CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Róisín Nic Dhonncha: Cailín ceolmhar as Carna!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá Róisín Nic Dhonncha ag teagasc sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi láthair. Ceoltóir ar an bhfeadóg stáin agus ar an bhfeadóg mhór í agus spéis aici san amhránaíocht freisin - ní nach ionadh ós rud é gur amhránaithe iad a huncail, Josey Sheáin Jeaic, agus a hathair, Johnny Sheáin Jeaic. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le déanaí.

Antaine Ó Faracháin: Cén chaoi a bhfuil bean as Carna anseo i mBaile Átha Cliath? Cén chaoi ar tharla sin i dtosach?

Róisín Nic Dhonncha: Tháinig mé go Baile Átha ar dtús nuair a thosaigh mé ag obair le Roinn na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile. Bhí mé i mo chónaí i nGaillimh le roinnt blianta roimhe sin agus dúirt mé liom féin gur mhaith liom blaiseadh beag a fháil d’áit éicint eile. Ní dochar ar bith é do chuile Éireannach “printíseacht” a dhéanamh san ardchathair!

AÓF: Agus an dtaitníonn Baile Átha Cliath leat? An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin?

RNicD: Réitíonn faoi láthair ar aon nós cé nach bhfuil sé chomh héasca céanna aithne a chur ar dhaoine ann is atá sé amuigh faoin tuath. Tá neart le déanamh ann – an iomarca uaireanta. Dream faoi leith iad muintir Bhaile Átha Cliath atá níos cairdiúla agus níos cineálta ná mar a thugtar de chreidiúint dóibh, ceapaim.

AÓF: Nach mór an difríocht idir Baile Átha Cliath agus Carna?

RNicD: Níl amhras ar bith faoi sin. Tá sé beagnach cosúil le bheith i dtír eile uaireanta, go mór mór nuair nach gcloiseann tú Gaeilge go laethúil agus freisin toisc go bhfuil an oiread teangacha eile á labhairt i mBaile Átha Cliath anois. Tá eolas ag roinnt mhaith daoine as an tuath ar Bhaile Átha Cliath nó ar shaol na cathrach toisc go bhfuil orthu dul ag obair ann ach tá mé in amhras faoin méid eolais atá ag muintir Bhaile Átha Cliath ar shaol na tuaithe in Éirinn.

AÓF: Céard iad na rudaí is mó a mhothaíonn tú uait anseo?

RNicD: Déanaim iontas den deifir mhór a bhíonn ar dhaoine anseo i gcónaí agus a laghad foighne a bhíonn acu. Is dóigh go n-airím uaim an stíl mhaireachtála níos réchúisí atá ag daoine sa mbaile. Airím uaim an fharraige freisin ar ndóigh agus cé nach bhfuil mé i bhfad ón gcósta anseo níl an suaimhneas céanna ag baint leis.

AÓF: Céard faoin gceol? An mbíonn tú ag seinm mórán anseo sa gcathair?

RNicD: Aisteach go leor níor chas mé mórán ceoil anseo fós. Tuigim go mbíonn neart seisiún ar bun sna tithe tábhairne agus cinnte ní fhágfaidh mé Baile Átha Cliath gan cúpla port a chasadh agus b’fhéidir fiú cúpla ceann nua a fhoghlaim freisin.

AÓF: Inis dom faoin gcaoi ar thosaigh tú féin ar an gceol. Cé uaidh a d’fhoghlaim tú an fheadóg, mar shampla?

RNicD: Thosaigh mé nuair a bhí mé sa mbunscoil. Bhíodh múinteoir ceoil darbh ainm Máirín Uí Dhubhda agus, níos déanaí, Nóirín Uí Shúilleabháin ag múineadh ceoil sna scoileanna áitiúla go rialta. Bhídís ag múineadh go leor uirlisí agus ag eagrú ranganna taobh amuigh d’uaireanta scoile chun go mbeadh muid in ann cur isteach ar na comórtais ag feiseanna agus fleánna ceoil. Tar éis cúpla bliain thosaigh mé ag freastal ar scoileanna samhraidh mar Scoil Samhraidh Willie Clancy agus Scoil Cheoil Joe Mooney. Deis iontach iad na scoileanna agus na féilte sin do dhaoine óga atá ag foghlaim ceoil.

AÓF: Cé hiad is maith leat ar an bhfeadóg stáin agus ar an bhfeadóg mhór?

RNicD: Tá cúpla duine ann – Mary Bergin, mar shampla, ar an bhfeadóg stáin. Taitníonn stíl cheoil oirthear na Gaillimhe go mór liom freisin agus dá bhrí sin tá an-tóir agam ar cheol Paddy Carty, a fuair bás i 1985. Mar mhalairt air sin, b’fhéidir, is breá na dlúthdhioscaí atá eisithe ag daoine mar Chormac Breathnach nó Michael McGoldrick, fear a tógadh i Sasana - bíonn blas nua-aimseartha ar a chuid ceoil agus bíonn meascán neamhghnách uirlisí ag tabhairt tionlacain dó freisin.

AÓF: Deir go leor daoine go bhfuil sé deacair dul ón bhfeadóg stáin go dtí an fheadóg mhór, go bhfuil sé deacair an teicníc a athrú ó cheann go ceann. An bhfuil sin fíor?

RNicD: Cé go bhfuil cosúlachtaí eatarthu, is dhá uirlis faoi leith iad. Tá obair na méar beagnach díreach mar a chéile ach is í an difríocht is mó ná an ton agus an t-análú. Tá scil faoi leith ag baint le ton soiléir a bhaint as an bhfeadóg mhór agus í a líonadh i gceart. Tá sí níos troime ar na scamhóga freisin, mar sin ní féidir aistriú ón bhfeadóg stáin go dtí an fheadóg mhór d’aon gheábh amháin – tá cleachtadh agus foighid ag teastáil.

AÓF: An seinneann Deaide aon uirlis cheoil?

RNicD: Ní sheinneann faoi láthair ar aon nós – b’fhéidir nach bhfuil sé ródheireanach fós …

AÓF: Agus an gcasann tusa aon amhrán?

RNicD: Ní chasaim faraor ach is binn béal ina thost freisin uaireanta! Níl aon ghanntanas d’amhránaithe breátha thart a bhféadfaidh duine a bheith ag éisteacht leo.

AÓF: D’inis éinín dom go mbíodh cúpla amhrán agat i gcomhair na gcomórtas.

RNicD: Cé aige nach mbíodh! Bhíodh an-rath ar an bhFeis Cheoil i gCarna nuair a bhí mé ag fás suas agus, i ndáiríre, cuireadh iachall ar ghasúir ag an am dul ar an ardán agus triail a bhaint as chuile chomórtas. Ní raibh aon dochar ann ar aon nós agus, cé go mbínn ar crith agus mé ag gabháil fhoinn asam féin, bhain mé an-sásamh as a bheith ag casadh le cór na scoile agus i ngrúpaí.

AÓF: Céard a thaitníonn leat san amhránaíocht?

RNicD: Is breá an rud amhránaithe nádúrtha nach gcuireann an iomarca stró orthu féin agus iad ag gabháil fhoinn. Cuidíonn sé nuair a fhanann amhránaithe i dtiúin freisin ar ndóigh! Is maith liom guth atá láidir agus cumhachtach freisin go hiondúil ach is rud pearsanta é sin, ar ndóigh, agus ní dhéanann an guth leis féin amhránaí maith de dhuine.

AÓF: Céard nach dtaitníonn leat?

RNicD: Ní maith liom an iomarca ornáidíochta – in amhránaíocht na Gaeilge ar aon nós. Is scil ann féin é fios a bheith ag amhránaí cé mhéad ornáidíochta a fheileann don amhrán. Go ginearálta ní thaitníonn vibrato san amhránaíocht ach an oiread liom.

AÓF: Cé hiad na daoine a raibh tionchar acu ortsa mar cheoltóir nó mar amhránaí?

RNicD: Bhí tionchar ag Mary Bergin orm cinnte mar gur fhreastail mé ar ranganna léi nuair a bhí mé cúpla bliain ag casadh na feadóige. Mhúin sise neart dhom ó thaobh cúrsaí stíle agus d’fhan go leor dó agam. Mar a dúirt mé, thaitnigh stíl cheoil oirthear na Gaillimhe agus stíl Chontae an Chláir freisin liom. Is maith liom a bheith ag éisteacht le daoine mar Catherine McEvoy agus Marcus Ó Murchú ar an bhfeadóg mhór. Tá stíl bhinn réidh acu agus taispeánann siad nach bhfuil call an ceol a chasadh róthréan le go mbeidh sé beoga agus meidhreach.

AÓF: An mbíonn daoine ag súil go mbeadh amhráin agatsa toisc amhráin a bheith ag do dheaide agus ag d’uncail agus ag do dhaideo?

RNicD: Bíonn. Bheadh an brú sin níos measa mura mbeadh amhráin ná fiú ceol agam ach go hiondúil bíonn daoine sásta go bhfuil tú in ann rud éicint a dhéanamh agus nach bhfuil tú go hiomlán gan mhaith!

AÓF: An bhfuil aon steip dhamhsa agat?

RNicD: Arís ar ais bhínn ag damhsa ag na feiseanna nuair a bhí mé níos óige - mar a bhí go leor eile ar comhaois liom ag an am freisin. Is dóigh nach bhfuair mé an oiread sin de dheis a bheith ag damhsa mar go mbínn ag casadh an cheoil le haghaidh na ndamhsóirí an chuid is mó den am agus, faraor, ní féidir bheith ag damhsa agus ag casadh feadóige ag an am céanna!

AÓF: Dá mbeadh an seans agat a bheith in ann aon uirlis cheoil eile a sheinm cén uirlis a phiocfá?

RNicD: An veidhlín cinnte. Sin í an uirlis cheoil is fearr liom ach tá sé an-deacair a bheith ag éisteacht leat féin agus tú ag foghlaim agus déarfainn gurb é sin an fáth is mó nár choinnigh mé leis agus mé á fhoghlaim ag an scoil. Tá réimse níos leithne nótaí le fáil ar an veidhlín freisin le hais na feadóige, rud a d’fhágfadh go mbeadh duine in ann port ar bith faoin spéir a chasadh uirthi.

AÓF: Céard iad na pleananna atá agat anois? An bhfanfaidh tú i mBaile Átha Cliath nó an mbogfaidh tú siar abhaile arís am éigin?

RNicD: Athróidh mé siar am éicint cinnte ach, go gearrthéarmach ar aon nós, is i mBaile Átha Cliath a bheas mé. Tá neart eile le feiceáil anseo fós agam!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.