CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Raidió na Gaeltachta - éacht déanta ar bheagán airgid

Tá sé in am brú a chur ar RTÉ maoiniú ceart a dhéanamh ar Raidió na Gaeltachta.

Íomhá
An Ródaí

Ceann de na hinstitiúidí is mó a chuir le stádas na Gaeilge le tríocha bliain anuas ná Raidió na Gaeltachta. Agus muid ag comóradh 75 bliain bhunú RTÉ, nó 2RN mar a tugadh air i 1926, léiríonn an dóigh ar thóg sé 46 bliain eile stáisiún iomlán Gaeilge a chur ar fáil easpa stádais na Gaeilge in Éirinn go soiléir. Má ba mhall, ba mhithid agus, gan aon amhras, faigheann pobal na tíre luach a gcuid airgid ó RnaG.

Tá ioncam bliantúil ag RTÉ de níos mó ná £200m agus tagann an tríú cuid de seo ó tháillí ceadúnais. De réir mar a thuigimid, níl ach buiséad reatha bliantúil de £3.8m ar fáil do sheirbhísí Raidió na Gaeltachta agus tá sé deacair a thuiscint conas mar éiríonn leis an stáisiún seirbhís chomh cuimsitheach a chur ar fáil ar an tsuim sin.

Má chuirtear san áireamh go bhfuil stiúideonna i mBaile na nGall, i gCasla, sna Doirí Beaga agus i mBaile Átha Cliath, Ródaí ar fáil do phobail na tíre, cláracha beo ar an idirlíon, agus foireann phroifisiúnta fostaithe ag an tseirbhís, is deacra fós a thuiscint conas mar a dhéantar é.

Tá an staisiún ag craoladh seacht lá na seachtaine, ó mhaidin go hoíche, agus bíonn na cláracha beo den chuid is mó. Cothaíonn sé nasc idir pobail Ghaeltachta na tíre agus cuireann seirbhís ar fáil chomh maith do lucht na Gaeilge sa chuid eile den tír agus ar fud an domhain. Tá an-iomaíocht ag teacht ó na stáisiúin tráchtála, leithéidí Highland Radio, Clare FM agus Kerry Radio, agus iad ag creimeadh a lucht éisteachta, sa Ghaeltacht go háirithe. Is minic a chloistear na stáisiúin Bhéarla ag craoladh go hard i siopaí agus i mbialanna na Gaeltachta, gan aird á tabhairt ag an lucht bainistíochta ar cheol agus ar chaint RnaG.

Tá sé in am do lucht na Gaeilge agus bainistíocht an stáisiúin féin tabhairt faoi fheachtas le tuilleadh tacaíochta a mhealladh don stáisiún. Ní bheadh sé iomarcach dá mbeadh breis agus £2m eile curtha ar fáil ó chiste RTÉ do RnaG chun go mbeadh sé ar a gcumas breis craoltóireachta a dhéanamh ó Ghaeltachtaí imeallacha agus ó phobail mhóra ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

B’fhiú go mór do Chomhairle RnaG féachaint ar cheist fógraíochta tráchtála don stáisiún chomh maith. Ó thaobh margaidh de, tá pobal suntasach, dílis ag an stáisiún, daoine a cheannaíonn gluaisteáin, earraí tí, bia agus agus deoch agus a théann ar saoire. Cén fáth nach mbeadh sé ar chumas an stáisiúin leathmhillún punt a shaothrú gach bliain ar an fhógraíocht? Is cinnte go mbeadh costas breise foirne i gceist ach bheadh brabach réasúnta ar fáil a d’fhéadfaí a infheistiú sa tseirbhís ansin - go háirithe ar mhargaíocht chun tuilleadh éisteoirí a mhealladh.

Is fiú dúinn uilig ár dtacaíocht a thabhairt do Raidió na Gaeltachta. Cá mbeimis gan é?

Beolitreacha@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.