THALL IS ABHUS
Rogha Chinniúnach san Ísiltír
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

Fear gaoismhear amháin, Job Cohen, a choinnigh guaim agus staidéar i muintir na hÍsiltíre sé bliana ó shin nuair a bhí an tír ar tí pléascadh. Beidh sé ag seasamh sa toghchán an mhí seo. Tá an scéal ag Alex Hijmans.

Íomhá
Geert Wilders
le The Hurrican007 ar Vicipéid
Íomhá
Méara Amsterdam, Job Cohen
le Jas van Zetten ar Vicipéid
Íomhá
Ceannaire an CDA Jan Peter Balkenende
le Jacques ar Picasaweb

Bhí tráth ann nuair a bhí cáil ar an Ollainn mar thír ina raibh an chaoinfhulaingt i réim; tír inar chónaigh daoine de gach uile dhath agus de gach uile chreideamh taobh le taobh a chéile gan achrann arbh fhiú trácht air eatarthu. Nuair a tháinig fadhbanna inimirce chun cinn i dtíortha eile san Eoraip, bhreathnaigh siad ar an Ísiltír, an tírín beag ceannródaíoch úd a raibh rúin na sochaí ilchultúrtha oibrithe amach aici. Ach tá an ré sin thart le fada an lá agus tá sé chomh a rá go mb’fhéidir nach raibh ann riamh ach bréag. Nuair a dúirt mé gur chónaigh daoine de gach uile dhath agus de gach uile chreideamh taobh le taobh a chéile, ní ag insint bréige a bhí mé, ach ag insint leagain thar a bheith liteartha agus searbh den fhírinne.

Taobh le taobh a chónaigh muintir na hOllainne agus daoine de bhunadh inimirceach – gach dream ina bhosca beag féin agus a laghad cumarsáide eatarthu agus ab’fhéidir, díreach mar a chónaigh Caitlicigh, Protastúnaigh agus sóisialaigh san Ísiltír ina mboscaí beaga féin roimh an Dara Cogadh Domhanda. ‘Do shaol a chaitheamh agus ligint do dhaoine eile a saol siúd a chaitheamh’ ab ea an mana. Chreid go leor Ollannach – mise agus mo mhuintir ina measc – sa chaoinfhulaingt seo ar fad, ach ag breathnú siar ar laethanta órga ilchultúrtha na seachtóidí, na n-ochtóidí agus na nóchaidí, bheadh ‘do shaol a chaitheamh agus neamhaird iomlán a thabhairt ar shaol daoine eile’ níos gaire don fhírinne.

Fiú sna laethanta sin, áfach, bhí daoine ann, Ollannaigh, nár chreid sa tsochaí ilchultúrtha. Bhí mo mhúinteoir tiomána ina measc. “Is fuath liom iad go léir!” a bhéiceadh sé uair ar bith dá bhfaca sé bean le caifirín ar a ceann. Ag an am, bhí sé greannmhar. Ba ghealt agus ba chancrán a bhí sa mhúinteoir tiomána nárbh fhiú aird dháiríre a thabhairt ar a chuid tuairimí áiféise toisc nach raibh siad ag aon duine eile.

Cúig bliana déag ina dhiaidh sin anois, tá go leor athraithe. Tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an bua ag páirtí de chuid na heite fíordheise in olltoghchán an 9 Meitheamh agus go mbeidh fear atá cosúil le m’iar-mhúinteoir tiomána ina Phríomh-Aire ar an Ísiltír.

An Páirtí voor de Vrijheid

Partij voor de Vrijheid – Páirtí ar son na Saoirse – atá ar an bpáirtí seo, an PVV, agus Geert Wilders an t-ainm atá ar an té atá i gceannas air agus a d’fhéadfadh a bheith i gceannas ar chomhrialtas san Ísiltír faoi cheann mí nó dhó. Ar feadh na mblianta, chuir Wilders muintir na hÍsiltíre ag gáire lena ghruaig leathfhada, daite fionn le sárocsaíd agus lena chuid gearrscannán aimaitéarach frith-Ioslamach.

Cheap Ísiltírigh nár aontaigh leis go n-imeodh sé as a stuaim féin, go gcaillfeadh na daoine a d’aontaigh leis spéis ann nó go dtuigfidís gur amadán críochnaithe a bhí ann. Ach níor imigh Geert Wilders agus mhéadaigh a lucht tacaíochta faoi thrí.

Ar ndóigh, ní as an aer a thagann an spéis atá ag gar do thrian de mhuintir na hÍsiltíre i bpáirtí de chuid na heite fíordheise, cé go bhféadfaí a rá gur tháinig an oscailt súl a chuir deireadh le finscéal na sochaí ilchultúrtha as an spéir. Maidin gheal amháin i Mí Mheán Fómhair, scrios dhá eitleán na Twin Towers thall i Nua-Eabhrac. An tráthnóna céanna, chonaic muintir na hÍsiltíre ógánaigh Mhuslamacha, stócaigh óga de shliocht Mharacó a bhformhór, ag damhsa agus ag ceiliúradh ar shráideanna na hOllainne. Ba léir go raibh rud éigin thar a bheith mícheart. Fuair muintir na hOllainne amach, sa bhliain 2001, go raibh pobal ina measc nár thuig siad agus nár thuig iadsan – sochaí laistigh den tsochaí.

Tá gar don mhilliún Muslamach ina gcónaí san Ísiltír, sciar suntasach den daonra iomlán de 16.5 mhilliún duine. Daoine iad a tháinig (nó ar tháinig a dtuismitheoirí nó a seantuismitheoirí, fiú amháin) chun na tíre ag lorg oibre agus a d’fhan. Thiar sna caogaidí, thosaigh fáinne fí de ‘ligint do dhaoine a saol féin a chaitheamh’ a raibh fadhbanna móra teanga agus oideachais, agus dá bharr sin deiseanna oibre agus stádais, mar thoradh air.

Sliocht Thír na bhFear Gorm

Mothaíonn dreamanna áirithe inimirceach gur fo-aicme san Ollainn iad. De na daoine seo, is iad fir óga de shliocht Mharacó an dream is mó a mhothaíonn go bhfuil siad ‘faoi chois’ ag ‘lucht ite cáise’. Ba é dúnmharú an scannánaí agus an chriticeora Theo van Gogh ag fear óg Maracach sa bhliain 2004 íosphointe tubaisteach an aighnis go dtí seo, ach inniu féin, ní féidir leat nuachtán a oscailt gan tuairiscí a léamh faoin teannas idir Mhuslamaigh agus an chuid eile den tsochaí.

Bíonn dhá thaobh ar gach uile scéal. Ní féidir a shéanadh go ndearna formhór mór na ngnáth-Ollannach neamhshuim d’inimircigh ar feadh blianta; ní féidir a shéanadh ach an oiread go bhfuil daoine de bhunadh inimirceach sa tír sa lá inniu atá ag iarraidh aird a tharraingt ar bhealaí nach bhfuil le moladh, ná baol air, ach a ghlanmhalairt.

Ba bheag nach ndeachaigh an lasair sa bharrach nuair a dúnmharaíodh Theo van Gogh. Ba é Méara Amsterdam ag an am é, Job Cohen, an fear a chinntigh nár phléasc an tír. Oíche an dúnmharaithe, d’iarr sé ar an bpobal – Ollannaigh, Muslamaigh, gach uile dhuine – teacht go dtí an Dam, cearnóg lárnach na cathrach. D’iarr sé orthu corcáin is friochtáin agus uirlisí cistine eile a thabhairt leo, béiceach agus oiread torainn a dhéanamh agus a bhféadfaidís d’fhonn scaoileadh lena racht ar an gcaoi sin. D’oibrigh an tseift. Rinneadh dochar do Mhosc nó dhó i bhfad ón gcathair, ach níor tháinig an tonn foréigin a raibh eagla ar gach uile dhuine roimpi.Tarlaíonn sé gurb é an fear céanna, Job Cohen, ar dhuine den bheirt iarrthóirí a mbeadh sé de chumas acu an bua a fháil ar Geert Wilders in olltoghchán an Mheithimh. Is é an fear a bhí ina Phríomh-Aire ar an Ísiltír le dornán de bhlianta anuas, Jan Peter Balkenende, an duine eile. Níl Balkenende ag déanamh go rómhaith sna pobalbhreitheanna, ach – agus an t-alt seo á chur i dtoll a chéile – tá Job Cohen, atá ina iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre, chun tosaigh ar an mbeirt eile.

Tá rogha cinniúnach le déanamh ag muintir na hÍsiltíre ar an 9 Meitheamh: aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna i sochaí na tíre faoi cheannas dhuine a chreideann san ilchultúrachas ach a thuigeann na deacrachtaí a bhaineann leis, nó aghaidh a thabhairt ar thodhchaí a bhreathnaíonn thar a bheith duairc.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.