AR NA SAOLTA SEO
Piollaí beaga gorma agus gunnaí móra daora
Pádraig Ó Siadhail Pádraig Ó Siadhail

Ní hannamh scéalta i meáin nuachta Cheanada faoi ionsaithe ar a chuid saighdiúirí in Kandahar i ndeisceart na hAfganastáine. Áit a mbíodh iomrá le misin na saighdiúirí Ceanadacha faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, tá sé ag dul i gcion ar phobal Cheanada de réir a chéile go bhfuil athrú suntasach ar ról a airm, a scríobhann Pádraig Ó Siadhail i Halifax na hAlban Nua.

Íomhá
Íomhá
Saighdiúir Ceanadach ar dualgas i Háití
Íomhá
Saighdiúir Ceanadach san Afganastáin
Íomhá
Corp saighdiúra a maraíodh san Afganastáin á thabhairt abhaile

Bhí dhá scéal faoi arm Cheanada ar an nuacht anseo oíche amháin le gairid. An chéad scéal

ná an dóigh a bhfuil polasaí Roinn na Cosanta Náisiúnta le sé bliana anuas Viagra a sholáthar do sheansaighdiúirí – dhá phiolla bheaga ghorma an duine in aghaidh na míosa – i ndiaidh caighdeán beatha na n-iarshaighdiúirí a fheabhsú. An dara scéal ná an ráiteas ba dhéanaí ó Rialtas Cheanada faoin airgead mór atá le caitheamh acu ar threalamh míleata: $17 billiún dollar ar longa, ar eitleáin, ar héileacaptair agus ar leoraithe, de réir chuntas na seachtaine céanna.

Scéalta iad sin a chuirfeadh fonn gáire ar dhreamanna ar leith. Ar na seansaighdiúirí féin. Ar an lucht grinn (“Ní chailleann seansaighdiúir a ghunna ...”). Agus ar lucht déanta lón cogaidh a bhfuil margadh nua luachmhar aimsithe acu dá gcuid earraí. Scéalta iad fosta ar gearrinsint iad ar mhórathrú contúirteach atá i ndiaidh teacht ar ról arm Cheanada thar lear.

Miotas Cheanada

Is de mhiotas Cheanada an lámh a bhí ag a chuid saighdiúirí sa dá Chogadh Dhomhanda. Beag beann ar na fíricí dobhréagnaithe nach raibh moráltacht d’aon chineál ag roinnt leis na cúiseanna le haghaidh an Chogaidh Mhóir agus gur chuir Québec i gcoinne an Choinscríofa sa dá Chogadh Dhomhanda, baineann Rialtas Cheanada leas bolscaireachta as íobairt a chuid saighdiúirí le cur in iúl do phobal Cheanada go bhfuil comhstair náisiúnta acu.

Ach le dhá ghlúin anuas, is de mhiotas nua Ceanadach nach ann d’arm Cheanada chun páirt a imirt i gcogaí ach chun an tsíocháin a choimeád i dtíortha a mbíodh an chogaíocht iontu. Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad. Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.

Ról é fosta a dheimhnigh nach mbeadh ar Rialtas Cheanada airgead rómhór a chaitheamh ar chúrsaí cosanta chun an fearas cogaíochta ba nua-aimseartha, ba chostasaí agus ba mharfaí a cheannach. Ba leor cloí leis an bhuntrealamh nó earraí a cheannach ar athláimh. Chiallaigh misin na mbairéad gorm agus buiséad beag an airm gur mhinic a rinne daoine mórtas as an arm agus magadh faoi in aon abairt amháin. Bhí sé ina ábhar fonóide ar feadh na mblianta go mbíodh níos mó fomhuireán ag páirc siamsaíochta The West Edmonton Mall ná mar a bhí ag cabhlach Cheanada. Roinnt blianta ó shin, cheannaigh an cabhlach ceithre fhomhuireán ó chabhlach na Breataine ar athláimh. A thúisce is a chuaigh siad faoi dhromchla na farraige, thosaigh an t-uisce ag tuile isteach iontu gurbh éigean dóibh teacht aníos go pras. Maraíodh oifigeach Ceanadach i ndóiteán ar cheann de na fomhuireáin chéanna amach ó chósta na hÉireann anuraidh. In ainneoin na milliún dollar atá caite ag Rialtas Cheanada ó shin, ní heol do Roinn na Cosanta Náisiúnta cén uair a bheidh na fomhuireáin i seirbhís. Dhéanadh baill áirithe d’fhórsaí cosanta Cheanada clamhsán faoin easpa maoinithe a thabharfadh orthu earraí fabhtacha den chineál sin a cheannach. Ach tar éis do na saighdiúirí a mbairéid ghorma a bhaint díobh, ba leor agus ba shaoire don Rialtas dhá phiolla bheaga ghorma a sholáthar dóibh in aghaidh na míosa chun a n-aird a dhíriú ar ábhair eile.

9/11

Tá sé ina nath anois gur athraigh an saol mór ar 11 Meán Fómhair 2001. Ó tharla go raibh beannacht na Náisiún Aontaithe air, ghlac arm Cheanada páirt i dtreascairt na dTalabanach san

Afganastáin. Ó shin, tá Rialtas Cheanada i ndiaidh fanacht glan ar ghaineamh súraic na hIaráice. Ach anois tá breis is dhá mhíle saighdiúir Ceanadach i ndúiche Kandahar i ndeisceart na Afganastáine, áit a mbeidh siad go dtí 2009 ar a laghad. De réir na poiblíochta oifigiúla, tá dhá phríomhaidhm ag baint leis an mhisean, mar atá, infrastruchtúr an limistéir a atógáil agus an tslándáil a chur i bhfeidhm. Ach cibé rud faoin atógáil nó faoi smacht a chur ar fhás phoipíní an chodlaidín féin, is léir do chách gurb é an feachtas míleata in éadan na dTalabanach - na Talabanaigh sin a bhí ar an dé deiridh ceithre bliana ó shin, a maíodh san am – an cúram is práinní agus is marfaí atá ag arm Cheanada ann. Tá saighdiúirí Cheanadacha – bean duine acu – i ndiaidh anbhás a fháil san Afganastáin. Tá saighdiúirí Cheanada ag marú daoine san Afganastáin. Talabanaigh agus sceimhlitheoirí na daoine sin, a deirtear linn.

Tá na polaiteoirí i ndiaidh cruachinneadh a dhéanamh faoin mhalairt róil sin d’arm Cheanada. Go luath tar éis dá Pháirtí Coimeádach teacht i mbun réime, thug an Príomh-Aire, Stephen Harper, cuairt ar shaighdiúirí Ceanadacha san Afganastáin. Gníomh é sin a shamhlódh le Bush agus le Blair, agus ní leis na príomhairí Liobrálacha roimh Harper, mar atá, Chrétien is Martin cé gurbh iad na Liobrálaigh a d’fhaomh an misean nua sin an chéad lá riamh. Is cuid suntais é gur seanghinearál agus seanstocaire le haghaidh chomhlachtaí déanta lón cogaidh é Gordon O’Connor, Aire Cosanta Cheanada. Fear é a labhraíonn faoin dóigh gurbh fhéidir leis an arm an trealamh nua sin a úsáid i suímh shibhialtai dtubaistí nádúrtha i gCeanada agus ar an choigríoch — ach a gheallann fosta gur gairid go mbeidh plean nua réidh ag an Rialtas faoi thodhchaí ról arm Cheanada. Ós rud é go bhfuil na billiúin dollar geallta don fhearas míleata anois, díreoidh an plean ar spriocanna eile, ar nós an earcaithe is na traenála. Ach tá dhá phointe intuigthe cheana: méadófar ar an chaiteachas ar an arm agus is é fearadh na cogaíochta seachas coinneáil na síochána príomhchúram arm Cheanada thar lear feasta.

Míshuaimhneas ar an phobal

Más léir don Rialtas agus do na ginearáil go bhfuil athrú róil ag arm Cheanada, níl sé cinnte go bhfuil siad i ndiaidh an pobal ná na gnáthshaighdiúirí féin a thabhairt leo. Is ar éigean atá Roinn na Cosanta Náisiúnta in ann go leor earcach a fhostú le háit na saighdiúirí oilte atá ag éirí as an arm in aghaidh na bliana a thógáil. In ainneoin dianfheachtas earcaíochta a bheith ar siúl ag Roinn na Cosanta Náisiúnta (ní raibh aon éalú ó na fógraí ar theilifís Cheanada i rith Chorn an Domhain), ní fios an mbeidh speisialtóirí san arm féin chun na huirlisí cogaíochta úra a oibriú. Tá sibhialtaigh ann atá ag caitheamh i ndiaidh laethanta na mbairéad gorm nuair nach mbíodh airgead mór á ídiú ar an arm nó nuair a bhíodh an t-arm féin ar fáil chun tinte foraoise a mhúchadh sa samhradh agus an sneachta geimhridh a ghlanadh ó shráideanna Toronto.

Tá daoine eile ann ag iarraidh fáil amach cad é mar a d’íocfaí as cláracha sóisialta ar nós chóras na sláinte poiblí dá ndéanfaí infheistíocht chomh mór sin san arm. Is dealraitheach go dtacaíonn formhór an phobail lena gcuid saighdiúirí cibé áit a bhfuil siad ach ní hionann scun scan an

tacaíocht sin agus tacaíocht don mhisean san Afganastáin. Chuir Roinn na Cosanta Náisiúnta cosc ar na meáin chumarsáide a bheith ag an aerfort nuair a thugtaí coirp saighdiúirí marbha ar ais go Ceanada ionas nach gcraolfaí na pictiúir sin ar an teilifís. Bhí ar an Roinn scor den chosc oifigiúil sin ach tá an Rialtas buartha faoi bhreith an phobail i gcónaí. Duine de na saighdiúirí a maraíodh san Afganastáin le déanaí ná Anthony Boneca, ógfhear ó Thunder Bay, Ontario, a bhí i ndiaidh teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh chuig uncail leis, teachtaireachtaí inar chuir sé síos ar a mhíshuaimhneas faoina mhisean agus faoin easpa traenála a bhí faighte aige. Tá gaolta eile leis i ndiaidh a rá gur thacaigh an saighdiúir go hiomlán leis an mhisean. Cibé fírinne atá sa scéal, is léir gur chuir an phoiblíocht sin an-imní ar an Rialtas toisc gur thuig siad go bhféadfadh sé dul i bhfeidhm ar an phobal.

Is eol do chách i gCeanada go marófar a thuilleadh saighdiúirí Ceanadacha in Kandahar. An eagla atá ar an Rialtas ná go dtiontódh an pobal in éadan an mhisin, agus in éadan an Rialtais Choimeádaigh atá i ndiaidh é féin a ionannú leis, dá seolfaí saighdiúirí Ceanadacha abhaile i málaí coirp ar bhonn rialta. An réiteach ar an scéal ansin ná dáta cinnte a shocrú chun na saighdiúirí a aistarraingt ón Afganastáin — nó dhá phiolla bheaga ghorma an duine a thabhairt do phobal Cheanada in aghaidh na míosa chun a n-aigne a dhíriú ar chúrsaí eile.

Is ollamh comhalta leis an Léann Éireannach in Ollscoil Naomh Muire i Halifax na hAlban Nua é Pádraig Ó Siadhail. Is é Idir Dhá Thír: Sceitsí ó Cheanada (Lagan Press, Béal Feirste, 2005) an leabhar is déanaí leis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.