An chianóg a thabharfas tú uait ar earra ínteacht i siopa na comharsan, fanfaidh cuid de in aice láimhe. Ní rachaidh sé rófhada ar shiúl. Dá ghairide déantúsóir an earra do do cheantar féin, is ea is túisce a phillfeas do chuid féin ort am ínteacht eile.
Ceannaím bananaí mar is bia follán é an banana. Má ghearraim siar ar mo chuid bananaí agus na pingneacha sin a chaitheamh ar shubh a rinneadh san áit, ciallóidh sé go bhfanfaidh roinnt de mo chuid airgid níos gaire dom, ag cuidiú le daoine sa chomharsain. An té a cheannófas toirtín úill as an chomharsain in ionad brioscaí a rinneadh i bhfad uaidh, déanfaidh sé leas daoine níos gaire dó, á gcoinneáil i mbun táirgíochta, gan trácht ar an mhilleadh aeir is talaimh lena iompar anall as tír amuigh san imigéin.
Ní thuigeann roinnt táirgeoirí an dílseacht sin. Ó thosaigh an comhlacht Fiacla, lánúin go bunúsach, ag táirgeadh taos fiacaile i ngaráiste beag le taobh an tí, thosaigh mé dhá cheannach. Is iomaí oíche a sciúr mé mo dhrad le huisce nuair nach raibh ‘Fiacla’ le fáil i siopa ar na gaobhair, óir ní cheannóinn aon chineál taos fiacaile eile. Ní fios mar sin an t-airgead a thug mé don chomhlacht chéanna le fiche bliain anuas! Tá mé gan taos fiacaile le tamall fada anois ach níor thuig mé go dtí le deireanas cad é mar a tharla sin. Is cosúil gur ceannaíodh an comhlacht agus níl fáil ar an táirge (Gaeilge) a thuilleadh. Tá a fhios agam chomh maith le sin, nach gá taos fiacaile le do dhrad a ghlanadh agus bheartaigh mé fanacht mar atá mé, gan taos fiacaile (an Bhéarla), ar son na cúise! Teannfaidh mise an bhróg ar na diabhail a fuair réidh leis an lipéad Gaeilge! Más údar grinn domh é, is máthair mhachnaimh domh é fosta. Cé hiad a fuair réidh leis an lipéad Gaeilge agus a shlog isteach faoi ainm eile?
Cidona Dhún na nGall
Dream eile nach dtuigeann dílseacht an tomhaltóra, muintir Uí Mhaoil Riain, nó Mulrines Mineral Waters. Is iomaí oíche samhraidh a d’ordaigh mé toigh an leanna, “buidéal de Cidona Dhún na nGall, más é do thoil é”. Thuig roinnt den lucht freastail mé. An scata nár thuig, mhínigh mé gur Mulrines a bhí uaim. Is cosúil arís, gan mé a chur ar an eolas, d’éist siad le dream pleidhcí as earnáil na margaíochta nach bhfuil idir an dá chluais acu ach Béarla, agus bhaist siad ‘Bramble Hill’ ar a dtáirge.
Bhíodh ‘Mulrines’ le feiceáil go soiléir ar an bhuidéal acu ar feadh na mblianta roimhe sin. Chaill siad breis is bliain de mo chuidse airgid ar mhodh ar bith mar nár inis siad a dhath faoi domhsa! Déarfainn go raibh daoine eile go leor chomh haineolach liom féin faoi athrú ainm. Le deireanas a tháinig mé ar an eolas mé féin i ndiaidh a bheith ag siúl, le dhá bhliain anuas measaim, thar an ‘Bramble Hill’ i ngach siopa dar chuardaigh mé é.
An dream a chuireann amach táirgí, caithfidh siad a thuiscint go bhfuil an ghaelscolaíocht bunaithe in achan chontae agus d’achan dalta tá bordáil ar thriúr aintíní agus a leathbhreac uncal, tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha, cairde agus gaolta eile. Bíonn daoine eile ag faire ar TG4 i ngan fhios dá chéile, bíodh siad ag brath ar fhotheidil nó ná bíodh. Tá sé thar am againn a bheith meabhrach nuair a bhéarfaidh sinn aghaidh ar an siopa. Ar do bhealach chuig cairde nó chuig gaolta ar cuairt, seasfaidh tú i siopa nó ag stáisiún breosla le greim a thabhairt leat chucu. Má fheiceann tú aon táirge faoi lipéad Gaeilge, déan an rud siosmaideach. Ceannaigh é agus fág na scórtha táirgí eile ina luí ar an tseilf i do dhiaidh. Tithe de mhuintir Uí Bhaoill ar m’aithne, bíodh nach bhfuil aon mhaíomh ghaoil acu le Tír Chonaill, crochaim liom ceann ínteacht de tháirgí Bhácús Uí Bhaoill isteach chucu ar mo chamchuairt. Snaidhmeann sé leis an teanga iad agus ar ndóigh, is fearr a bheith ag brú toirtín ar dhaoine ná a bheith ‘ag brú Gaeilge’ orthu.