Tábhacht na hiomána i gcroí an duine óig, caithfear a aithint agus a thabhairt sa mheá más ag imeacht as Éirinn seal a bheas do thriall. Bhog PJ Mac Gabhann lena theaghlach go Páras.
Bhíomar beirt istigh sa seomra suí ag fanacht go nglaofadh sí. Mo bhean chéile, Mary. Bhí socrú déanta aici go gcuirfeadh sí glaoch orainn an tráthnóna sin toisc go raibh dea-scéala aici dúinn. “Meas tú cén scéala atá aici,” a d’fhiafraigh mo mhac, Dara, díom. In aois a thrí bliana déag, bhí stainc air ó chuala sé roinnt seachtainí roimhe sin go raibh sé i gceist againn Baile Átha Cliath a fhágáil agus cúpla bliain a chaitheamh i bPáras de bharr cúrsaí gairme.“Le bheith macánta faoi, a Dhara, níl tuairim faoin spéir agam,” a dúras leis. Bhí Mary ag cur fúithi cheana sa Fhrainc, i mbaile gar don ardchathair, ag obair léi agus ag iarraidh cúrsaí a eagrú sula dtiocfadh an bheirt againne ag deireadh an tsamhraidh. Chuireadh sí glaoch orainn go rialta i rith na tréimhse sin chun a rá go raibh cuid den troscán tagtha nó go raibh an t-inneall níocháin feistithe isteach ag an bpluiméir.
Bhuail an guthán; Dara a d’fhreagair. Níor thuig sé an rachlas ar fad a bhain le hathrú go cathair eile, boscaí pacála i ngach uile áit agus an teach ina chíor thuathail. Níor thuig sé ach oiread cad chuige a raibh air an teach a raibh muid inár gcónaí a fhágáil inár ndiaidh agus bogadh isteach in árasán. Agus a chairde. Agus an iomáint.
Binn na hIomána
Socraíodh roinnt coinníollacha sna cainteanna a bhí eadrainn nuair a luamar leis den chéad uair go raibh sé i gceist againn dul chun cónaithe sa Fhrainc. Dhá bhliain ar a mhéid, a d’éiligh sé. Ní bheadh ann ach dhá bhliain, a dúramar leis. Bheadh cead aige filleadh ar an gcoláiste samhraidh i gConamara an bhliain dár gcionn. Bhíomar lánsásta géilleadh don achainí sin. Agus na camáin. Thabharfadh sé leis na camáin agus na sliotair.
Mary a bhí ar an líne agus ga seá inti, ba chosúil. “Tá mé tar éis teacht air!” a dúirt sí. “Balla iomána. Sa pháirc atá cóngarach don árasán.” Seanbhuncar ón Dara Cogadh Domhanda a bhí i gceist aici, é ollmhór. Dhéanfadh sé cúis cinnte.
Ba dheacair do Dhara an club iomána, Naomh Bríd in iarthuaisceart na cathrach, a fhágáil ina dhiaidh. Agus an saol a ghabh leis. Ba mhinic a chloisinn é ag cíoradh cúrsaí camána lena chairde. Saineolaí sliotar ab ea é. Ba mhór go deo aige go raibh triúr col ceathrair leis tar éis cluiche ceannais iomána na gclub a bhuachan le Port Omna ar Lá Fhéile Pádraig na bliana sin.Agus na fáinleoga ag imeacht ó dheas ag deireadh an tsamhraidh, bhaineamar St Germain-en-Laye amach. Go dtí go raibh mí na Samhna ann, théimis beirt amach sa pháirc ag cleachtadh scileanna, an bhreith ar an sliotar, an tógáil ón talamh, an seachadadh láimhe. Is iomaí sliotar a scriosamar in aghaidh bhalla an tseanbhuncair a thóg saighdiúirí an Tríú Reich. Is iomaí sliotar a chailleamar sa mhóta timpeall ar sheanchaisleán ríoga an bhaile, caisleán inar chónaigh tráth Séamus II, rí na Seacaibíteach, agus é ar a theitheadh tar éis Chath na Bóinne.
Ba mhinic a stadadh daoine chun breathnú orainn. Thagadh cuid acu aníos chugainn agus ionadh orthu. Cén spórt é seo? Conas a imrítear é? An bhféadfaidís triail a bhaint as? Triúr a bhí amuigh ag sodar lá, chuala mé duine acu ag fiafraí den bheirt eile céard sa diabhal a bhí ar siúl againne. “Ag imirt iomána,” a d’fhreagair duine acu. “Cluiche as Éirinn.” Is ormsa a bhí an t-ionadh an uair sin, caithfidh mé a rá leat!
Ba bheag pocáil thart a rinneamar i gcaitheamh an gheimhridh. Spórt samhraidh atá san iomáint, is dócha, is cuma cén tír ina n-imrítear í. Ar theacht ar ais na bhfáinleog ag tús an tsamhraidh ina dhiaidh sin, ba dheacair muid a spreagadh leis na camáin a thabhairt amach arís agus dul ag lorg na sliotar. Ní féidir liom é a mhíniú. Easpa comhthéacs, easpa teagmhála, b’fhéidir. Agus an cleachtadh seo ar fad, ar mhaithe céard lena aghaidh a bheadh sé sa deireadh?
Cuireadh chun Báire
Ach tháinig ríomhphost chugainn ó Mick Cryan, Baile Átha Cliathach a bhfuil cónaí air i bPáras agus atá ina leaschathaoirleach ar Paris Gaels. ‘Imreoirí iomána ag teastáil,’ a dúirt sé. ‘Cúl báire go háirithe. Comórtas deireadh seachtaine ar siúl sa Lováin, gar don Bhruiséil. An mbeadh spéis agaibh ann?’ Phléamar ag tráth bia é. Bímis macánta faoi. Tá mé féin go maith os cionn 21 bliain d’aois agus tá na fiacaile curtha go maith agam! Ní raibh Dara ach ceithre bliana déag d’aois agus bheadh sé ag imirt in aghaidh daoine níos sine ná é. Bhíomar maith go leor ag pocáil thart in St Germain-en-Laye. Ach cluiche ceart crua agus iomaíocht ghéar, ba scéal eile ar fad é sin! Gan scéal an ghamhna bhuí a dhéanamh de, shocraíomar an deis a thapú.
Tá sé deacair orm a dhéanamh amach cén uair a bunaíodh Paris Gaels. Dúirt Mick Cryan liom go gceapann sé gur cuireadh an club ar bun nuair a bhí Disneyland Páras á thógáil in Marne-la-Vallée taobh amuigh den phríomhchathair ag deireadh na n-ochtóidí. Bhí roinnt mhaith fear óg anall as Éirinn ag obair ar an tionscadal an uair sin agus shocraigh siad club iomána a bhunú. Fuarthas amach ansin go raibh clubanna iomána sa Bhruiséil, sa Háig, i Lucsamburg agus in Zurich agus cuireadh tús leis an tsraith Eorpach. Is ina dhiaidh sin a tosaíodh ar an bpeil (fir agus mná) agus ar an gcamógaíocht i bPáras.
Ar nós aon chlub spóirt, bíonn an taobh sóisialta iontach tábhachtach. Cuirtear fáilte roimh mhic léinn Erasmus as Éirinn a bheith páirteach sa chlub - Barry O Regan, mac léinn tráchtála in Ollscoil Chorcaí, atá i gceannas ar an iománaíocht i mbliana - agus is minic a thagtar ar fhir agus ar mhná óga as na Stáit Aontaithe, an Astráil agus as an Nua-Shéalainn ag seisiún traenála. Roghnaíodh Simon Le Bot, fear as an mBriotáin, ina imreoir is fearr don bhliain 2009 ag ócáid mhór cheiliúrtha a bhí ag an gclub i mí na Nollag seo caite.
Tháinig an bheirt againn slán as an gcomórtas sin sa Lováin. Ag deireadh cluiche amháin ar an Satharn, bhí duine de fhoireann na Bruiséile ag caint le Dara. “Caithfidh gur tusa an duine is óige ar an bhfoireann,” a dúirt sé leis nuair a bhain Dara an clogad de féin. “Is dócha é,” arsa seisean. “Agus is é m’athair an duine is sine. Eisean sa chúl!”
Ag deireadh an lae agus muid ar an mbealach abhaile, dúirt mé liom féin nach ndéanfainn arís é, go raibh mé ró-aosta. Bhí eagla orm go ndéanfainn dochar dom féin. Aisteach go leor, anois go bhfuil na fáinleoga ar ais arís linn i mbliana, bím ag súil le ríomhphost ó Mick ag tabhairt le fios go bhfuil ‘imreoirí iomána ag teastáil’. B’fhéidir go mbeidh cúl báire de dhíth arís!