CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Rua Telecom - ag cur seirbhíse ar fáil do phobal na Gaeilge
Bernardine Nic Giolla Phádraig Bernardine Nic Giolla Phádraig Bernardine Nic Giolla Phádraig

Bunaíodh Rua Telecom an bhliain seo caite chun seirbhís teileafóin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Ruairí Ó Néill, faoi na cuspóirí atá acu.

Íomhá
Ruairí Ó Néill, comhbhunaitheoir Rua Telecom

Ní gá a rá gur seirbhís riachtanach é an teileafón baile sa lá atá inniu ann agus, leis na hathruithe sa reachtaíocht maidir le CPS (Caller Pre Selection), tá a lán comhlachtaí nua tar éis teacht isteach sa tír seo chun dul in iomaíocht le hEircom, an seanfhondúir. Cheap bunaitheoirí Rua Telecom, áfach, go raibh deighleog bheag, shuntasach sa mhargadh fós gurbh fhiú díriú uirthi, is é sin, margadh na Gaeilge.

Is iad Seán Mac Réamoinn agus Ruairí Ó Néill an bheirt a bhunaigh Rua Telecom i Meán Fómhair 2003. “Seirbhís dírithe ar an bhfón baile atá i gceist, díreach cosúil le seirbhís Eircom,” a mhínigh Ruairí dom. “Ní gá an fón a athrú, ní gá aon chód a úsáid - ach in ionad a bheith ag glaoch trí Eircom, beidh tú ag glaoch trí Rua Telecom. Na buntáistí ná go bhfuil tú ag sábháil ar an meán 20% ar an mbille i gcomparáid le hEircom agus, chomh maith leis sin, is comhlacht atá á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge muid atá ag díriú ar phobal na Gaeilge.”

Cuirim i gcuimhne dó go gcuireann Eircom billí agus bileoga eolais ar fáil trí Ghaeilge. “Cuireann, ach ní bheadh an *back-up *trí Ghaeilge ... Cheapamar nárbh fhiú *façade *Gaeilge a bheith ann ach gur ghá seirbhís iomlán a chur ar fáil trí Ghaeilge agus na nithe sa chúlra chomh maith, an pacáiste iomlán, a bheith trí Ghaeilge.”

Ní chiallaíonn an polasaí seo nach mbeidh siad sásta freastal ar Bhéarlóirí gan Ghaeilge nó iadsan atá ar bheagán Gaeilge. “An buntáiste a bhaineann leis seo ná gur sábháil airgid é, cibé teanga a bhfuil suim agat inti! Má ghlaonn duine orainn ag iarraidh go bhfreastlóimid orthu trí Bhéarla cuirfimid an tseirbhís sin ar fáil dóibh. É sin ráite, táimid dírithe go príomha ar phobal na Gaeilge.”

As teaghlach Gaelach i gCill Chainnigh do Ruairí agus “tá Seán i ndiaidh dul leis an nGaeilge le fada an lá,” a deir sé. Bhí an bheirt acu tar éis iad féin a chruthú mar chineál ceannródaithe i margadh na teileachumarsáide in Éirinn roimh bhunú Rua. Bhí Seán ina Stiúrthóir Bainistíochta cheana féin ar Zamano - comhlacht a chuireann seirbhísí SMS ar fáil - agus bhí Ruairí ar dhuine den ghrúpa a bhunaigh WonderText, iad siúd a chuireann *bustext *ar fáil - seirbhís téacsála trínar féidir fáil amach cathain a bheidh an chéad bhus eile de chuid Bhus Átha Cliath ag teacht i do threo!

Go dtí seo tá na nuálaithe seo an-sásta leis an spéis atá á léiriú ag pobal na Gaeilge i Rua. Láinséaladh an comhlacht ag an Oireachtas anuraidh agus léiríodh an-suim ann ansin. Tá fógraí acu i bhFoinse gach seachtain faoi láthair agus tá líon na gcustaiméirí ag fás an t-am ar fad.

Praghsanna

“Beir bua le Rua” an mana atá ag Rua - mar sin cad faoin tsábháil airgid seo? “Tá an choigilt is mó ar fáil i gcás glaonna idirnáisiúnta, go háirithe i rith an lae,” a mhíníonn Ruairí, “ach táimid ar comhphraghas nó níos saoire i ngach réimse. Ó thaobh glaonna náisiúnta táimid 27% níos saoire agus 21% níos saoire ó thaobh glaonna áitiúla (ná Eircom) i rith an lae agus ó thaobh glaonna chuig an Astráil táimid timpeall 65% níos saoire ag amanna áirithe. Braitheann sé ar an am agus ar an bhfaid.”

Admhaíonn an Niallach go bhfuil comhlachtaí eile ann atá beagáinín níos saoire ná Rua ach deir sé go bhfuil sé i gceist ag an gcomhlacht Gaelach a bpraghsanna a choinneáil íseal go fadtéarmach. Agus leagann sé an-bhéim ar chaighdeán na seirbhíse. “An rud a bheidh i gceist leis an gcúig euro sa mhí de dhifríocht, b’fhéidir, idir muidne agus dream eile ná luach sa tseirbhís - seirbhís mhaith chustaiméara le cabharú leo a gcuid fadhbanna a réiteach, guth cairdiúil ar an taobh eile den ghuthán agus guth i nGaeilge a chuirfidh ar a suaimhneas iad.”

Luann sé an chaint ar fad faoi chomhlachtaí eiticiúla, go bhfuil an pobal ag éileamh anois go mbeidh rud éigin maith á dhéanamh lena gcuid airgid. Steallann an chaint uaidh ag an bpointe seo agus an chuma ar an scéal gur rud é seo atá gar dá chroí. “Tá an rud céanna i gceist anseo. Tá tú in ann maitheas a dhéanamh don teanga trí chabhrú le pobal Gaeilge a chruthú agus íomhá a chruthú go bhfuil cumhacht cheannaigh ag an bpobal seo, agus trí sheasamh le chéile go mbeidh deis breis seirbhísí a fháil trí mhargadh ceart a bhunú. Fíorphobal Gaeilge a bhunú sa tír seo atá ábalta feidhmiú trí Ghaeilge mar go bhfuil na seirbhísí ar fáil dóibh.”

Braitheann Ruairí dóchasach faoi thodhchaí Rua Telecom. “Le thart ar dheich mbliana anuas tá cineál tonn úr fiontraíochta ag teacht chun cinn i gcás na Gaeilge,” a deir sé. Tagraíonn sé do na meáin chumarsáide trí Ghaeilge a bhfuil ag éirí go maith leo. “Braithimid gurb é seo an chéad chéim loighciúil eile... Go bhféachfaidh comhlachtaí eile air agus go ndéarfaidh siad, ‘Is fiú díriú ar phobal na Gaeilge. Féach ar shampla Rua Telecom. Tá siad i ndiaidh comhlacht rathúil a dhéanamh as agus tá an pobal sásta mar tá siad ag fáil seirbhís níos saoire ach seirbhís trí Ghaeilge.’”

Chun dul i dteagmháil le Rua Telecom, glaoigh ar 0818 300 782 nó scríobh chuig ruatelecom@mail.com

Is as Baile Átha Cliath í Bernardine Nic Giolla Phádraig. Is múinteoir agus léiritheoir teilifíse í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.