CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Plándáil na Palaistíne lenár Linn Féin

Ghlac EOECNA - UNESCO i mí Meithimh i mbliana le Eaglais ársa na Beithile, ionad beirthe Chríost, mar shuíomh ar leith oidhreachta sa Phalaistín. Maíodh ag an am go raibh baint ag an pholaitíocht leis an aitheantas a bhronn EOECNA ar shuíomh na heaglaise. Lom láithreach, cheadaigh Iosrael ceantar eile Palaistíneach le haghaidh plandála. Cealaíodh seilbh agus áirnéis na bhPalaistíneach agus forghabháladh a raibh ann. Bogadh na Palaistínigh de leataobh agus tugadh isteach lucht plandála, teaghlaigh as gach cearn a raibh an creideamh ceart acu.

Ghlac Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna le stádas taidhleoireachta a thabhairt don Phalaistín, céim ab ionann is breith stáit, sna tailte a bhí fanta fós acu fán bhliain 1967. Taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig, cheadaigh coiste slándála Iosrael beartas le 3,000 aonad plandála úra ar thailte na bPalaistíneach.

Chan amháin sin, ach tharraing na Stáit Aontaithe na milliúin dollar siar, $43,000 an mhí seo mar thús, ó EOECNA. Níorbh é an chéad iarraidh ag SAM airgead a choinneáil siar ó na NA. Bhíodh na céadta milliún á gcoinneáil siar acu sna hochtóidí nuair a bhí saighdiúirí na hÉireann á marú i ndeisceart na Liobáine ag Hizb Al-Kata’eb, an Falains, lucht cúltaca Iosrael sa Liobáin.

Tá SAM agus Iosrael tréigthe fiú amháin ag a gcairde in ECAT – NATO sa Chomhthionól Coitinn. Thaobhaigh na hÉireannaigh le hiarrachtaí na bPalaistíneach in imeacht na mblianta. Maíodh gur chúinsí staire a spreag an taobhachtáil sin. Chaill muintir na hÉireann greim ar acmhainn na táirgiúlachta, an talamh, thar thréimhse na Géarleanúna ar fad sa dóigh nach raibh ag 95% de na daoine, na Gaeil, ach 5% de thalamh na hÉireann. Tá léarscáileanna ag an dream in Éirinn a thacaíonn leis na Palaistínigh a léiríonn gur chaill na Palaistínigh a gcuid talaimh i leath an ama, nó b’fhéidir níos mire fós, ná mar a chaill na Gaeil a dtalamh in Éirinn. An dream tacaíochta seo in Éirinn, an IPSC, níl siad dall ar na cosúlachtaí seo agus feictear dhá ghrianghraf le taobh a chéile ar mheirge ollmhór dá gcuid a léiríonn an chosúlacht atá ag scéal an dá thír lena chéile. Is measa arís a scéal siadsan, Palaistínigh, tharla gur ar réimsí níos lú ná Éire atá na heachtraí s’acu ag titim amach. Léiríonn dhá léarscáil de chuid an IPSC an méid sin. Féach chomh beag is atá Iosrael, an Phalaistín, agus Campa Gaza nuair leagtar isteach ar léarscáil na hÉireann iad. Thiocfadh leat Gaza idir chorp, chleite is sciathán a leagan isteach ar an talamh idir Bhaile Dhún na nGall agus Gleann Cholm Cille, go furasta.

Samhlaigh 1.6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir. Ní drochshaol go dtí é, i ndiaidh thú a ruaigeadh as teach agus as tailte do shinsir le bheith i do sprioc ladrainn i gcampa teifeach.

Tuiscint ar an Chos ar Bolg

Coirdínigh, Airméanaigh, Bascaigh, chomh maith leis na Palaistínigh, tá gnéithe de scéalta crua a dtíortha agus a muintire a léiríonn roinnt gnéithe den chos ar bolg agus den díothadh a tharlaíonn go rómhinic in áiteanna éagsúla ar an domhan. Ní mé cén fáth nár chruthaigh an duine, an comhphobal daonna ar fud an domhain, dóigh thart ar na huafáis seo sular tharla siad. Uígir agus Tibéadaigh agus mórán nach iad sa tSín, Tamalaigh na hIndia, na Papuaigh faoin Astráil srl., nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile?

Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn ‘Centre for Peace Studies’ thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.

An bhfuil siad chomh feidhmiúil is ba chóir daofu a bheithan gcaitear acmhainní maithe amú go ciotach ar roinnt acu? Tá mé ag cuimhneamh ar dhream a fuair maoiniú le taisteal go hIosrael agus a phill le léaráidí powerpoint díofu féin ag caitheamh gainimh na trá sa mhullach ar a chéile ar ‘lá breá te sa tsamhradh’, lá a chaith siad ag déanamh bolg le gréin, go bhfóire Dia orainn. Ba bheag an tuiscint a bhí acu sular thug siad aghaidh amach agus ba lú, is léir, a bhí acu nuair a léirigh siad a gcuid grianghraf do dhaoine ar ais in Éirinn a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa agus ar chaighdeán maireachtála daoine sa Mheán Oirthir.

Is céim chun tosaigh é aitheantas taidhleoireachta na Palaistíne. Go maire siad sin agus nára fada an lá go bhfeice sinn faoi rath is faoi shíocháin ina dtír féin iad in ionad a bheith sna campaí inar caitheadh iad le dhá ghlúin anuas agus pobal an domhain ag déanamh neamhairde de scéal a ndíbeartha, dá ngéibheann is dá marú lá i ndiaidh lae. Cé déarfas nach bhfuair siad a leordhóthain den obair thruacánta sin?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.