CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Rogha an fhidléara
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá albam nua dar teideal The Fiddler’s Choice eisithe ag an bhfidléir Eileen O’Brien mar chuid de Mháistreacht sa cheol traidisiúnta a rinne sí in Ollscoil Luimnigh. Tá an brabús ón albam seo á bhronnadh ar Ghrúpa Gníomhaíochta Ospidéal an Aonaigh. Labhair Antaine Ó Faracháin le hEileen faoin albam nua seo agus faoin gcúrsa san ollscoil.

Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Eileen, tá ceirníní eile déanta agat roimhe seo, cúpla ceann, ach tá cúis eile leis an gceann seo. Conas a thug tú faoin albam seo a dhéanamh?

Eileen O’Brien: Tá mé tar éis bliain a chaitheamh ag staidéar agus ag déanamh taighde in Ollscoil Luimnigh agus ba chuid den chúrsa sin é tabhairt faoi thionscnamh taifeadta mar seo. Ba thoradh é an t-albam seo ar an tionscnamh sin.

AÓF: Inis dom faoin Máistreacht sa cheol traidisiúnta a rinne tú. Ceard go díreach a bhí i gceist léi?

EO’B: Bhí dhá phríomh-thionscnamh mar eilimintí den chúrsa. Bhí anailís ar stíl i gcomhthéacs mar chuid amháin de agus rinneadh í sin sa chéad seimeastar agus ansin bhí an tionscnamh taifeadta le déanamh sa dara seimeastar. Chomh maith leis na tionscnaimh seo thug na scoláirí faoi chúrsaí roghnacha éagsúla agus bhí ceardlanna acu le teagascóirí ar an gcéad uirlis a bhí acu. Bhí léachtaí ann freisin faoi ghnéithe éagsúla den chultúr agus den cheol dúchasach chomh maith le léachtaí ar cheol eitneach as cultúir eile. Bhí léachtaí ann ar eitneolaíocht an cheoil, ar bhailitheoirí éagsúla den cheol Gaelach, ar an amhránaíocht dhúchasach in Éirinn, i Sasana agus in Albain, chomh maith le gnó an cheoil, cóipcheart agus mar sin de. Bhí ar na scoláirí roinnt ceolchoirmeacha a dhéanamh freisin i rith na bliana, rud a cuireadh san áireamh mar scrúduithe.

AÓF: Céard iad na hábhair a ndearna tú staidéar orthu?

EO’B: Rinne mé anailís i gcomhthéacs ar m’athair, Paddy O’Brien. Dhírigh mé mo chuid taighde ar a stíl seinnte agus ar ghnéithe dá shaol, mar a tógadh é, agus ar na tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta a imríodh air agus a raibh mar thoradh orthu gur éirigh leis barr feabhais a bhaint amach sa cheol agus go ndeachaigh sé féin ar aghaidh le bheith ina thionchar mór ar cheol dúchasach na hÉireann.

D’fhoghlaim mé freisin conas an clár ríomhaireachta Sibelius a úsáid agus d’éirigh liom seasca píosa dá chuid cumadóireachta nár foilsíodh roimhe seo a thras-scríobh mar chuid den staidéar taighde seo. Rinne mé anailís ar a stíl chumadóireachta mar chuid den pháipéar taighde seo freisin.

AÓF: An raibh aon rud speisialta ar an gcúrsa staidéir a thaitin go mór leat?

EO’B: An rud a thaitin liom ná an tsaoirse a bhí ag an scoláire treo an taighde agus an staidéir a shocrú mar a d’fheil dó/di féin. Spreag stiúrthóirí an chúrsa muid lenár spéiseanna féin a thabhairt chun solais agus fágadh fúinn féin ansin é iad sin a leanúint. Mothaím gur chabhraigh an cur chuige seo, de smaointeoireacht oscailte agus de spreagadh smaointe, leis na scoláirí tairbhe nach beag a bhaint as an gcúrsa.

AÓF: Le filleadh ar ais ar an dlúthdhiosca nua seo: Inis dom bean faoin rogha ceoil agus amhrán atá air.

EO’B: D’fhág mé rogha an cheoil agus na n-amhrán faoi na ceoltóirí agus faoi na hamhránaithe iad féin. Theastaigh uaim an tsaoirse sin a thabhairt dóibh a rogha féin a dhéanamh. Theastaigh uaim foghlaim freisin agus mo chuid seinnte féin a fhorbairt trí mo stíl féin a chur in oiriúint do stíl na n-aíonna, seachas an lámh in uachtar a bheith agam féin ar an albam agus ar an rogha píosaí a bhí le bheith air. Tá ábhar iontach spéisiúil ar an albam dá bharr sin. Trí mo chuid aíonna a spreagadh lena rogha féin ábhair a sholáthar, tá meascán iontach ceoil ann mar thoradh.

AÓF: Tá cúpla tiúin a chum tú féin air. Inis dom fúthu sin.

EO’B: Chum mé an fonn mall “The Silvermines Mountains” agus an damhsa seite “Keeper Hill” mar chuid den staidéar roghnach cumadóireachta le linn an chúrsa in Ollscoil Luimnigh. Is caoineadh é an fonn mall ar Shliabh an Airgid, áit a ndearnadh mianadóireacht ar feadh na mblianta fada. Tá an ceantar máguaird ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo. Is damhsa gaisce é an damhsa seite “Keeper Hill” mar nach ndearnadh mianadóireacht riamh san áit sin. Tá sí mar a bhí sí ó thús ama anonn. Rinne mé comhoibriú le scoláire BA, Patrick Mc Hugh, chun damhsa nua-chumtha a chur le chéile i stíl na seandamhsaí seite. Tá cuid céimeanna Patrick le cloisteáil ar an albam.

AÓF: An bhfuil sé deacair tiúin a chumadh?

EO’B: Ní chumaim ach nuair a thagann tiúin isteach i mo chloigeann. Braitheann sé ar an bhfonn atá orm! Thóg mé réimse an cheoil san áireamh nuair a chum mé an píosa seo. Tá réimse ó D íseal suas chomh fada le B ard ann. Is é an fáth gur fhan mé taobh istigh den réimse seo ná ionas go bhféadfaí an líne cheoil a sheinm go compordach ar an bhfeadóg mhór nó ar an bpíb uilleann toisc é a bheith laistigh de réimse nótaí na n-uirlisí sin. Tá ceol eaglasta agus ceol de shaghsanna eile cumtha agam thar na blianta.

Agus mé ag cumadh píosaí mar sin thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh. Tá ceol damhsa – ríleanna, poirt agus cornphíopaí – cumtha agam freisin. Ní chumaim ach nuair a mhothaím go bhfuil gá agam é a dhéanamh. Bheadh tiúin ann taobh istigh de mo chloigeann agus dá gceapfainn go raibh aon mhaith ann scríobhfainn síos é. Ansin dá gceapfadh daoine eile go raibh maitheas ann b’fhéidir go bpiocfaidís sin suas é agus go dtosóidís á sheinm. Is ansin go mbíonn a fhios agam nach raibh sé ródhona.

AÓF: Cathain a bhíonn a fhios agat go bhfuil sé críochnaithe nó an mbíonn tú á shíorathrú?

EO’B: Bheinn ag fionnachtain leis ach de ghnáth bheadh an líne cheoil oibrithe amach agam i mo chloigeann sula scríobhfainn síos é. Ní bhíonn an oiread sin fionnachtana i gceist de ghnáth.

AÓF: Cuireann an dlúthdhiosca seo dhá albam eile i gcuimhne dom, an ceann darb ainm Cairde a rinneadh ar mhaithe le hOspidéal Naomh Lúcás agus an t-albam dúbailte Lámh ar Lámh a rinneadh ar mhaithe le hOspidéal an Mater. Tá an brabús ó do cheannsa le bronnadh ar Ghrúpa Gníomhaíochta Ospidéal an Aonaigh. Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Agus cén fáth an oiread sin spéise agat sna hospidéil?

EO’B: Tá spéis agam in Ospidéal an Aonaigh toisc gurb é m’ospidéal áitiúil é agus tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann uair ar bith go raibh orainn dul ann. Táim den tuairim gur riachtanas bunúsach é ionad éigeandála agus ionad dianchúraim a bheith ar fáil inár n-ospidéal áitiúil. Tá Luimneach i bhfad ón Aonach más gá duit cúram éigeandála a fháil. Mhol Tuarascáil Hanly gur cheart gach cúram éigeandála a aistriú go dtí an Lárionad Feabhais in Ospidéal Réigiúnach Luimnigh, áit nach bhfuil in ann déileáil leis an méid othar atá ann cheana féin. Níl aon chiall leis seo, dar liom. Táim ag iarraidh nár ghá d’éinne ón gceantar máguaird a mbeadh cúram éigeandála de dhíth air taisteal 25 mhíle ar an mbóthar agus fanacht i gcathaoir nó ar thralaí chun an cúram sin a fháil.

AÓF: Feicim go bhfuil tú tar éis an amhránaíocht a fhágáil faoi dhaoine eile. Nach amhránaí thú féin? Nár smaoinigh tú féin ar aon amhrán a chasadh ar an albam?

EO’B: Toisc gurb í an fhidil mo phríomhuirlis theastaigh uaim cloí leis sin ar an albam seo. Tá triúr amhránaithe iontacha agam air, Deirdre Scanlan, Mick Scanlan agus Nóra Butler, agus bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh ar an tionlacan dóibh.

AÓF: An bhfuil aon rian áirithe ar an albam gurb ansa leat féin é?

EO’B: Is é an rian is ansa liom féin ná na poirt “Dinny O’Brien’s” agus “Tumble the Tinker” a sheinn mé le m’athair agus Charlie Lennon. Tá trí rian ar an albam ar a bhfuil mé féin agus mo dhaid ag seinm le chéile. Taifeadadh iad seo cúig bliana is fiche ó shin agus cuireadh an tionlacan pianó leo sa stiúideo i mbliana.

AÓF: Don té atá ag iarraidh teacht ar an albam seo, cá bhfuil sé ar fáil?

EO’B: Faoi láthair tá sé ar fáil i Sounds of Music in Aonach Urmhumhan, Siopa Ceoil Custy’s in Inis agus ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Baile na Manach, Contae Átha Cliath. Beidh sé ar fáil ar fud na tíre amach anseo.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.


RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.