CÚINNE NA nEALAÍON
Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta
Sinéad Nic an Bháird Sinéad Nic an Bháird

Ón mhí seo ar aghaidh, cuirfear an léirmheas is fearr a scríobhadh sa mhí roimhe sin faoi Leabhar na Míosa ar ClubLeabhar.com i gcló in Beo!. Is í Sinéad Nic an Bháird an té a scríobh an léirmheas is fearr ar leabhar mhí an Aibreáin, Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta.

Íomhá
Diarmuid de Faoite, aisteoir agus Pádraig Ó Conaire 2 i súile a lán againn
Íomhá
Neill agus an bheirt fhear sa teach beag ósta
le Barry O Donoghue

Ní thógfaí ort é dá bhfeicfí thú tar éis duit ‘Cuireadh’, an chéad scéal sa chnuasach Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta, a léamh agus tú sínte ar tholg, cuimhní maidir le M’Asal Beag Dubh i do cheann agus tú ag súil le scéalta éadroma spleodracha.

‘Siúil uait liom ... scaoil díot anuas an brón agus an doilíos croí’, a deir Ó Conaire agus bígí leis agus an t-asal céanna á cheannach aige agus seal á chaitheamh aige ar a bhád lá deas samhraidh, ‘ag dul le sruth na habhann ... ag ligean do na smaointe fánacha teacht agus imeacht de réir a dtola’. Agus, leis sin, tá athrú meacain tagtha ar na scéalta, iad ag éirí duairc, gruama – scéal i ndiaidh scéil. ‘Tá Pádraic dorcha – an é nach raibh a fhios agat...?’ a fhiafraíonn Diarmuid de Faoite sa réamhrá. Is ea – ní raibh a fhios.

Ar na chéad scéalta troma seo tá ‘An tÁdh’ ina n-iompaíonn diabhlaíocht agus spraoi na ngasúr chun tubaiste agus gan ‘an t-ádh’ ach le gasúr amháin acu sa deireadh. Deireadh brónach atá ar an scéal ‘Nóra Mharcais Bhig’ chomh maith. Scéal é seo faoi chailín a bhogann go Londain, áit a luíonn sí isteach ar an ól, sula bhfilleann sí ar Éirinn arís. Is mór an t-áthas atá ar na tuismitheoirí agus í ar ais sa mbaile go dtí an oíche a ghéilleann sí dá laige is mó arís. Éiríonn sí caochta leis an ól agus déanann sí sceith bhéil di féin, agus dar leis an athair, tá sí tar éis an teaghlach a náiriú. In ainneoin go bhfuil a chroí briste, cuireann sé ar an gcéad traein eile ar ais go Londain í.

Is minic a chuireann Ó Conaire ag smaoineamh tú faoin daonnacht, go mór mór an cur amú saoil agus an caillteanas de dheasca laigí an duine. Má tá Nóra ag fulaingt as siocair a laige féin, feicimid an bród mar laige mhór i gcás athair Nóra, agus saol Nóra agus saol na dtuismitheoirí scriosta dá chionn.

Fiú mura bhfuil an éifeacht chéanna ag baint leo, tá an t-ábhar céanna i gceist sna scéalta ‘Misneach’, ‘An Gníomh’ agus ‘Crógacht’. Dhírigh Ó Conaire ar an réalachas ina chuid scéalta. Taobh amuigh de réimse na rómánsaíochta a bhí á chleachtadh ag scríbhneoirí a linne, leithéidí Phádraig Mhic Phiarais agus an Athar Peadar Ó Laoghaire, mhair an réalachas i gcónaí agus ba iad cúrsaí an tsaoil ba thábhachtaí do dhaoine; tá sé sin amhlaidh sa lá atá inniu ann freisin agus beidh go brách.

Mar sin féin, ní hionann sin is a rá nach bhfuil an greann sna scéalta, mar tá – idir ghreann dubh agus ghreann gan mhailís. Tá ‘Reggie’, ina gcuirtear síos ar ‘chontúirt na Gaeilge’, ar cheann de na scéalta sin. I Londain a chastar Fearfeasa Mac Feasa, scéalaí de chuid Uí Chonaire, agus Reggie ar a chéile. ‘Sasanach críochnaithe’ a bhí ann, a deir Fearfeasa. ‘Sasanach ceart ó mhullach a chinn go troigh a choise’. Cuireann sé a sháith iontais ar Fhearfeasa go n-éiríonn Reggie go héag leis an nGaeilge nó go bhfuil sé ina ‘ghalar go dona’ air. Ar fháil amach dó go bhfuil Gaeltacht ann, bailíonn sé leis go hÉirinn agus ansin chuig na hOileáin Árann, ‘pampútaí faoina chosa agus culaith de bhréid na n-oileán ar a dhroim’, a bhean fhadfhulangach fágtha ina dhiaidh aige.

An Reacaireacht

Is cuid de stíl scríbhneoireachta Uí Chonaire é ríomh an scéil a fhágáil faoi ‘scéalaí’ atá cruthaithe aige agus cuireann sé seo go mór leis na scéalta. Tá comhrá aige féin le Fearfeasa ag tosach an scéil ‘Reggie’; ‘Ní fios dom cé mhéad gloine mhaith fuisce ab éigean dom a thabhairt dó sular thug sé an scéal dom’, a deir sé. Tá sé féin in ‘An Rua ina Údar’ chomh maith, rud a neartaíonn ‘teacht i láthair’ an scéalaí féin. Cuireann sé an ‘stáitse’ os ár gcomhair amach. Bua an-mhór é seo atá le feiceáil i scéalta mar ‘An Ceol agus an Chuimhne 1’, ‘Ceol an Uafáis’ agus ‘An Rua ina Údar’, áit a mbaineann sé leas as suíomh lom, scáineach le haghaidh imeachtaí an scéil. Tá carachtair láidre agus coimhlint le fáil sna scéalta seo agus tá pictiúir bheoga cruthaithe aige dúinn.

Cuid eile dá stíl scríbhneoireachta agus scéalaíochta ná tarraingt an charachtair nach gcastar go díreach orainn sa scéal, ach a gcuirtear síos air trí chaint na gcarachtar. Spreagann sé seo samhlaíocht an léitheora go mór. D’fhéadfaí gurb é an seanfhidléir in ‘Ceol an Uafáis’, scéal a bhfuil an greann dubh ann, an sampla is fearr den stíl seo. Ní deir an fidléir tada; is é ‘cara’ le Ó Conaire atá ag aithris an scéil dúinn ach fós féin tá íomhá an-bheoga den fhidléir curtha ar fáil ann. Tríd an gcnuasach uilig, tá úsáid na teanga thar a bheith tuairisciúil; fileata agus glan uaireanta; slachtmhar, neamhcháidheach – chomh foirfe sin go mbraitheann sé leochaileach. Anuas air sin, fágann Ó Conaire thú ag fanacht i gcónaí leis an gcéad chor eile sa scéal. Agus tá sé seo uilig le feiceáil sa scéal ‘Neill’, sméar mhullaigh an chnuasaigh.

Seanbhean í Neill, ar fhág a fear í ag an altóir blianta fada ó shin, agus a chuir an milleán ar an mbean eile a fuair an fear sin. Mar atá ráite riamh, is é an rud is gaire don chroí is géire agus tá an t-olc ina croí ag Neill don bhean eile ó shin i leith. Tá an fear a thréig Neill caillte faoin am seo ach tá mac ag an mbean eile, ‘an scoláire óg’ mar a thugtar air, atá an-cosúil lena athair agus cuireann Neill ar bhealach a aimhleasa é chun díoltas a bhaint amach ar an mbean. Déanann sí cinnte de go dtitfidh sé i gcuideachta fir eile atá an-tugtha don ól. Faighimid amach cé acu ar oibrigh nó nár oibrigh lena beart agus í taobh amuigh de theach ósta beag, nuair a bhuaileann an bheirt fhear isteach ann. Tá deireadh an scéil seo eisceachtúil. An bhfuil a shárú le fáil?

Is scéal ann féin gach uile cheann den scéal is fiche atá le fáil sa chnuasach seo. Fiú má tá siad dorcha agus réalaíoch den chuid is mó, faoin am a bheidh na scéalta uilig léite agat is cinnte go mbraithfidh tú gur mhór ab fhiú iad a léamh. Agus chuile sheans go bhfágfar tú mar a fágadh Reggie!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.