Ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach, tá meath tagtha ar neodracht na hÉireann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus beidh impleachtaí tromchúiseacha ag sin don tír.
De ghnáth, ag an am seo den bhliain, bíonn bronntanais á dtabhairt agus á bhfáil. Ach le breis agus bliain anuas tá eitleáin ag tabhairt cuairte ar an tír seo gach mí agus ag iompar féiríní a mbeadh an tír níos fearr as gan iad. Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt d’eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann i mbaol, d’fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
“All the small states can do, if the statesmen of the great states fail in their duty, is resolutely to determine that they will not become the tools of any Great Power, and that they will resist with whatever strength they may possess every attempt to force them into a war against their will.” B’in mar a mhínigh Eamon de Valera polasaí neodrachta an stáit óig i 1936. Go dtí seo, ní raibh de mhian ná de “mhisneach”, go hoscailte ar aon nós, ag aon Taoiseach Éireannach polasaí neodrachta an stáit seo a chaitheamh ar leataobh.
Ní hamháin gur choimeád polasaí neodrachta na hÉireann thar na blianta an tír agus a saoránaigh slán ó ionsaí ach chiallaigh sé freisin go raibh ar chumas na tíre ról tábhachtach taidhleoireachta a imirt i bpolaitíocht an domhain. Mar shampla, bhí ar chumas an iar-Thaoisigh Albert Reynolds feidhmiú mar idirghábhálaí idir an Iaráic agus An Teach Bán i 1998. De thoradh cruinnithe a bhí ag an iar-Thaoiseach le Tánaiste na hIaráice Tariq Aziz an bhliain chéanna, ceadaíodh na cigirí airm ar ais san Iaráic agus cuireadh deireadh leis na smachtbhannaí eacnamaíochta a bhí i bhfeidhm ar an tír.
Meath
Ach ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach tá polasaí neodrachta na tíre ag meath. Faoina Thaoiseacht chláraigh Éire mar bhall de Rapid Reaction Force an Aontais Eorpaigh agus mar bhall den Partnership for Peace. I gcás an PfP, chaith an Taoiseach manifesto a pháirtí féin glan amach an fhuinneog agus tharraing siar a gheallúint go nglaofadh sé reifreann sula gcláródh an stát seo sa PfP. Agus anois táthar ag cur aerfoirt na tíre ar fáil do aerfhórsa Mheiriceá agus ag aithris phort an Tí Bháin maidir leis An Iaráic.
I bhfreagra ar cheist Dála an mhí seo caite, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Brian Cowen go raibh cead tugtha ag an stát seo, idir Samhain 2001 agus Deireadh Fómhair 2002, do 610 eitleán míleata ó thíortha eile tuirlingt in aerfoirt de chuid na tíre. Sin caoga in aghaidh na míosa ar an meán. Bhain na heitleáin, a dúirt sé, le 37 tír dhifriúil. Mar gheall ar chúrsaí slándála dúirt sé nach bhféadfadh sé a rá cé mhéad acu a bhain le tír ar leith. Ach de réir litreach a scríobh Brian Cowen, agus atá feicthe ag Beo!, b’eitleáin ó aerfhórsa Mheiriceá formhór na n-eitleán a thuirling anseo i mí Lúnasa, mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair 2001.
Is cosúil go bhfuil Aerfort na Sionainne luachmhar d’aerfhórsa Mheiriceá ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, tá an rúidbhealach in Aerfort na Sionainne ar an rúidbhealach neamh-mhíleata is faide san Eoraip, é dhá mhíle ar fhad. Anuas air sin, is cosúil go mbíonn ar na heitleáin 5,000 galún breise breosla d’iompar má bhíonn orthu eitilt caol díreach go dtí an Bhreatain agus, dá bharr seo, ní féidir leo an oiread céanna saighdiúirí agus arm a iompar.
De réir an Uasail Cowen, tugtar cead d’eitleáin mhíleata ó thíortha eile tuirlingt ar an gcoinníoll nach bhfuil na heitleáin armtha nó nach bhfuil aon airm de shaghas ar bith ar bord, nó nach bhfuil siad páirteach i mbailiú eolais nó i bhfeachtas míleata de shaghas ar bith. Ach bhí air a admháil nach ndéantar aon saghas scrúdú lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo. Thabharfadh an leibhéal neamhghnách ardslándála timpeall Aerfort na Sionainne le bliain anuas le fios go bhfuil rud éigin ar siúl nach mian le duine éigin, áit éigin pobal na hÉireann a bheith ar an eolas faoi.
Toisc Arm na hÉireann a bheith chomh beag sin, is ar ráitis Rialtas na hÉireann a rinneadh neodracht an stáit seo a thomhas thar na blianta. Ag éisteacht le cuid de na ráitis ón Uasal Cowen le tamall anuas d’fhéadfá a cheapadh gur le hurlabhraí Uachtarán Mheiriceá, Colin Powell, a bhí tú ag éisteacht. Ag caint sa Dáil dó le gairid dúirt sé gur ar an Iaráic a bhí an locht ar fad go bhfuil géarchéim ann faoi láthair. Lean sé ar aghaidh lena thacaíocht a léiriú don ionsaí a rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an Iaráic i 1991. Ach muna raibh sin olc go leor, d’aithris Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann ceithre huaire port Stát Aontaithe Mheiriceá gurb í an Iaráic féin a bhí freagrach as na scórtha míle páiste bás a fháil sa tír de bharr na smachtbhannaí a chuir na comhghuaillithe i bhfeidhm.
Seasamh claonta
Is cinnte go bhfuil a gcúiseanna féin ag taidhleoirí Theach Uíbh Eachach maidir leis an seasamh claonta atá á ghlacadh acu sa chogadh fuar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tíortha Moslamacha an Mheánoirthir agus thuaisceart na hAfraice. Caithfear a rá go bhfuil staid pholaitiúil an domhain athraithe go hiomlán ó tharla eachtraí tragóideacha 9/11. Bheadh sé i bhfad níos deacra ag an Rialtas seasamh neodrach a ghlacadh anois, fiú dá mba mhian leo, go háirithe agus seans maith ann go luath go mbeidh siad ag lorg cabhrach ón Teach Bán le brú a chur ar Rialtas na Breataine cuid de na geallúintí a rinne siad i gComhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh.
Anuas air sin tá go leor i dteach Uíbh Eachach a chreideann go bhfuil sé in am ag an stát a pholasaí neodrach a chaitheamh ar leataobh. Le bheith fírinneach, is deacair a fheiceáil go mbeidh spás in Eoraip Aontaithe, mar atá leagtha amach i dTuarascáil D’Estaing, do thír a bhfuil polasaí neodrach aici. Tá an tuairim ann freisin go mbaineann an seasamh faoi láthair le hainmniúchán na tíre seo ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Sin le rá go raibh praghas le híoc as an ainmniúchán céanna agus gur cuid de é seo.
Tá rud amháin cinnte, áfach: má leanann an stát seo de bheith ag tabhairt tacaíochta do na Stáit Aontaithe i gcoinne na dtíortha Moslamacha, beidh a praghas féin le híoc ag an tír. Méadóidh sé ar an mbaol go n-ionsófar an tír agus a cuid saoránach. Is cinnte freisin nach mbeifear chomh sásta céanna glacadh le hÉirinn mar idirghabhálaí amach anseo. Ach thar aon rud eile d’fhéadfadh sé fíordhochar a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír. De bharr pholasaí neodrachta an stáit seo, agus go háirithe an seasamh a ghlacamar ar cheist na bPalaistíneach thar na blianta, bhí tíortha Moslamacha an Mheánoirthir agus thuaisceart na hAifrice ní ba thoilteanaí earraí Éireannacha a cheannach seachas earraí ó thíortha eile.
De réir na bhfigiúirí is deireanaí, idir 2000 agus 2001 rinne an stát seo luach €7875.287 míle d’earraí a easportáil chuig An Iaráin, €13749.697 míle chuig An tSúdáin, €9864.185 míle chuig An tSiria, €9624.166 míle chuig An Éimin, €7913.236 míle chuig An Libia, €388519.746 míle chuig An Araib Shádach, €338.458 míle chuig An Iaráic, €37506.030 míle chuig An Iordáin, €44027.084 míle chuig An Liobáin, agus €2.333 míle chuig An Phalaistín.
Bia, innealra agus ceimiceáin leighis is mó a dhéanaimid a easportáil chuig na tíortha seo. Agus an tAontas Eorpach faoi láthair ag iarraidh caidreamh níos fearr a chothú le tíortha thuaisceart na hAfraice le Próiseas Barcelona, bhí an stát seo i suíomh an-mhaith le buntáiste a bhaint amach. Ach is beag ceann de na tíortha céanna a dtacódh an pobal inti le seasamh Stát Aontaithe Mheiriceá. Má fheiceann siad eitleáin de chuid aerfhórsa Mheiriceá ag tuirlingt in Éirinn ar a mbealach chun na hIaráice leis an tír sin a bhuamáil nó má chloiseann siad Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann ag rá gurb í An Iaráic féin seachas na smachtbhannaí is cúis leis na scórtha míle páiste bheith ag fáil bháis, is deacair a shamhlú go mbeidh an fonn céanna orthu earraí Éireannacha a cheannach.
Má chuireann tú carr ar fáil do robálaithe bainc, tá tú páirteach sa robáil agus ciontach dá réir. I mo thuairimse is amhlaidh an scéal má chuireann tú aerfort ar fáil le haghaidh feachtais a bhfuil sé mar aidhm aige tír eile a ionsaí. Deir Airteagal 28.3 den Bhunreacht: “Ní dleathach cogadh a fhógairt ná páirt a bheith ag an Stát in aon chogadh ach amháin le haontú Dháil Éireann.” Ní hamháin, mar sin, go bhfuil an bunreacht á shárú, ach is léir ó phobalmheas a rinne an Irish Times le gairid go bhfuil formhór phobal na tíre seo i gcoinne ionsaí ar An Iaráic agus, dá réir, i gcoinne aon tacaíocht a thabharfadh Rialtas na tíre seo dá leithéid.
Thóg sé fada go leor ar an stát seo poblacht neamhspleách a bhaint amach. Mar sin, ba chóir gur faoi phobal na hÉireann a bheadh sé a shocrú cé acu an mian leo a bpoblacht agus an neamhspleáchas, a throid siad go dian lena bhaint amach, a chur i mbaol, nó nach mian.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do *Magill, i measc foilseachán eile.*