Tá leabhar díreach foilsithe a thugann deis do roinnt réiteoirí a gcuid tuairimí a thabhairt mar gheall ar eachtraí conspóideacha a tharla le linn cluichí a raibh siadsan ina bhfeighil. Measann Colm Mac Séalaigh go mbeidh níos mó bá ag daoine leo tar éis an leabhar seo a léamh.
Cén sórt duine a bheadh ag iarraidh a bheith ina réiteoir? Cén duine ciallmhar, stuama a chuirfeadh suas le híde béil, le cáineadh pearsanta agus mímhúinte, agus anailís á dhéanamh ag na mílte duine ar a chuid gníomhartha seachtain i ndiaidh seachtaine.
Ní hamháin sin ach b’fhéidir go ndéanfadh gealt éigin ionsaí fisiceach ort le teann feirge ar nós mar a tharla cúpla bliain ó shin i gcás réiteora áirithe i mBaile Átha Cliath. Briseadh lámh an fhir bhoicht nuair a bhuail imreoir é le camán le linn cluiche sóisear iomána. Dar ndóigh cuireadh pionós trom ar an imreoir céanna ach cé a chuirfeadh an milleán ar an réiteoir sin dá ndéarfadh sé leis féin agus le coiste an chontae “bíodh an deabhal aige seo mar obair” agus éirí as. Ach ní dhearna! Tá sé fós ag réiteoireacht leis ar chluichí iomána agus peile agus é chomh díograiseach céanna is a bhí sé riamh.
Má bhí an rilleán thuas riamh ag déanamh tinnis duit, nó má bhí tú riamh fiosrach faoi fhir na léinte dubha (nó dearga nó buí) tá deis iontach anois agat freagra agus tuiscint níos fearr a fháil ar mar scéal mar tá leabhar nua ar an margadh atá tiomnaithe go hiomlán do réiteoirí an Chumainn Lúthchleas Gael. *Men in Black *le Jim O’Sullivan (Sliabh Bán Publications) an leabhar atá i gceist agam agus sa saothar seo insíonn ocht réiteoir déag cháiliúla, a bhí i bhfeighil 43 Craobh Uile-Éireann eatarthu, a scéal féin. Tá deis chainte agus cháinte (!) tugtha do na réiteoirí sa leabhar agus tugann siad léargas dúinn ar chuid de na cinntí a rinne siad ag amanna éagsúla i gcluichí móra agus ar lean conspóid agus cur agus cúiteamh iad go minic ina dhiaidh sin.
Go fiú an pictiúr ar chlúdach an leabhair seo, insíonn sé a lán faoin gcineál brú a bhíonn ar réiteoirí uaireanta agus an teannas a bhraitheann siad agus iad i mbun cluichí móra a réiteach. Sa phictiúr sin feicimid Tommy Carr, bainisteoir fhoireann Átha Cliath, ag tabhairt amach go fíochmhar don réiteoir, Mick Curley, le linn cluiche leathcheannais peile na hÉireann i 2001. Tá súile na beirte i bhfoisceacht trí horlaí dá chéile agus tá lámh an réiteora ag díriú Tommy Carr i dtreo na taobhlíne. Ag an am céanna tá na mílte duine ag béiceach agus ag faire go bhfeicfidh siad céard a tharlóidh. Is cinnte go bhfuil an réiteoir faoi bhrú agus is dóigh go bhfuil sé ag guí go rachaidh Tommy Carr ar ais go dtí an taobhlíne láithreach.
Tá sé deacair go leor ag réiteoir súil a choinneáil ar thríocha imreoir atá ag déanamh a seacht míle ndícheall bua a fháil agus bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic gan duine éigin eile a bheith ag teacht ar an bpáirc agus a fhoighid a thástáil. Labhraíonn Mick go hoscailte sa leabhar faoin eachtra sin agus faoi eachtraí eile a tharla dhó, díreach mar a dhéanann na réiteoirí eile ar fad.
Conspóidí
Maidir le conspóidí, tá cuid mhaith díobh tugtha chun cuimhne sa leabhar, agus cuimhneoidh go leor daoine mar shampla ar an mbotún cinniúnach a rinne Jimmy Cooney i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann i 1998 idir Contae an Chláir agus Contae Uíbh Fháilí. Shéid Jimmy an fheadóg le deireadh a chur leis an gcluiche cúig nóiméad róluath! Is beag coinne a bhí aige féin, ná ag éinne eile, leis an raic agus leis an imreas a lean an dearmad simplí sin. Ar dtús rinne lucht leanúna Uíbh Fháilí (bhí an Clár chun tosaigh le trí chúilín) agóid láithreach tré dhul amach ar an bpáirc, suí síos i lár na páirce agus cluiche eile a bhí le himirt díreach tar éis an chinn a bhí thart a stopadh.
D’fhulaing Jimmy go mór as ucht an bhotúin sin - cáineadh é go fíochmhar sna meáin, i litreacha agus ar an bhfón agus cuireadh isteach air féin, ar a bhean agus ar a chlann. D’fhulaing foireann an Chláir go mór freisin mar in ionad a n-áit i gcluiche ceannais na hÉireann a bheith buaite acu mar a shíl siad, b’éigean dóibh aghaidh a thabhairt ar Uíbh Fháilí arís an tseachtain dár gcionn. Bhuaigh Uíbh Fháilí orthu san athimirt!
Admhaíonn Jimmy go ndearna sé níos mó ná botún amháin sa chluiche sin. Deir sé go mba cheart dó Michael Duignan as Uíbh Fháilí a dhíbirt den pháirc de bharr calaoise a rinne sé ar imreoir as an gClár ach scríobh sé a ainm ina leabhar ina ionad sin. Ach an rud is mó a ghoilleann air ná an phraiseach a rinne sé i gcúrsaí ama. Tá an-chur síos sa leabhar ar an eachtra ar fad agus ar an rí rá a lean í agus chaithfeadh trua a bheith agat do Jimmy Cooney mar is cinnte gur duine uasal macánta é.
Scéal eile agus conspóid ag baint leis freisin ná cluiche ceannais peile na hÉireann i 1983 nuair a chuir John Gough (nó John Off mar a baisteadh air ina dhiaidh sin!) as Aontroim triúr d’fhoireann Átha Cliath agus duine de mhuintir na Gaillimhe den pháirc. Ní hamháin go ndeir John nach raibh aon dul as aige ach an ceathrar a dhíbirt, admhaíonn sé go raibh an pionós céanna tuillte ag Gaillimheach eile ach nach raibh sé in ann a uimhir a fheiceáil ná é a aithint i measc an tslua imreoirí. Cuireadh pionós ar an imreoir ina dhiaidh sin de bharr fianaise físeáin.
Glacann Séamus Aldridge cuid den fhreagracht as an gcúl is cáiliúla a scóráladh riamh sa pheil Ghaelach, cúl Mikey Sheehy do Chiarraí i gcoinne Átha Cliath i 1978 - is beag nach n-admhaíonn sé nár chóir dhó an cic saor a bhronnadh ar Chiarraí as ar scóráil Mikey Sheehy an cúl clúiteach úd. Aisteach go leor, seans gur mó cáil a bhain Paddy Cullen (cúl báire Átha Cliath) amach ná Mikey Sheehy agus deir Séamus gur ghabh Paddy buíochas leis ó shin as ucht milliúnaí a dhéanamh de ina theach tábhairne de bharr cháil an chúil áirithe sin!
Eachtra neamhghnách
Réiteoir eile a bhí páirteach in eachtra neamhghnách ná Paddy Russell. Insíonn sé faoin gcaoi inar tharla go raibh air Charlie Redmond as Áth Cliath a dhíbirt den pháirc faoi dhó i gcluiche ceannais peile na hÉireann i 1995. Labhraíonn Willie Barrett faoi chluiche ceannais iománaíochta na Mumhan i 1998 agus an “Colin Lynch affair” mar a tugadh air ag an am. Tá a lán scéalta suimiúla eile sa leabhar seo faoi chúrsaí réiteoireachta agus cluichí ar fud na tíre.
Maidir leis na réiteoirí féin, is é an tréith is mó a thagann chun cinn ina measc ná a ndaonnacht agus tá a ndílseacht don jab a thugtar dóibh le déanamh an-suntasach freisin. Is rí-léir go ndéanann siad ar fad a ndícheall ar son na n-imreoirí agus na gcluichí agus déanann siad an-iarracht a bheith cóir agus féaráilte.
Déanann gach duine acu dianmhachnamh ar an tasc tromchúiseach a bhíonn acu agus ullmhaíonn siad iad féin chomh maith agus is féidir leo le dul i mbun cluiche peile nó iomána. Admhaíonn siad go léir na botúin a dhéanann siad ó am go ham. Ag an leibhéal is airde, agus go mór mór i gcás cluichí a chraoltar beo ar an teilifís, airíonn siad brú mór a bheith orthu toisc go bhfeiceann na ceamaraí go leor nach bhfeiceann siad féin.
Tugtar an t-uafás drochíde dóibh uaireanta nuair a dhéanann siad botún ach an té a léifeadh an leabhar seo seans go n-admhódh sé go bhfuil ómós níos fearr tuillte ag réiteoirí na tíre ná mar a fhaigheann siad de ghnáth. B’fhéidir go mbeidh cuid againn níos moille chun iad a cháineadh feasta - cé go samhlaím é sin a bheith deacair uaireanta!
Ag deireadh an lae (mar a deir lucht spóirt go minic), is daoine an-tábhachtacha iad na réiteoirí, ní hamháin ó thaobh an jab a dhéanann siad ar an bpáirc Domhnach i ndiaidh Domhnaigh, ach ó thaobh a gcuid tuairimí agus moltaí i leith na gcluichí, bunaithe ar a dtaithí i lár na coimhlinte, mar a déarfá. B’fhéidir gur chóir don Chumann Lúthchleas Gael níos mó leasa a bhaint as an acmhainn dhaonna seo atá ina measc chun feabhas a chur ar reáchtáil agus ar fhorbairt na gcluichí.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.