TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
POBAL
Janet Muller Janet Muller

Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh ag an eagras sin. An mhí seo: Janet Muller, POBAL (scátheagras phobal na Gaeilge i mBéal Feirste).

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Bhí mé i mo chathaoirleach ar POBAL ó Eanáir 1998 - Lúnasa 1999. Ansin, ghlac mé le post mar phríomhfheidhmeannach i mí na Nollag 1999.

  1. Cá huair a bunaíodh POBAL agus cé a bhunaigh é?

Tháinig ionadaithe ó na grúpaí Gaeilge ar an talamh le chéile i mí Eanáir 1998.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Mhothaigh daoine go raibh géarghá le fóram daonlathach agus straitéis aontaithe do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann an eagraíocht ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

Bhí neart deacrachtaí againn. Bhí orainn brath go hiomlán ar obair dheonach na ballraíochta ar feadh dhá bhliain. Thug oifig Uí Chuív (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán) tarrtháil orainn le deontas £25,000 chun foireann a fhostú agus go gairid ina dhiaidh sin, fuair muid deontas ó Bhord Páirtíochta na hEorpa, Béal Feirste (Belfast European Partnership Board). Le teacht Fhoras na Gaeilge fuair muid deontais le haghaidh tionscadal, agus anois tá bunmhaoiniú faighte againn do cheithre phost lánaimseartha. Tús atá ann!

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag POBAL?

Is eagras aonair i dtuaisceart Éireann é POBAL. Ní raibh riamh roimhe eagras ionadaíoch, daonlathach ann, le guth a thabhairt do na grúpaí uile atá ag déanamh réimse leathan oibre ar son na Gaeilge fud na sé chontae.

I gcomhthéacs na n-athruithe sóisialta, polaitiúla, reachtacha agus eacnamaíocha i dtuaisceart Éireann le blianta beaga anuas, tá géarghá lenár leithéid: eagras aontaithe, straitéiseach, atá in ann obair leanúnach a dhéanamh le freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge.

  1. Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh?

Fondúireachtaí neamhspleácha; airgead na hEorpa.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Ta muid ag obair air! Níl aon amhras ná gur chuir easpa áiseanna moill ar fhorbairt an eagrais. Tá dul chun cinn déanta againn maidir le ceist na Gaeilge a thógáil leis na ranna agus le heagraíochtaí poiblí. Is obair straitéiseach fhadtréimhseach í seo. Tá muid ag obair go cruthaíoch le soláthraithe sláinte chun seirbhísí d’ár bpobal a fheabhsú; ghlac muid páirt ghníomhach san idirphlé ar chearta daonna i dtuaisceart Éireann; chuir muid polasaí Gaeilge le chéile don earnáil dheonach; bíonn muid ag reáchtáil ócáidí eolais agus traenála; cothaíonn muid comhpháirtíochtaí le ranna rialtais, le heagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre. Tá dúshraith leagtha síos ach tá neart le déanamh go fóill.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

Easpa áiseanna. Go fóill, tá sé doiligh d’ár mballghrúpaí am a aimsiú le díriú isteach ar na ceisteanna straitéiseacha. Tá ionchur agus tacaíocht na ballraíochta iontach tábhachtach. Ról aonair an eagrais.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag POBAL faoi cheann cúig bliana.

Dul chun cinn suntasach déanta maidir le soláthar seirbhísí do phobal na Gaeilge. Glacadh forleathan le húsáid na Gaeilge sa saol poiblí. Pobal Gaeilge atá beo bríomhar, ardghlórach, aontaithe agus eagraithe.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Amharcann sí ar ais orm trí shúile m’iníne: todhchaí dhearfach, chruthaíoch, oscailte d’ár gcuid páistí dátheangacha.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le POBAL ag an uimhir (028)* 9043 8132 (ríomhphost: eolas@pobal.org). Tá tuilleadh eolais le fáil faoin eagraíocht ag: www.pobal.org.

  • (048) ó Phoblacht na hÉireann
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.