AR NA SAOLTA SEO
Ré an euro tagtha
Ciarán Mac an Bhaird Ciarán Mac an Bhaird Ciarán Mac an Bhaird

Tá an euro in úsáid ón gcéad lá de mhí Eanáir in dhá thír dhéag de chuid an Aontais Eorpaigh. Measann Ciarán Mac an Bhaird go rachfar i dtaithí ar an airgeadra nua in achar an-ghearr.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Faoi dheireadh caithfidh mé an bosca taisce atá faoin leaba agam a fholmhú. Tar éis blianta fada ag taisteal ar fud na hEorpa, tá an bosca lán le drachmai, guilden, pesetas, escudos agus lire. I gceann cúpla mí, ní bheidh gá leis na hairgeadraí seo a thuilleadh mar, nuair a dhúisíomar ar Lá Coille 2002, an mhaidin tar éis na hoíche roimh sin, bhí ár ndomhan athraithe.

Níor tharla an t-athrú réabhlóideach seo go tobann. Bhíomar ag fanacht leis le fada an lá. I ndiaidh blianta de phleanáil, d’ullmhú, de chothú aontais agus d’fhógraíocht - caitheadh €5 milliún ar fheachtas margaíochta na hÉireann - tógadh isteach bancnótaí agus boinn euro in dhá thír déag Eorpacha. Is féidir linn na bancnótaí agus boinn euro a úsáid in aon limistéar de chuid an airgeadra: an Ostair, an Bheilg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Spáinn. Tógfaidh seacht mbancnóta, ó €5 go €500, agus ocht mbonn áit na bpuntaí agus na mbonn Éireannach inár bpócaí.

Cé go raibh pacaí beaga tosaitheora de bhoinn ar fáil ón 17 Nollaig, níl taithí ag an gcuid is mó de mhuintir na hÉireann ar an airgeadra nua seo. Tá ocht mbonn éagsúla ann maidir le dearadh, dath agus toirt. Tá siad níos lú agus níos éadroime ná na boinn Éireannacha, agus tá cruth ciorclach acu ar fad - slán leis an 50p lena sheacht dtaobh. Dar ndóigh, beidh sé níos deacra na boinn nua a láimhseáil. Cé go bhfuil taobh amháin de na hocht mbonn mar an gcéanna ar fud an 12 thír i limistéar an euro, tá an taobh eile difriúil ó thaobh dearaidh de i ngach tír - cláirseach a dhear Jarlath Hayes atá roghnaithe againne.

Cé gur thosaigh an Banc Ceannais ag déanamh na mbonn euro ag a ionad in Áit an Ghainimh i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 1999, tosaíodh táirgeadh na mbancnótaí i mí an Mheithimh 2000. Is é Robert Kalina ó Banc Ceannais na hOstaire a rinne an t-airgeadra nua a dhearadh, tar éis dó comórtas idirnáisiúnta a bhuachan. Ar thaobh tosaigh na seacht mbancnóta, “seasann na pictiúir d’fhuinneoga agus de gheataí do spiorad na hoscailteachta”. “Ar cúl, tá pictiúir de dhroichid a sheasann do chomhoibriú, ní hamháin laistigh den Eoraip ach leis an gcuid eile den domhan chomh maith” de réir an Bhainc Ceannais.

Cúrsaí slándála

Tá tréithe slándála sofaisticiúla intógtha san airgeadra nua - comhartha uisce, snáithe slándála agus stríoc scragaill - chomh maith le comhshnaidhmeadh suas le 100 dath sna bancnótaí, agus beidh géarghá leo.

Ciallaíonn tabhairt isteach an airgeadra nua ar fud limistéar an euro go bhfuil buntáistí móra do lucht gnó, rialtais agus turasóirí. Beidh deireadh le costais bheartaíochta (suas go 0.5% d’aschur na hEorpa), beidh méadú ar an éifeachtacht agus beidh deireadh le neamhchosaint beartaíochta agus costais fálaithe ina choinne seo i réigiún an euro. Beidh tionchar an bhuntáiste seo le mothú níos mó i gcás comhlachtaí Éireannacha mar gur “mionairgeadra” é an punt.

féidearthachtaí nua ann d’fhalsaitheoirí freisin, faraor. Goideadh suas le €1 milliún i 2001, agus tá baol ann go dtiocfaidh bréagnótaí i gciorclaíocht. Go deimhin, tá baol ann go n-úsáidfear an euro mar an t-airgeadra nua coiriúil go hidirnáisiúnta, in áit an dollair Mheiriceánaigh. Is é $100 an t-ainmniú is mó den dollar, ach toisc go bhfuil nóta €500 le fáil anois, tá sé níos éasca méideanna móra airgid a iompar in euro.

Cúis ceiliúrtha dúinn uilig go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuilimid níos saibhre tar éis athrú go hairgeadra nua. Toisc go bhfuaireamar €1.27 d’ár bpunt, cruthaíodh roinnt milliúnaithe ar an gcéad lá de mhí Eanáir. Dealraíonn sé go bhfuil earraí agus seirbhísí níos daoire freisin, ámh. Táimid ag íoc €3.30 ar an bpionta anois, a chosain £2.60 anuraidh. Dar ndóigh, caithfimid a bheith ag faire amach d’iarrachtaí praghsanna a mhéadú faoi scáth tabhairt isteach an airgeadra nua.

Tar éis 9 Feabhra, bancnótaí agus boinn euro amháin a bheas inghlactha in Éirinn. Bhí roinnt mhaith imní faoi theacht isteach an euro, agus bhí daoine buartha faoi na hathruithe san airgeadra. Rachaimid i dtaithí ar an euro gan mhoill. I gceann cúpla seachtain, cuirfear an cheist “Céard faoi a raibh an fústar ar fad?”

Tá Ciarán Mac an Bhaird ag obair le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé freagrach as na modúil Matamaitice agus Airgeadais.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.