AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Polasaí eachtrach nó polasaí ón iasacht?
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

tionchar na Stát Aontaithe le brath go láidir eile pholasaí eachtrach Rialtas na hAstráile, dar le Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
An Príomh-Aire John Howard agus an tUachtarán George W. Bush sa White House, Meitheamh 2002
Íomhá
An feisire Mark Latham sa pharlaimint, 28 Meitheamh, 2002
Íomhá
Saddam Hussein

Tá daoine ann a cheapann gur tír neamhspleách í an Astráil. Is beag rian den neamhspleáchas atá le feiceáil le gairid. Tá an Rialtas i gcoinne Chonradh Kyoto faoin gcomhshaol. Tá na Stáit Aontaithe ina choinne freisin. Tá na Stáit Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Tá an Astráil sásta glacadh leis an gcúirt ach sásta plé a dhéanamh nach mbainfeadh na rialacha le Meiriceánaigh. Tá SAM ag bagairt chogaidh ar an Iaráic. Tá tacaíocht geallta ag an Astráil. Dúirt SAM gur seift a bhí ann cead a thabhairt do chigirí airm dul ar ais chun na hIaráice. Dúirt Canberra an lá dár gcionn go raibh siad féin an-amhrasach. Is léir gur i Washington a shocraítear cuid mhaith de pholasaí eachtrach na hAstráile faoi láthair.

Thug an Príomh-Aire, John Howard, cuairt ar Washington cúpla mí ó shin. Thug Mark Latham, urlabhraí de chuid an fhreasúra, “lightheoir tóna” ar Howard nuair a d’fhill sé. Rinneadh cáineadh ar an méid a dúirt Latham ach cuid mhaith acu sin a cháin, ní raibh ag cur as dóibh go bunúsach ach go raibh an cineál sin foclaíochta “mí-oiriúnach”.

Maidir leis an Iaráic, tá a lán cainte déanta ag an Rialtas anseo faoin gcontúirt a bhaineann le Saddam Hussein le píosa. Aisteach go leor ní raibh focal astu faoin gcontúirt sin go dtí gur thosaigh na Meiriceánaigh ag caint faoi chogaíocht. Léiríonn na pobalmheasanna nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas a chur ina luí ar an bpobal gur chóir don Astráil a bheith páirteach in aon chogadh san Iaráic.

D’iarr an freasúra ar an rialtas a mhíniú cén fáth gurb é leas na hAstráile a bheith páirteach sa gcogadh agus fianaise a chur ar fáil faoi airm na hIaráice. Bhí an fhianaise a cuireadh ar fáil trí bliana d’aois agus é le fáil ag aon duine ar an idirlíon.

Nuair a thosaigh an chaint faoi chogaíocht, bhí an eite dheas ina dtost ar dtús. Ach nuair a thosaigh oifigigh de chuid na hIaráice ag fiafraí cén fáth a mbeadh Astrálaigh ag troid san Iaráic, agus ag tagairt do chonarthaí cruithneachtan gur fiú na céadta milliún in aghaidh na bliana iad, dúirt ceannairí na bhfeilméaraí go sciobtha nár chóir don Rialtas aon bhlas a dhéanamh a chuirfeadh an margadh sin i mbaol.

Is é argóint na hAstráile go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe. Níl sé soiléir fós go bhfuil a leithéid d’airm ag an Iaráic. Ach níl amhras dá laghad go bhfuil siad ag na Stáit Aontaithe, an Rúis, an tSín, an Bhreatain, an Fhrainc, an Ind agus an Phacastáin. Agus má tá an oiread sin tábhachta ag baint le rúin na Náisiún Aontaithe a shárú, ba chóir ionsaí a bheith déanta i bhfad ó shin ar Iosrael a bhfuil an sárú céanna déanta acu le beagnach tríocha bliain.

Má fheiceann tú tuairisc amach anseo go bhfuil ionradh déanta ag an Astráil ar na Stáit Aontaithe nó ar an tSín le deireadh a chur lena gcuid arm ollscriosta, cuimhnigh gur in Beo! a chonaic tú an chéad tagairt dó.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.