CÚINNE NA nEALAÍON
OverNeath: saothar bríomhar, snasta
Siobhán Seoighe Siobhán Seoighe

Tá amhránaí nua agus albam nua ag an ngrúpa traidisiúnta Slide agus iad an-dóchasach go n-éireoidh leo a mbeatha a thabhairt i dtír ag seinm ceoil, mar a mhínigh Daire Ó Breacáin, fidléir an ghrúpa, do Shiobhán Seoighe le déanaí.

Íomhá
Daire Ó Breacáin i mbun ceoil
Íomhá
Íomhá
Trevor Hutchinson, léiritheoir an albaim nua

Caithfidh go bhfuil sé deacair sa lá atá inniu ann slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóir lánaimseartha traidisiúnta. Is éacht é nach n-éiríonn ach le roinnt grúpaí mar The Chieftains agus Altan a dhéanamh, ach tá an banna Slide dóchasach go n-éireoidh leosan maireachtáil ar an gceol chomh maith. Is léir go bhfuil misneach agus dóchas ar leith acu, go gcreideann siad iontu féin agus an tallann atá acu. Bhí sé seo le sonrú nuair a bhí deis agam labhairt le beirt ón mbanna, Daire Ó Breacáin agus Éamonn de Barra, le deireanas.

Tá Slide le chéile anois ó bhí 1999 ann. Ag Féile na Bandan i gCorcaigh a tháinig an smaoineamh chun cinn banna a thosú agus tá Daire Ó Breacáin (fidil agus giotár), Éamonn de Barra (fliúit, pianó, feadóga agus bodhrán), Aogán Lynch (consairtín agus feadóga) agus Mick Broderick (basúcaí agus maindilín) ag seinm mar ghrúpa ó shin i leith. Chaith siad bliain ag cleachtadh le chéile ar dtús agus is léir go bhfuil turas ar leith taistealta acu ó shin, go proifisiúnta agus fiú go pearsanta, ón lá cinniúnach sin i gCorcaigh. Tá trí albam eisithe ag Slide go dtí seo: The Flying Pig, Harmonic Motion agus OverNeath, a tháinig amach le déanaí. Tá cáil agus gradaim bainte amach acu sa Fhrainc agus chabhraigh an gradam de chuid Music Networks a bhuaigh siad (Young Musicwide Award 2006) go mór le haird a tharraingt orthu.éabhlóid agus fás tagtha ar an gceol agus anois i mbliana tá amhránaí nua acu, Andrew Murray, a chaith tamall mar bhall den ghrúpa De Danann.

Tá Daire ag éirí as a phost mar ailtire sa gcaoi is gur féidir leis a chuid fuinnimh agus a chuid ama a dhíriú ar an gceol agus ar Slide. Ní cinneadh éasca é seo do dhuine ar bith ach tá sé thar a bheith dóchasach mar gheall air.

“Is dóigh gur fíor a rá go mbeidh an ailtireacht ann nuair a bheidh mé aosta! Seo an t-am den saol, agus mé óg, chun ceol a sheinm agus a bheith ag taisteal na dtíortha! Chomh maith leis sin, tá cúrsaí ag dul go maith do Slide faoi láthair.”

Ní chuireann sé isteach ná amach ar Dhaire nach bhfuil éirithe ach le cúpla grúpa go dtí seo (na cinn a luadh thuas, mar shampla) slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóirí lánaimseartha traidisiúnta.

“D’éirigh go maith leis na Chieftains agus a macasamhail, agus an tslí ar éirigh leo ná trí bheith ag obair le ceoltóirí eile, mar shampla, Emmylou Harris agus daoine mór le rá. Ceapann muid go mbeidh muidne ábalta é sin a dhéanamh trí na hamhráin atá againn anois, atá ar ardchaighdeán; dar linn go bhfuil réimse ceoil níos leithne i gceist iontu ná ceol traidisiúnta amháin.”

Bhí spéis ar leith agam fáil amach cén chaoi a gcumann Slide a gcuid amhrán. Chuir Daire in iúl dom go scríobhann na baill na hamhráin ina n-aonar ach go dtagann siad ar fad le chéile ansin chun na cinn is fearr a roghnú le cur ar albam. Thug mé faoi deara nach raibh amhrán ar bith i nGaeilge ar an albam seo, cé go bhfuil Gaeilge ag triúr den bhanna agus amhrán nó dhó sa teanga sin ar na halbaim eile. Cén chaoi ar tharla sé sin?“Is iad na hamhráin is fearr atá scríofa againn a chuir muid ar an albam seo. Roghnaigh muid amhráin agus liricí a bhí ar ardchaighdeán, seachas amhráin a chur ar an albam díreach toisc go raibh siad i nGaeilge.”

Amhrán amháin atá gar do chroí Dhaire ná “Overneath the moon”, a chum sé dá athair. “Thug m’athair cabhair agus tacaíocht dom i gcónaí ach ní hea gur lig sé dom a bheith go hiomlán “over the moon” nó “under the moon” ach leathbhealach idir eatarthu – mar sin ‘OverNeath’!” Cheap siad go raibh “OverNeath” oiriúnach mar theideal don albam nua freisin mar go mbeadh sé éasca é a aimsiú ar na hinnill chuardaigh ar an idirlíon toisc nach bhfuil sé chomh coitianta leis an bhfocal “slide”.

Rinneadh an t-albam a thaifeadadh i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath agus bhí an t-ádh orthu Trevor Hutchinson a bheith mar léiritheoir acu. Is léiritheoir den scoth é a bhfuil an-chur amach aige ar an gceol traidisiúnta (is ball den ghrúpa Lúnasa é) agus thug sé tacaíocht agus treoir ar leith don bhanna.

Bainfidh go leor daoine an-taitneamh as an albam seo OverNeath. Tá ceol traidisiúnta atá bríomhar agus snasta le fáil air agus liricí comhaimseartha a chuireann Andrew Murray i láthair go cumasach lena ghuth eisceachtúil. Dúirt Seosaimhín Ní Bheaglaoich nach raibh “aon teorainn le tallann na gceoltóirí seo” agus bheadh sé deacair easaontú leis an tuairim sin.

Beidh bliain ghnóthach ag Slide in 2007. Tá an t-albam nua seolta agus tá camchuairt mhór thart ar an tír beartaithe acu agus turas nó dhó chun na Fraince chun aird an phobail a tharraingt air. Is féidir níos mó eolais a fháil faoin ngrúpa agus faoi na ceolchoirmeacha a bheidh acu ach cuairt a thabhairt ar na suímh ghréasáin thíos. Agus is fiú go mór breathnú ar an bhfíseán “Bracken finally falls” atá le fáil ar shuíomh MySpace an ghrúpa!

Suíomh: *www.slide.ie* MySpace: *www.myspace.com/slideieIs as Gaeltacht Ráth Cairn í Siobhán Seoighe. Tá sí ag obair mar Bhainisteoir Forbartha Gnó leis an gcomhlacht Gaelchultur (www.gaelchultur.com) i mBaile Átha Cliath.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.