Baineann Colm Ó Snodaigh an-sásamh as bheith ag seinm i seisiúin cheoil sa teach tábhairne, in ainneoin go mbíonn air “The Lonesome Boatman” a chasadh ó am go chéile.
Tá sí cumasach, níl aon dabht faoi sin. Tá cruinneas binn ag baint lena méaracha agus bogann sí go mall, cuisleach le gach tonn ceoil – an veidhlín agus a corp ag longadán go suaimhneach in aon sruth le línte na bhfonn. Uaireanta croitheann sí a ceann siar lena gruaig fhada chatach a bhogadh óna bogha agus uaireanta eile tagann meangadh áthais chun a béil ach, tríd síos, dírithe go huile is go hiomlán ar an gceol a bhíonn sí.
Anocht, áfach, níl inti ach cuid den pháipéar falla, cuid den atmaisféar, cuid d’íomhá an tábhairne, cuid den chúlra. Dhá uair an chloig go leith seinnte, pionta nó dhó Guinness, comhrá cairdiúil, obair déanta, cúpla punt agus slán abhaile.
Ach níl sí ag gearán, ná mise ach oiread, óir tá mé ag seinnt ina teannta. Is seo ceann de na jabanna is fiú go mór a fháil ó am go ham. Is fada an mhí é Eanáir, mar shampla, gan corrphingin nó dhó breise. Tá sé éasca mar jab freisin. Ní gá aon chleachtadh a dhéanamh. Ní gá labhairt leis an slua. Ní gá faic a mhíniú. Ní gá ach suí síos, i gcúinne compordach, agus tosú ag babhtáil fonn – “An bhfuil an ceann seo agat?”, “Cad faoi seo?”
Gearóid Ó hIonghaile. Ait mar a fhanann ainm ón mbunscoil greanta chomh domhain sin i d’aigne. Is ag seinnt dhá pholca shimplí (a d’fhoghlaim mé ar an mbunscoil) a bhí mé nuair a tháinig a ainm chugam.
Bhí an-chairdeas eadrainn – muid beirt gafa le sacar. D’imríomar roimh, le linn agus tar éis scoile. Ó bhí muid chun imirt ar son gach aon fhoireann timpeall an domhain agus i gCorn an Domhain chomh maith. Rinne muid iarracht fanacht i dteagmháil le chéile tar éis dúinn bogadh go meánscoileanna éagsúla, ach le haois tagann nithe níos tábhachtaí ná cairdeas bunscoile agus cibé ar bith thosaigh muid ag imirt ar son foirne difriúla sacair.
Is dócha nach raibh sé feicthe agam le cúig bliana déag nuair a bhuail mé féin agus cara liom isteach chuig an tábhairne céanna. D’aithin mé a aghaidh, a shúile ceanúla agus a smig chearnógach. Chuaigh mé anonn chuige. “An tusa atá ann?” Ba é.
Labhair muid ar feadh nóiméid nó dhó. Bhí sé tar éis éirí as an sacar. Bhí a chlann go maith. Ní raibh cónaí air sa cheantar céanna. Ba thábhairneoir é anois agus ní raibh sé ach seachtain sa tábhairne seo agus, no no, ní raibh sé pósta go fóill. Ní raibh mórán le rá againn le chéile – bhí na blianta tar éis faobhar a bhaint den chairdeas. Tháinig tost eadrainn agus d’fhill mé ar mo chompánach óil agus eisean ar a chuid oibre.
De ghnáth bíonn mo shúile dúnta agam nuair a bhím ag seinnt – mé caillte sa cheol agus sna smaointe a thagann chugam. Anois is arís, osclaím iad le sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú i mo thimpeall.
Le linn na bpolcaí úd, thug mé sracshúil ar an mbeár agus ansin os mo chomhair bhí Gearóid (scíth bheag á glacadh aige ón obair), é ag stánadh amach roimhe ar thada agus méaracha a láimhe clé ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil.
Ní thugtar mórán airde orainn de ghnáth. Mar a dúirt mé níos luaithe, is cuid den pháipéar falla muid. Ach uaireanta iarrtar orainn an “Marino Waltz” a sheinnt nó, ar an drochuair, “The Lonesome Boatman”. Le linn na bhfonn úd, aithnítear muid mar rud níos suntasaí ná atmaisféar. Agus, de ghnáth, is iad poirt agus ríleanna an tsrutha cheoil in aice liom a thugann an pléisiúr is mó dom. Ach an oíche seo, ba iad na polcaí simplí bunscoile a gheal mo chroí agus an ceangal ait a rinne mé le mo sheanchara.