tor ar Lasadh, eagraíocht bheag a bunaíodh cúpla bliain ó shin i dTeampall Fitzroy, teampall Preispitéireach i mBéal Feirste. Tagann Preispitéirigh agus muintir Eaglais na hÉireann agus Caitlicigh le chéile i gcomhair seirbhisí agus imeachtaí eile trí mheán na Gaeilge.
Cad é a shíleann Protastúnaigh eile nuair a chluineann siad go bhfuil Ruth ag foghlaim na Gaeilge? “Is ábhar é ar gá a bheith faichilleach faoi,” a d’fhreagair sí. “Ní insím don saol mór faoi. Nuair a labhraím le cairde faoi, deir siad, ‘Maith thú!’ nó ‘Tá sin suimiúil!’ Ach sílim go bhfuil eagla ar chuid acu dul isteach i gceantair nach dtéann siad iontu de ghnáth.
. “Bhí mise rud beag buartha ar dtús,” a admhaíonn sí, “ach cuireadh fáilte chomh nádúrtha oscailte sin romham gur thosaigh mé ag smaoineamh gur dóigh í an teanga féin chun daoine a thabhairt le chéile. Níl an Ghaeilge ann don phobal Caitliceach amháin, ach do dhuine ar bith a bhfuil suim aige inti.”
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.