AR NA SAOLTA SEO
Páistí ag titim chun feola
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá páistí in Éirinn agus i dtíortha forbartha eile ag éirí níos raimhre. Is ar thuismitheoirí atá an fhreagracht a chinntiú nach gcleachtaíonn siad drochnósanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
Cuán (ar chlé) agus Dara Mac Dubhghaill in éineacht lena n-athair Uinsionn ar an gcéad lá dóibh ag Scoil Cholm Cille, An Tulach, Co na Gaillimhe. Sa ghrianghraf chomh maith tá Máirtín Ó Cualáin.

Bhí raic mhór ann nuair a thosaigh Dara agus Cuán s’againne ar scoil an mhí seo caite. Deora, barróga móra, súil amhrasach ar an múinteoir - tharla sé uilig dúinn, gan ach Mamaí agus Daid a lua. Chaith na leaids cuid mhaith ama an chéad seachtain ag iarraidh muid a shuimhniú. Ach tháinig Mamaí agus Daid tríd ar deireadh, agus glacann muid go réidh leis an scoil anois.

Ba bhreá liom dá mbeadh chuile shórt chomh héasca céanna. An cheist mhór atá ag dó na geirbe againn faoi láthair ná an Bosca Lóin: céard ba cheart a chur ann, nó a fhágáil ar lár. Déanann muid ár ndícheall: ceapaire cáise nó turcaí, úll nó piorra, sú oráiste nádúrtha. Ach anois is arís sleamhnaíonn an “rud deas” isteach i ngan fhios don chigire. Agus leis an tuiscint ghrinn ar Cheisteanna Móra an tSaoil is dual do bhuachaillí óga, feiceann Dara agus Cuán go bhfuil éiginnteacht áirithe orainn, agus baineann siad adhmad as. “Ach, a Mhamaí, bíonn rud deas ag na daoine eile,” a impíonn siad lena súile móra. Cé a thógfadh orainn é dá ngéillfeadh muid don bhrú sin?

Tá na tuairiscí léite agam, agus scanraíonn siad mé. Páistí ag éirí níos raimhre i mórán chuile thír atá “forbartha”, agus fadhbanna móra sláinte ag bagairt orainn amach anseo. Staitisticí dochreidte san Aontas Eorpach féin: rachaidh céatadán na ndaoine sa nGearmáin atá róramhar, nó obese, ó 57 faoin gcéad anuraidh go 71 faoin gcéad faoi 2006. Faoin mbliain chéanna beidh fadhbanna raimhreachta ag 69 faoin gcéad de na daoine fásta sa Spáinn, 52 faoin gcéad de mhuintir na Breataine agus 59 faoin gcéad de na hIodálaigh.

An bealach lena chinntiú nach mbeidh do pháiste fein ina measc ná an seanoideas traidisiúnta a leanacht: bia sláintiúil agus neart aclaíochta. Ach an bhfuil sé baileach chomh simplí sin? Sa lá atá inniu ann, bíonn faitíos ar thuismitheoirí ligint dá gcuid páistí siúl ar scoil. Inár gcás féin, ní dóigh liom go ligfidh muid do Dhara ná do Chuán dul ar scoil leo féin go dtí go mbeidh siad cuid mhaith níos sine - tá an príomhbhóthar ar a bhfuil an scoil suite i bhfad róchontúirteach chuige sin. Is fada uaim laethanta m’óige, nuair a shiúil mé ar scoil liom féin trí lár bhaile Dhún Laoghaire, agus gan ach ceithre bliana slánaithe agam. (Ar fhaitíos na míthuisceana, ní ar ré an Chéad Chogadh Domhanda atá mé ag trácht, ach ar lár na 1960í.)

Lárnach

Athrú eile ó na 1960í ná go bhfuil an teilifís chomh lárnach sin i saol na bpáistí anois. Cuirtear an milleán as chuile dhrochrud ar an teilifís, ar ndóigh, ach sa gcás seo tá meáchan áirithe leis an argóint: ní hamháin mar gheall ar na fógraí ach mar gheall go gcaitheann páistí an oiread sin ama suite os a comhair - am ar cheart dóibh bheith ag rith thart taobh amuigh. Idir an teilifís agus cluichí ríomhaireachta bíonn sé deacair iad a bhogadh, go háirithe má bhíonn an aimsir go dona faoi mar a tharlaíonn rómhinic sa tír seo.

Fadhb nua is ea an nós atá ann teilifiseán a chur isteach i seomraí leapan na bpáistí iad féin. De réir taighde a foilsíodh san American Journal of Paediatrics le déanaí is é an comhartha sóirt is mó go mbeidh do pháiste ramhar ná teilifiseán ina sheomra féin. Ní iontas ar bith é sin nuair a chuimhníonn tú gur fógraí ar mhaithe le bia milis de shaghas amháin nó de shaghas eile atá i 95 faoin gcéad de na fógraí teilifíse do pháistí a chraoltar, de réir suirbhé amháin. Ní dóigh liom go bhfuil an céatadán baileach chomh hard céanna in Éirinn (go háirithe ó seo go Nollaig nuair a bheas ollmhargú na mbréagan ar siúl), ach is cinnte go gcuireann siad go mór leis an mbrú.

Tagann rudaí eile i gceist chomh maith. Rudaí simplí ar nós cé chomh feiceálach is atá an fógra le haghaidh McDonald’s. Le déanaí d’oscail an comhlacht brainse nua san ionad siopadóireachta ar an taobh thiar de Ghaillimh. Tuigeann McDonald’s an cheird go maith: chuir siad an bhialann sa gcarrchlós, díreach ar thaobh an bhóthair mhóir. Ar an gcaoi sin feiceann chuile pháiste atá ar a bhealach isteach sa gcathair ó Chois Fharraige an ‘M’ mór dearg leis an gcúlra buí.

Ar ndóigh, ba ar an gcaoi sin a thosaigh muid ag dul chuig McDonald’s an chéad lá ariamh. Nuair a bhíodh na buachaillí an-óg, agus muid ar ár mbealach go Baile Átha Cliath le cuairt a thabhairt ar ár muintir, bhíodh brú i gcónaí orainn sos a thógáil faoin am a bheadh Áth Luain bainte amach againn. Agus, míthráthúil go leor, siúd ansin an ‘M’ mór dearg ag an timpeallán ar an mbóthar mór taobh thoir den bhaile.

Agus cé go dtagaim go hiomlán leis na daoine a deir gur chóir cosc a chur ar fhógaí don “ghreim ghasta”, faoi mar atá déanta le fógraí tobac, tuigim go maith gur orainn féin sa mbaile atá an fhreagracht is mó. Agus tá fimíneacht áirithe ag baint le duine atá chomh buartha sin faoin mbia a itheann a pháistí nuair is gá dó féin cúpla punt a chailleadh ... Go deimhin, deir na saineolaithe gur cur amú ama é bheith ag tathant ar pháistí meáchan a chailleadh nó cleachtadh coirp a dhéanamh, má fheiceann siad a dtuismitheoirí ag alpadh siar bia agus ag luí thart go leisciúil ar an tolg.

Ní baol do Dhara is Cuán faoi láthair, a bhuíochas sin don aimsir bhreá agus don saol sláintiúil atá acu faoin tuath ar chósta thiar na hÉireann. Ach má leanann an doineann ar feadh na míonna an geimhreadh seo, agus gan an deis chéanna acu a bheith ag spraoi amuigh faoin aer, beidh siad istigh sa teach agus beidh an-bhrú ann an teilifiseán a chur ar siúl níos minicí ná ba cheart. Sa gcás sin beidh an Bosca Lóin agus a bhfuil istigh ann níos conspóidí ná riamh.

*Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir. Chaith sé seal ag obair mar eagarthóir Gaeilge an *Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.