AR NA SAOLTA SEO
Riail 42 fós ina cnámh spairne
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na cúiseanna go mbeidh sé deacair ag an gCumann Lúthchleas Gael Riail 42 a chur ar ceal agus cead a thabhairt cluichí sacair agus rugbaí a imirt i bPáirc an Chrócaigh.

Íomhá
Páirc an Chrócaigh
Íomhá
Uachtarán an Chumainn Lúthchleas Gael, Seán Ó Ceallaigh

Agus gan ach thart ar mhí le dul roimh Chomhdháil Bhliantúil an Chumainn Lúthchleas Gael, tá níos mó brú ná riamh ar údaráis an CLG Riail 42 a chur ar ceal agus sacar agus rugbaí a cheadú den chéad uair riamh i bPáirc an Chrócaigh. Ag éisteacht le polaiteoirí, leis na meáin agus fiú le hUachtarán reatha an CLG, Seán Ó Ceallaigh, cheapfá go raibh móramh de bhaill an CLG ag tacú leis an bhfeachtas seo. Ach is é an fhírinne ná go bhfuil go leor míshuaimhnis i measc bhaill an CLG faoin gceist agus tuigtear do *Beo! *nach ndéanfar aon athrú ar Riail 42 ag Comhdháil 2004.

Ar an 27 Eanáir 2004, sé bliana ar aghaidh ón gcéad lá a d’fhógair an rialtas go raibh fúthu staid ollmhór nua a thógáil i mBaile Átha Cliath, tá an Bertie Bowl curtha ar leataobh agus tá cinneadh tógtha Bóthar Landsdún a atógáil ina ionad. Ar an gcoinníoll nach gcuirtear aon mhoill ar éisteachtaí an Bhoird Phleanála, b’fhéidir go dtosófar ar an atógáil in 2006, ach ní chuirfinn airgead air. Cé gur chuir an IRFU agus an FAI beirt fáilte ó chroí roimh chinneadh an rialtais atógáil a dhéanamh ar Bhóthar Landsdún, fágann an cinneadh an dá eagraíocht le fadhb, sin le rá cá n-imreoidh foireann sacair agus rugbaí na hÉireann a gcluichí idirnáisiúnta fad agus atá an atógáil ar siúl.

Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil súile an FAI agus an IRFU, gan trácht ar an rialtas, anois dírithe ar sheoid an CLG, Páirc an Chrócaigh. Muna gceadaíonn an CLG dóibh Páirc an Chrócaigh a úsáid beidh orthu a gcuid cluichí a imirt ó bhaile, lasmuigh den stát. Cruachás ceart é seo don IRFU agus FAI nach nguífeadh aon duine orthu, ach ar deireadh thiar is orthu féin agus an rialtas atá an locht, ní ar CLG. Tar éis an tsaoil, i gcás an FAI, seo an dream céanna a rinne praiseach de Flower Lodge, Glenmalure Park, agus a lig do Pháirc Dalymount titim as a chéile.

Más fíor do phobalmheas de chuid an MRBI a foilsíodh san Irish Times, tá 80% de phobal an stáit seo i bhfábhar Páirc an Chrócaigh a bheith ar fáil do shacar agus rugbaí. Ach léirigh an pobalmheas céanna go raibh 12% de dhaonra an stáit seo i gcoinne a leithéid. Ní fios cé mhéad den 480,000 duine seo nó mar sin atá i gcoinne Pháirc an Chrócaigh a bheith ar fáil ar baill de CLG iad, ach shamhlófá má tá tuairimí láidre diúltacha sa stát ar an gceist gur i measc bhaill na heagraíochta a gheobhfá iad.

Creidtear go bhfuil duine as gach cúigear san oileán seo ina bhall den CLG, sin ballraíocht de thart ar 900,000 duine, thart ar 750,000 acu sa stát seo. Gan dearcadh bhaill an CLG sna Sé Chontae a chur san áireamh, thabharfadh an pobalmheas seo le fios go bhféadfadh tromlach de bhaill an CLG sa stát seo ann féin a bheith i gcoinne sacar agus rugbaí a cheadú i bPáirc an Chrócaigh. Níl aon amhras orm ach gur mó de mhóramh a bheadh ann dá ndéanfaí tuairimí bhaill an CLG na Sé Chontae a chur san áireamh.

Moladh an Aire

Nuair a mhol an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O’Donoghue, go raibh sé in am ag an CLG sacar agus rugbaí a cheadú isteach i bPáirc an Chrócaigh, bhí sé, de réir an phobalmheasa seo ar aon nós, ag caint thar cionn an chuid is mó de dhaonra an stáit seo. Ach níl aon dabht ach go n-ardaíonn an pobalmheas seo an cheist an raibh Uachtarán reatha an CLG Seán Ó Ceallaigh ag caint thar cionn fhormhór bhaill an CLG nuair a mhol seisean an rud céanna. Is ar éigean a bhí an ráiteas déanta aige go raibh ionadaithe ó Bhord Chontae Chorcaí ag éileamh go n-éireodh sé as oifig. Mar a dúirt urlabhraí Corcaíoch amháin, ní hamháin nach nglacfaidís le sacar ná rugbaí i bPáirc an Chrócaigh ach, dá mbeadh a bhealach féin aigesan, ní ligfeadh sé fiú a leithéid isteach sa charrchlós, gan trácht ar an bpáirc imeartha.

Le cúpla seachtain anuas, tá Danny Murphy, Rúnaí Chomhairle Uladh agus John Prenty, Rúnaí Chúige Chonnacht, beirt tar éis a míshuaimhneas a chur in iúl maidir le hoscailt Pháirc an Chrócaigh. Ina thuairisc do choinbhinsiún Chúige Uladh, deir an tUasal Murphy nach léir go bhfuil leas na heagraíochta in aigne ag na daoine a bhainfeadh buntáiste as cealú Riail 42. Níor chóir don CLG smaoineamh fiú ar chabhrú leis an rialtas go dtí go dtugann siad an €38 milliún eile a gheall siad dúinn, a dúirt an tUasal Prenty.

An chúis is minicí a thugann baill an CLG le cur i gcoinne Pháirc an Chrócaigh a chur ar fáil ná nach bhfuil sé ciallmhar go mbeadh an CLG ag cabhrú le heagraíochtaí spóirt eile a bhfuil siad in iomaíocht leo. Anois is arís cloisfidh tú daoine freisin ag rá nach mbeidh in oscailt Pháirc an Chrócaigh ach an tosach agus, laistigh de thamall gearr, go mbeidh áiseanna uile an CLG ar fud na tíre á roinnt le lucht sacair agus rugbaí.

Níl aon dabht freisin ach go bhfuil claonadh sa CLG cur i gcoinne brú de shaghas ar bith. Ach de thoradh, is dócha, dearcadh cúngaigeantach fhormhór na ndaoine sna meáin chumarsáide, is beag ball a chloisfidh tú ag cosaint Riail 42 ar an mbonn go rachadh sé glan i gcoinne fhealsúnacht na heagraíochta dá ligfí d’fhoireann sacair na Poblachta imirt i bPáirc an Chrócaigh.

San aonú haois is fiche, níor chóir d’eagraíocht spóirt aon fhealsúnacht a chur chun cinn seachas fealsúnacht spóirt, an argóint a chuirtear chun tosaigh go minic, amhail is go bhfuil fealsúnacht eagraíochtaí ar nós an FAI agus an IRFU teoranta do chúrsaí spóirt amháin.

Nár dheas é, tráthnóna geimhridh, Páirc an Chrócaigh a bheith feistithe i nglas, foireann rugbaí na hÉireann ina seasamh ar aire agus gach duine acu, cuma ón mBaile Meánach nó ó Thrá Lí é, ag canadh amach go mórtasach focla amhrán náisiúnta na hÉireann. Ansin, an lá dár gcionn, foireann sacair 32 contae na hÉireann ag rith amach ar an bpáirc agus Peter Robinson ina shuí in aice an Taoisigh ag breathnú anuas orthu.

Ba dheas cinnte dá dtarlódh a leithéid, ach faoi láthair níl ansin ach aisling. Ní amhrán náisiúnta na hÉireann, “Amhrán na bhFiann”, a chas foireann rugbaí na hÉireann (is ea, foireann rugbaí na hÉireann) roimh a gluichí i gCorn an Domhain le déanaí san Astráil, ach píosa nua-chumtha dar teideal “Ireland’s Call”. De réir urlabhraí de chuid an IRFU a labhair le Beo!, baineann “Amhrán na bhFiann” leis na 26 contae amháin agus, ós rud é go bhfuil imreoirí as Tuaisceart Éireann ar fhoireann rugbaí na hÉireann, níl sé oiriúnach. Os a choinne sin, chomh fada agus a bhaineann sé leis an FAI, is ionann an náisiún seo agus 26 contae.

Siombalachas

Le blianta beaga anus, níl aon dabht ach go bhfuil cuid mhaith den siombalachas a léirigh an fhealsúnacht as ar eascair an CLG creimthe. Tá Riail 21, a chuir cosc ar fhórsaí na corónach, imithe, mar aon le Riail 28 a chuir cosc ar bhaill an CLG cluichí gallda a imirt. Ach fós féin, agus Alt 2 agus a 3 i mBunreacht na hÉireann leasaithe mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá an CLG ar an bheagán eagras a aithníonn gurb ionann an náisiún Éire agus 32 contae.

Creideann iar-uachtarán an CLG, Seosamh Mac Donncha, gur de bharr gur mhothaigh muintir na hÉireann ciontach as an Ghaeilge a thréigean, is cúis cuid mhór, i ngan fhios dóibh féin, gur thacaíodar chomh mór sin leis an CLG. An bhfuil seans ann go mothaíonn go leor de phobal an oileáin seo ciontach freisin as na Sé Chontae a thréigean agus, i ngan fhios dóibh féin, gur seo a thugann ar leathmhilliún duine, ar a laghad, sa stát seo fealsúnacht an CLG a chosaint agus gan tacú le cealú Riail 42.

Ar deireadh thiar is eagraíocht thar a bheith daonlathach é an CLG agus is faoi na baill a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cé acu a gcuirfear Páirc an Chrócaigh ar fáil do shacar agus rugbaí nó nach gcuirfear. Is léir faoi láthair go bhfuil an dá thuairim san eagraíocht. Níl aon dabht ach go mbeadh go leor dea-phoiblíochta le fáil ag an eagraíocht dá bhfaighidís réidh le Riail 42. Ach níor chóir dearmad a dhéanamh den mhéid seo: in chuile mhóreagraíocht, bíonn gá le creideamh éigin leis an struchtúr a choimeád le chéile. Cé a déarfadh, sa chás seo, nach é an náisiúnachas an stroighin i gcás an Chumainn Lúthchleas Gael?

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.