CÚRSAÍ SPÓIRT
Páidí Ó Sé, Ard an Bhóthair
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú siar ar ardfhear caide Ard an Bhóthair, Páidí Ó Sé, agus an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra ar pháirc na peile blianta i ndiaidh a chéile.

Íomhá
Páidí ar dheis 1975
(le Ray McManus do TG4 ar Flickr)
Íomhá
Tigh Pháidí
(le Sludgegulper ar Flickr)
Íomhá
Páidí ag roinnt comhairle 2008
(le Kman999 ar Flickr)
Íomhá
Fionntrá, suaimhneach
(le Christian Faulhammer ar Flickr)

Is mar bhall d’fhoireann chaithréimeach Chiarraí na seachtóidí agus na n-ochtóidí is mó a bheas cuimhne agamsa ar Pháidí Ó Sé, ardfhear caide agus iarbhainisteoir, a fuair bás de thaom croí, cheaptar, go luath Dé Sathairn 15 Nollag 2012 in aois seacht mbliana déag is dhá fhichead.

Le linn tréimhse na coimhlinte géire idir foireann peile Átha Cliath agus foireann peile Chiarraí a mhair ar feadh deich mbliana ó 1975 go dtí 1985, bhí Páidí Ó Sé ar na pearsana ba mhó agus ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla a thit amach aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile. Ach, coimhlint na gcarad a bhí ann dáiríre. Coimhlint a mhair ar pháirc na himeartha i mí Mheán Fómhair de ghnáth agus ar fhás cairdeas agus meas idir imreoirí dá bharr.

B’fhéidir gur áibhéil a rá go mba naimhde iad, ach cinnte ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad muintir Chiarraí agus muintir Átha Cliath ó na caogaidí i leith. Tuath in aghaidh cathrach. Iarthar i gcoinne Oirthir. Traidisiún in aghaidh nua-aimsearthachta. Luachanna dúchais i gcoinne sofaisticiúlacht uirbeach. B’in an tarraingt a bhain leis an iomaíocht eatarthu.

Bhí Páidí Ó Sé i lár na coimhlinte sin, agus coimhlintí eile nach iad le linn na tréimhse sin. Cé go bhfuil sé ráite gurb í an choimhlint idir comharsana an choimhlint is géire ar fad agus gurb amhlaidh a bhí idir Ciarraí agus Corcaigh, bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd idir Ciarraí agus na ‘Dubs’.

Sílim gur bhain Páidí Ó Sé ardtaitneamh agus sásamh as na coimhlintí sin toisc gur iontu a bhí na dúshláin agus na trialacha ba ghéire a bhí le fáil aige mar pheileadóir. D’oir a stíl agus a chur chuige do na hócáidí móra, é láidir, cróga, fearúil, teanntásach, dochloíte nach mór. In ocht gcluiche ceannais a bhuaigh Ciarraí níor éirigh ach le céile comhraic díreach amháin scór a fháil agus Páidí á mharcáil – éacht go mba dheacair a shárú.

Ag Saothrú Meas Namhad

A fhad is a bhain sé liom féin áfach agus mé mar bhall de Arm Heffo (fonóta thíos) sna seachtóidí agus ochtóidí, ba é Páidí Ó Sé an namhaid, namhaid nach raibh de chuspóir agus de phléisiúr sa saol aige agus ag a chomhghleacaithe mallaithe Ciarraíocha ach croí gach ‘Dub’ a bhriseadh chomh minic agus ab fhéidir. Seachas i 1977 agus 1976, d’éirigh leo é sin a dhéanamh, i 1975, 1978, 1979, 1985, 1986. Mo léan, ach tá an phian inbhraite fós!

Ach, d’fhás meas ar Pháidí Ó Sé i measc saoránaigh Chnoc 16 freisin. D’aithin muintir Átha Cliath nár ghnáthpheileadóirí iad Páidí, Jack, Mikey, Pat agus araile, agus thuigeadar freisin más é an treascairt a bhí i ndán dóibh go rómhinic gurb í an fhoireann peile ab fhearr a bhí ann riamh a bhí á gcéasadh.

Níor bhuail mé riamh le Páidí Ó Sé agus ní raibh aithne phearsanta agam air dá bhrí sin. Ach, de réir fianaise na ndaoine éagsúla idir pheileadóirí, thráchtairí, pholaiteoirí agus lucht aitheantais a labhair faoi sna laethanta tar éis a bháis, ba dhuine ar leith é ar mórán bealaí éagsúla.

Ar an gcéad dul síos bhí sé tiomanta don pheil Ghaelach agus do Chiarraí ó bhí sé ina ghasúr óg. D’oibrigh sé go dian le bheith sách maith chun geansaí Chiarraí a chaitheamh agus le go mbeadh an onóir sin tuillte aige. Aon uair déag a d’imir sé i gCluiche Ceannais Sinsearach na hÉireann agus ocht mbonn a ghnóthaigh sé. Trí bhonn Faoi 21 le cois. Ba mhór aige imirt dá chlub, An Ghaeltacht, chomh maith. Agus nuair a bhí a ré mar imreoir caite theastaigh uaidh freastal ar a chontae dúchais trí dul i mbun foireann an chontae mar bhainisteoir, rud a rinne, agus d’éirigh le Ciarraí craobhacha a bhaint arís faoina stiúir tar éis aon bhliain déag a chaitheamh i bhfásach peile. Thar aon duine eile dá chomhghleacaithe peile ba é ba mhó a d’fhág a lorg ar shaol an phobail ar díobh é.

An Rógaireacht

Dúradh agus scríobhadh na mílte focal faoi Pháidí tar éis a bháis. Insíodh na scórtha scéalta grinn agus scéalta faoi eachtraí éagsúla. B’amhlaidh gur theastaigh ó dhaoine a scéal a roinnt le muintir na hÉireann ar eagla, mar a dúirt duine amháin, go dtógfadh sé leis é go dtí an uaigh mura n-inseodh sé an scéal anois

Laoch mór ar lár” a dúirt Mícheál Ó Muircheartaigh. “Bhí sé dílis don gcultúr Gaelach, don dteanga, don gceol agus go háirithe don gcaid. Ba bhreá leis gar a dhéanamh do dhuine, cuma cé bhí ann”.

“Tá ár rí ‘mithe” a dúirt Mícheál Ó Sé, iarpheileadóir eile de chuid Chiarraí agus tráchtaire ar RTÉ Raidio na Gaeltachta.

Dúradh go raibh gean ar leith aige ar ‘Dubs’ maidir le comhluadar agus craic agus má bhí, bhí a mhalairt fíor chomh maith, mar is i gCiarraí a chaitheadh go leor d’fhoireann Átha Cliath na seachtóidí a laethanta saoire agus tábhairne Pháidí i gcónaí ar an sceideal acu.

Bhain cainteoirí agus scríbhneoirí leas as focail agus nathanna áirithe arís is arís eile agus cur síos á dhéanamh acu ar Pháidí Ó Sé: fathach peile, gaiscíoch, laoch, uasal, dílis, tiomanta, láidir, fear cuideachta, fear Gaeltachta, fear spraoi, fear a thug uaidh ar son an phobail, Ciarraíoch go smior. Agus bhí focal eile a úsáideadh go minic leis, cineál eireabaillín leis an méid a chuaigh roimhe, is é sin ‘rógaire’, focal a thug le fios don té a cheap a mhalairt nár naomh amach is amach a bhí i bPáidí Ó Sé. Ach, nár thuig na ‘Dubs’ an méid sin ón gcéad lá riamh!

Fonóta: Arm Heffo a baisteadh ar lucht leanúna fhoireann peile Átha Cliath i 1974. Bhí Caoimhín Ó hIfearnáin (“Heffo”) ina bhainisteoir. Bhuaigh foireann na seachtóidí Craobh Laighean sé huaire i ndiaidh a chéile agus Craobh na hÉireann faoi thrí. Spreag sin na Ciarraígh áfach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.