Tá saothar an ealaíontóra Robert Ballagh le feiceáil go forleathan le roinnt mhaith blianta anois, ar stampaí, ar airgeadra na tíre seo agus i Riverdance, mar shampla. Labhair Ciara Nic Gabhann leis faoin ealaín, faoin pholaitíocht agus faoin obair atá déanta aige do Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003, a bheas ar siúl an mhí seo.
Cén áit a dtosaíonn tú agus tú ag cur agallaimh ar dhuine chomh hildánach le Robert Ballagh? Is duine é atá aitheanta mar ealaíontóir a bhfuil gaol láidir aige lena thír, lena chultúr agus leis an náisiúnachas.
Luaigh Declan Kiberd an staraí Louis Cullen i réamhrá a scríobh sé i gclár thaispéantas de chuid Ballagh dar teideal “Tír is Teanga”. Thrácht Cullen ar an “easpa traidisiúin atá forleathan in Éirinn” agus mhaígh sé gurb é seo ceann de na cúiseanna go raibh dearcadh “éiginnte, leithscéalach” ag muintir na tíre. Chuir Kiberd an tuairim in iúl go gcuideodh saothar Robert Ballagh leis an “cheangal sin leis an am a chuaigh thart a athshealbhú”.
Thiocfadh leat a rá go bhfuil Robert Ballagh, a shaothar agus go leor de na gníomhaíochtaí breise a bhfuil lámh aige iontu ag troid in éadan na héiginneachta agus an claonadh a bheith leithscéalach a mhothaigh Louis Cullen. Is duine é nach ngabhann leithscéal ach a dhéanann ceiliúradh ar stair na tíre, ar an chultúr agus ar an teanga. Nuair a labhair mé leis an mhí seo caite mhínigh sé cén fáth nach n-aontaíonn sé leis an dearcadh atá ag daoine áirithe gur gníomhaíoch polaitiúil é.
“Bhí baint agam, ar chúiseanna cultúrtha, le gníomhaíochtaí a mheas daoine eile a bheith ina ngníomhaíochtaí polaitiúla, rud nach raibh fíor. Tá sé deacair anois smaoineamh ar an atmaisféar a bhí ann sna hochtóidí agus fiú isteach sna nóchaidí, nuair a bhí cosc ar amhráin a raibh blas ar bith náisiúnach orthu ar RTÉ. An argóint a bhí acu siúd a bhí i mbun an ruda seo a dtabharfainnse cinsireacht air ná nach mbeadh sé ceart dá bhfeicfí go raibh muid ag tabhairt tacaíochta ar bith don fhoréigean paramíliteach. Mheas mé féin go raibh an pheirspicíocht seo an-chúng ar fad. Ceann de na rudaí a spreag chun gnímh mé ná nuair a chuaigh cara liom as Béal Feirste ar aisteoir é go RTÉ chun triail a dhéanamh agus diúltaíodh dó. Nuair a d’fhiafraigh sé cén fáth, dúradh leis go raibh daoine den tuairim go raibh an blas tuaisceartach bagrach.”
Déanann Ballagh tagairt don tréimhse staire i ndiaidh ré Éamon de Valera sa chatalóg a chuaigh lena thaispeántas “Tír is Teanga”, tréimhse inar tréigeadh an bhunchloch ó thaobh slí maireachtála de a bhí leagtha síos ag de Valera. Rinneadh athbhreithniú iomlán ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre, chomh maith le féiníomhá na sochaí.
Labhraíonn Ballagh faoin chogadh a fógraíodh ar na seanluachanna a bhí ceangailte leis an am a chuaigh thart agus faoin dearcadh a tháinig chun cinn nach raibh báúil leis an náisiúnachas, leis an Ghaeilge ná le saol na tuaithe.
Admhaíonn Ballagh go raibh sé ar a shuaimhneas sa “chomhluadar spairneach” seo agus é ina “fhear óg teasaí”, go dtí 1968 nuair a chothaigh na rudaí a bhí ag titim amach sna Sé Chontae scoilt idir é féin agus na “nua-aoisithe”. Mhothaigh sé gur thosaigh na liobrálaigh nua-aoiseacha ag baint úsáid fhairsing as an chinsireach chun daoine a smachtú agus a choimeád ar imeall na sochaí agus, ar an drochuair, gur lean an polasaí lochtach seo ar aghaidh ar feadh blianta fada na coimhlinte.
Is cinnte gur chuidigh na blianta sin le saothar Ballagh a mhúnlú agus go raibh siad mar chroisbhealach ina shaol ó thaobh fealsúnachta agus dearcaidh de.
Postanna éagsúla
Rugadh Robert Ballagh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1943 agus chaith sé tréimhsí mar mhac léinn ailtireachta, mar línitheoir innealtóireachta, mar fhear an phoist agus mar cheoltóir go dtí gur thosaigh sé ag péinteáil i 1967.
Tá go leor coimisiún tábhachtach poiblí faighte aige, ar nós portráidí, múrmhaisiú, póstaer, priontaí, dearadh cúlstáitse, clúdach leabhar, agus leac cuimhneacháin.
Chomh maith leis sin, rinne sé dearadh ar bhreis is 60 stampa do An Post, le cois na puntaí a dhearadh a bhí againn anseo in Éirinn sular tháinig an euro isteach.
Nuair a dúirt mé leis go gcaithfidh sé go bhfuair sé sásamh iontach as a shaothar a bheith ar nótaí na tíre thosaigh sé ag gáire. “Bhí mé i mo sheasamh i scuaine le dul isteach chuig scannán,” a dúirt sé, “agus thug mé faoi deara go raibh an bheirt chailíní a bhí romham ag scrúdú ceann de mo chuid nótaí. Bhí mé an-bhródúil, dar ndóigh, agus bhí mé díreach réidh le rá leo gur mise a rinne an nóta a dhearadh nuair a dúirt duine acu leis an duine eile, ‘Look at that - that’s shite’!”
Tá Ballagh sáite i go leor eagraíochtaí agus tionscadal a bhfuil baint acu le cúrsaí cultúrtha, náisiúnachais agus ealaíne. Bhí sé ina bhall, mar shampla, de choiste a rinne athnuachan ar Theach na bPiarsach ar Sráid an Phiarsaigh. An Institiúid Éireannach a thugtar ar an fhoirgneamh anois agus tugtar cuireadh do ghrúpaí ceisteanna a bhaineann leis an náisiúnachas, leis an chultúr srl. a phlé ansin.
Faoi láthair tá tionscadal ollmhór idir lámha aige, is é sin tá an dearadh iomlán á dhéanamh aige don ardán agus don chúlstáitse a úsáidfear le linn Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 a bheas ar siúl in Éirinn an mhí seo. Rinne sé an bonn a dhearadh chomh maith ar an tóirse mór a bheas á lasadh ag duine de na lúthchleasaithe nuair a thosóidh na cluichí i gceann roinnt seachtainí. In ainneoin go bhfuil seantaithí aige ar dhearadh cúlstáitse (rinne sé an dearadh do Riverdance, mar shampla), d’admhaigh sé go raibh an tionscadal seo ar scála i bhfad níos mó agus dúshlánach go maith.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.