TEANGA AGUS CULTÚR
Riobard Mac Góráin (1928 - 2007)

Cailleadh iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Riobard Mac Góráin, ar an 30 Lúnasa. Seo thíos preaseisiúint a d’eisigh an t-eagras i ndiaidh a bháis.

Íomhá
Íomhá
Riobard Mac Góráin agus Seán Ó Riada le chéile

Cúis mhór bhróin do Gael Linn é bás Riobard Mhic Góráin, fear a thug seirbhís saoil don eagras agus don Ghaeilge. Ba é an tUasal Mac Góráin céad Bhainisteoir Gael Linn agus ba é a stiúir na linnte a chuir maoiniú ar fáil do raon tionscadal nuálach. Rinne sé obair cheannródaíoch maidir le taifeadadh an cheoil thraidisiúnta do lipéad Gael Linn, atá caoga bliain ar an bhfód i mbliana. Ar na hamhránaithe agus ceoltóirí a chothaigh sé bhí Seosamh Ó hÉanaigh, Seán Ó Riada agus an grúpa Clannad. Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin Mise Éire *agus Saoirse?*

Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin:

San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann. Thionscain sé réimse fairsing de thionscnaimh chultúrtha agus oideachasúla a mheall tacaíocht ón mhórphobal. Duine éirimiúil ab ea é a raibh pearsantacht shéimh aige. Bhí bá faoi leith aige le healaíontóirí agus ba mhinic é ag tacú leo. Pearsa shuntasach i saol na Gaeilge ab ea Riobard Mac Góráin agus rinne sé mórán chun comhpháirtíocht a chothú idir eagrais. Maireann lorg a láimhe ní hamháin sa chartlann fuaime agus físe a choimisiúnaigh sé ach, níos tábhachtaí fós, i misean Gael Linn, an t-eagras a chomhbhunaigh sé agus lenar chaith sé a shaol oibre. Solas na bhFlaitheas dá anam caoin.

Ar an ollscoil i gCorcaigh bhí Riobard cairdiúil le Seán Ó Riada agus bhí siad le comhoibriú ar mhórán tionscadal ina dhiaidh sin i réimsí an cheoil, na scannán agus na drámaíochta.

Sna caogaidí, le linn dó bheith ina eagarthóir ar Comhar, chuir sé aithne ar scríbhneoirí, filí agus intleachtóirí, daoine mar Bhreandán Ó Beacháin, Máirtín Ó

Cadhain, Máire Mhac an tSaoi agus Breandán Ó hEithir. Agus é ag obair le Gael Linn, thacaigh sé le cuid mhór ceoltóirí, amhránaithe agus scéalaithe, go mór mór iad siúd ón nGaeltacht. Níos déanaí agus é le Bord na Gaeilge, thionscain sé scéim beathaisnéisí agus ba é a mhol go mbunófaí Áisíneacht Dáiliúcháin Leabhar.

Bhí suim faoi leith aige sa ghaelscolaíocht agus rinne sé abhcóideacht éifeachtach ar a son nuair ba ghá, mar shampla, nuair a dúnadh bunscoileanna i Rann na Feirste agus i nDún Chaoin, nuair a bhí scolaíocht dara leibhéal á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair agus ag muintir Ros Dumhach agus, arís eile, nuair a bhí muintir Bhaile Munna ag iarraidh gaelscoil a bhunú.

Cé gur rugadh é i mBaile Átha Cliath, ba de bhunadh Aontroma agus an Dúin a mhuintir ar an dá thaobh. Agus é ag seasamh le fealsúnacht an Chraoibhín, bhí Riobard ag tnúth leis an lá go mbeadh teanga agus cultúr na hÉireann inghlactha ag muintir uile an oileáin seo.

Ceapadh Riobard Mac Góráin ina Cheannasaí ar Gael Linn i 1992 agus d’éirigh sé as sa bhliain 2001. Sa bhliain 1993, bhronn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais céim dochtúireachta oinigh air.

Bhí rólanna tábhachtacha ag Riobard lena linn, ina measc:

Eagarthóir ar an iris Comhar (1950-57) Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (1970-76) Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA) (1972-82) Cathaoirleach ar An Oireachtas (1972-1977) Comhalta de Bhord na Gaeilge (1975-1988) Ba bhall é den Ghrúpa Stiúrtha sa Rialtas Áitiúil Chuir sé tionscal an cheoil dúchais chun cinn trína chuid páirtíochta san eagras IFPI (International Federation of the Phonographic Industry), mar chomhalta boird IRMA agus mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceoil IBEC.

Is mian le Gael Linn comhbhrón a dhéanamh lena bhean chéile Máirín agus lena chlann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.