TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Raidió Fáilte
Eoghan Ó Néill Eoghan Ó Néill

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Eoghan Ó Néill, eagarthóir nuachta le Raidió Fáilte 107fm (Béal Feirste).

Íomhá
Eoghan Ó Néill i stiúideo Raidió Fáilte 107fm
Íomhá
Rónán Ó Conghaile, oibrí eile de chuid an stáisiúin
  1. Cén ról atá agat féin sa stáisiún agus cén fhad atá tú sa phost?

Is eagarthóir nuachta mé le Raidió Fáilte. Cúram s’agamsa é na míreanna nuachta uilig, ar bhuille na huaire gach uair an chloig, a sholáthar. Mar aon leis sin, cuirim i láthair dhá chlár nuachta gach lá agus, dhá uair sa tseachtain, bíonn clár taistil agam ar a labhraím le Gaeil faoina dtaisteal thar lear.

  1. Cá huair a bunaíodh Raidió Fáilte agus cé a bhunaigh é?

Cuireadh an stáisiún ar bun ar an 18 Feabhra 2002. Coiste a bhí ar a chúl, coiste a bhí go mór faoi thionchar Ghaeilgeoirí óga sa chathair.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Tháinig sé ar an tsaol cionn is go bhfuil seirbhís raidió lóganta de dhíth ar Ghaeil Bhéal Feirste. Ní seo an chéad iarracht a rinne muid stáisiún raidió a bhunú - bhí iarrachtaí leanúnacha ann ó bhí 1990. Ach seo gan amhras an chéad uair go raibh roinnt oibrithe ag obair go lánaimseartha ar an fhiontar seachas ar bhonn páirtaimseartha. Tugadh faoi fosta cionn is go bhfuil plean ann chun Ceathrú Gaeltachta a bhunú anseo i mBéal Feirste agus tá Raidió Fáilte mar dhlúthchuid den phlean sin.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe sa stáisiún faoi láthair?

Ceathrar go lánaimseartha, ansin tá suas le caoga ag obair go páirtaimseartha. Craolann Raidió Fáilte ar 107fm 24 uair sa lá, gach lá sa bhliain.

5.An síleann tú go n-éireoidh libh ceadúnas a fháil le bheith ag craoladh go dleathach?

Bhí ceadúnas againn (mar chuid de chomhfhiontar le grúpa pobail eile anseo i mBéal Feirste) go dtí seachtain sular thosaigh muid ag craoladh. Ansin, mar gheall ar athbhreithniú, níor cheadaigh na húdaráis ceadúnas dúinn. Ach chuir siad in iúl go gcuirfeadh siad fáilte roimh stáisiún logánta le “substantial Irish language programming”. Ar an bhonn sin beidh cruinniú ann taobh istigh de shé seachtaine ag lucht Raidió Fáilte le hÚdarás Craolacháin na Ríochta Aontaithe agus tá muid thar a bheith dóchasach go mbeidh ceadúnas againn go luath ina dhiaidh sin.

  1. Cad iad na foinsí airgid atá agaibh?

Faoi láthair is í an fhógraíocht an phríomhfhoinse airgid atá ag Raidió Fáilte. Lena chois sin, faigheann muid urraíocht ó roinnt grúpaí Gaelacha agus ó Ghaeil aonair sa chathair. Tá súil againn a luaithe is a bheidh ceadúnas againn go bhfaighidh muid deontas ó Fhoras na Gaeilge.

  1. Cén fáth, dar leat, ar cheart don stát maoiniú a chur ar fáil daoibh?

Cionn is go gcuireann muid seirbhís ar fáil nach bhfuil ar fáil ó aon stáisiún raidió eile sna Sé Chontae. Chraol muid 4,600 uair an chloig de chláracha Gaeilge ó thosaigh muid, i gcomparáid leis an 168 uair an chloig de chláracha Gaeilge a chraolann an BBC sa bhliain ar fad. Chomh maith leis sin, níl ceol Éireannach le cloisteáil, ar éigean, ar aon chainéal raidió eile anseo. Ceol na hÉireann de gach saghas atá chun tosaigh ar Raidió Fáilte, ó Kila go Six, Aoife Ní Fhearraigh is Bevel Jenny go U2 agus Seán Monaghan. Cuireann muid fostaíocht ar fáil do Ghaeil, ardán cainte, díospóireachta agus poiblíochta, deiseanna oiliúna, agus go leor leor eile.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos sula ndeachaigh sibh ar an aer bainte amach agaibh?

Tá go leor. Tá muid ag craoladh ceithre uair is fiche sa lá, tá ardchaighdeán ag baint le cuid de na cláracha agus tá muid ag saothrú go leor airgid chun roinnt daoine a fhostú - fiú más ar bheagán airgid atá siad ag obair. Tá croífhoireann curtha le chéile atá maith agus a bhiseoidh le himeacht aimsire. D’éirigh linn fosta cuid mhaith mac léinn as na coláistí tríú leibhéal a mhealladh isteach agus tugann siadsan faobhar ar leith don stáisiún.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Raidió Fáilte faoi láthair?

An laige is mó ná easpa airgid. An láidreacht is mó ná an dlúthbhaint leis an phobal.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach agaibh faoi cheann cúig bliana.

Go mbeadh Raidió Fáilte ag croílár na Ceathrún Gaeltachta atá beartaithe againn anseo i mBéal Feirste. Go mbeadh linn mór de dhaoine, go háirithe daoine óga, oilte ar scileanna na craoltóireachta agus ag obair ar an iliomad tionscadal cumarsáide le cois Raidió Fáilte. Go mbeadh Raidió Fáilte ar fáil fud fad na Sé Chontae, fud fad na hÉireann, leis féin nó mar chuid de ghréasán de stáisiúin logánta Gaeilge i mbailte na hÉireann.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Go mbeadh Ceathrú Gaeltachta anseo i mBéal Feirste mar a mbeadh dlúthphobal ag labhairt na Gaeilge i rith an ama.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.