AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Pleananna glasa Dev Óg agus Bev Óg
Balor Balor Balor

Tá polaiteoirí éagsúla ó thuaidh agus ó dheas tar éis bheith ag roinnt a gcuid gaoise le Balor le tamall anuas.

Íomhá
Íomhá
Ian Beag: faoi ionsaí
Íomhá
An hang-glider i ndán do Leamh Ó Cuinneagáin
Íomhá

Tá Balor bocht buailte amach, breoite le bailitheacht agus tinn le tuirse i ndiaidh dó cúpla uair an chloig a chaitheamh i gcomhluadar Edwina Poops, an tAire nua le Cultúr in Stormont. Is ball den D’you Pee *é Edwina, deisceabal de chuid an Dochtúra Mhóir, agus ar nós gach aon deisceabail eile de chuid an Dochtúra, bíonn sé ar a sheacht ndícheall feoil a chur ar mhianta a mháistir. *Is é an chéad ordú a fuair Edwina ná fáil amach cén bhrí choitianta atá leis an fhocal cultúr, seachas an bhrí a bhí aige féin: an rud a fhásann ar bharr chartán iógairt i ndiaidh do dhuine ceann oscailte a fhágáil sa chófra ar feadh míosa. Bhí Edwina bocht den bharúil gurbh é an cineál sin cultúir a bhí le bheith faoina chúram. Ach tá malairt tuairime aige anois, hoots mon! Nae moor daftie noshions ag Edwina!

Cionn is go bhfuil Ian Mór claochlaithe thar cuimse, thar fóir agus thar mholadh beirte le tamall beag de sheachtainí anuas, bítear ag súil leis anois go dtiocfaidh an claochlú céanna ar gach aon duine eile sa pháirtí, a mhac san áireamh; ach tá sé deacair, dar le hIan Beag, go háirithe agus é féin agus a chairde sa pháirtí faoi ionsaí poiblí ag MATE (Muintir Aerach Thuaisceart Éireann). Tá MATE i ndiaidh na putóga a bhaint as Ian Óg agus an D’you Pee i ráiteas mínáireach a d’eisigh siad ar na mallaibh: “Cuireann gníomhaíochtaí an D’you Pee déistin orainne agus ar

gach aon duine eile a bhfuil aithne againn orthu. Tá cleachtais an D’you Pee iomlán cam, cearr, contráilte agus éagórach. Tá siad ag déanamh dochair dóibh féin agus do shochaí na háite seo. Cuireann siad grainc agus samhnas orainn ar fad agus seolfaidh siad lucht an D’you Pee go híochtar Ifrinn, áit a mbeidh siad ag stócáil na dtinte go cinnte. Ós rud é nach bhfuil siad sásta na cleachtais seo a chleachtadh go príobháideach, ach go leanann siad leo os comhair an tsaoil mhóir, níl muid sásta rud ar bith de seo a tharraingt siar.”

“Cén dath is mó ráchairt sa tír le cúpla seachtain anuas?” a fhiafraíonn Balor. Freagraíonn an Fiosraitheoir Fiafraitheach a cheist féin: “Glas – ní uaine, ach glas! Tá na Glasaigh anois ar muin na muice,” a deir sé, “agus ní miste do gach duine dul ar an mhuin chéanna.” Is fíor dó, dar ndóigh, nó chonacthas Bertie ag siúl abhaile trasna an bhealaigh mhóir ó Thigh Fagan cúpla oíche ó shin. Agus tá ráfla ag dul thart go bhfacthas Biffo féin ag caint le fear a raibh rothar aige. Níos tromchúisí fós, Dia idir muid agus an anachain, chonacthas an tAire Easláinte agus ceapaire sailéid ina glac ar na mallaibh. Shéan sí go raibh sí ar tí é a ithe. D’admhaigh sí gur cheannaigh sí é, ach dúirt sí go neamhbhalbh go raibh sí chun é a bhronnadh ar John Gormless, chomh maith le slam barraí múslaí agus scór go leith buidéal uisce na Gaillimhe a bhí i bhfolach aici i bpóca a gúna nua – gúna glas, dar ndóigh.

Iarthar na tíreAgus ag caint ar iathar na tíre atá muid, tá Dev Óg agus Bev Óg chomh glas le duine ar bith, iad beirt ag maíomh as na hathruithe atá siad ag gabháil a dhéanamh nuair a thagann an t-am cuí. Deir Dev Óg Ó Caoimhnis go mbeidh a chuid athruithe siúd á gcur i bhfeidhm “ar leas na tíre agus an domhain mhóir, chomh maith le leas na ndaoine atá i gceist, bíodh seo lena ndeoin nó lena n-ainneoin.” Mar thús leis an fheachtas seo tá sé chun an 5 series Beamer a bhaint de Leamh Ó Cuinneagáin

agus é a chur ar chamchuairt na tíre ar hang-glider. “Beidh ar Leamh cúpla punt a chailleadh, mar ní féidir le duine ar bith os cionn deich gcloch meáchain an meaisín seo a úsáid. Beidh sé ag brath ar an ghaoth mar a bhí sé i gcónaí, ach gaotaire mór a bhí ann riamh. Beidh sé chomh cruógach ag baint na bpunt nach mbeidh am aige le bheith ag cur isteach ormsa nó ar bhoic mhóra eile shaol na Gaeilge.

“Agus, ós ag caint dúinn ar bhoic mhóra, beidh Fear le Dia Mac an Ali istigh i bhForaois na Gaeilge ag fáil péire Hush Puppies úra uaim le go mbeidh sé in ann slíocadh thart istigh i gceannáras na Foraoise agus teacht aniar aduaidh ar na fámairí falsa. Beidh air conradh a shíniú go siúlfaidh sé tríocha míle sa lá istigh ansin, seachas dul thart ar an scútar mar a dhéanann sé faoi láthair. Beidh na *Hush Puppies *úra déanta as ábhar iomlán orgánach: fíorchraicne coileán – chan Antaine Ó Coileáin atá ag obair i nGael Linn, ach fíorchoileáin na Foraoise féin.”

Tá a cuid pleananna glasa curtha i dtoll a chéile ag Bev fosta. “Nuair a bheas mise i mo Thánaiste,” a deir sí, “cuirfidh mé monarcha ar bun i gCaisleán an Bharraigh chun gléasanna nua teilifíse a dhéanamh. Ní cinn iad seo a bheas ag brath ar leictreachas ar chor ar bith, ach cinn le hanlaí orthu le gur féidir iad a chasadh chun an tele a chur ag obair. Beidh na gléasanna seo carbón cairdiúil, mar atá mé féin, agus sábhálfaidh siad na milliún punt ar an tír gach bliain, mar a shábháil mé féin ar RTÉ, agus thar rud ar bith eile beidh siad éasca a ionramháil agus a láimhseáil, mar atá mé féin. Beidh mise ag déanamh mo choda chun an tír a dhéanamh glas arís agus chun Maigh Eo a choinneáil chomh glas agus a bhí riamh, agus go bhfóire Dia ar an té a déarfaidh a mhalairt. An dtuigeann sibh anois?”

Agus, ós ag caint dúinn ar Mhaigh Eo, níl an tír ar fad ag dul glas, mar a fuair Balor amach nuair a chuir sé agallamh ar Enda Aoibhinn Aoibhiúil. “Tá mé thíos ach níl mé briste. Cén chaoi a bhféadfainn a bheith briste nuair is léir domsa gur muidne a bhain an t-olltoghchán? Fuair muid fiche suíochán sa bhreis. Nach bhfuair? Nach bhfuair? Nach bua é sin? Múinteoir scoile a bhí ionamsa agus aithním bua nuair a fheicim *feckin’ *bua. Bíodh an glas ag an chuid eile. Beidh mise chomh liath agus a bhí mé riamh, ón am a thosaigh mé amach ar mo bhealach chuig an oifig mhór i dTithe an Rialtais. Níl mé liathghorm ná liathghlas. Níl mé dúliath ná bricliath. Liath atá mé; liath a bhí mé, agus liath a bheas mé... seachas mo chuid gruaige dar ndóigh; tá mo chuid gruaige ar dhath an óir agus grian na mochmhaidine ag lonrú...”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.