THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Ómós faoi leith don mháthair i Meicsiceo
Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann

Míníonn Úna Nic Gabhann cén fáth a bhfuil oiread measa ar mháithreacha i Meicsiceo, in ainneoin stádas íseal a bheith ag na mná sa tír.

Íomhá
Barra de Navidad, an baile a bhfuil Úna Nic Gabhann ina cónaí ann
Íomhá
La Virgin de Guadalope
Íomhá
Juan Diego: dúirt sé go bhfaca sé an Mhaighdean Mhuire sa bhliain 1531
Íomhá

Is beag nach mbíonn féasta nó féile ar siúl achan lá den bhliain i Meicsiceo. Níl le déanamh agat ach féachaint ar fhéilire na tíre seo agus chífidh tú, mura bhfuil naomh inteacht á cheiliúradh ar lá áirithe, go mbíonn muintir Mheicsiceo ag céiliúradh rud éigin eile, neamhspleáchas na tíre, cuir i gcás. Chomh maith leis sin ar fad, bíonn laetha speisialta ann i rith na bliana a chomórann gairmeacha áirithe, ar nós lá na múinteoirí, lá na ndochtúirí nó lá na dtógálaithe.

An mhí seo a chuaigh thart, bhí mé i láthair ag cóisir a d’eagraigh cara liom. Lá na muinteoirí a bhí ann, mar a tharla sé, ach ba bhreithlá cúis na cóisire an iarraidh seo. Ar stocfheirm a tháinig na cairde ar fad le chéile i measc na gcearc agus na ngabhar, taobh amuigh de Guadalajara, an dara cathair is mó i Meicsiceo, a bhfuil seacht milliún duine ina gcónaí inti. Ach ba é an rud ab iontaí liomsa ag an chóisir seo ná an plé a bhí ag dul ar aghaidh fán Luan roimhe sin, a fhad is a bhí mise ag ól mo bhabhla *tequila *agus ag ithe mo phláta de bhaill éagsúla de mhuc - an craiceann, an teanga, an croí agus na magairlí - a maraíodh an lá roimhe sin. Bhí achan duine ag eachtraí ar a ndearna siad ar an lá speisialta sin, Lá na Máithreacha.

Is é 10 Bealtaine Lá na Máithreacha i gcónaí i Meicsiceo. Ní hionann é agus an nós atá in Éirinn agus i dtíortha eile Lá na Máithreacha a bheith ann ar an Domhnach deireanach den mhí. Is é an lá is tábhachtaí é sa bhliain don teaghlach, an mháthair go háirithe, ar ndóigh. B’fhéidir nach gcuirfeadh an mac atá ar imirce sna Stáit Aontaithe scairt theileafóin ar a mháthair Lá Nollag ach, gan dabht ar bith, chuirfeadh sé scairt uirthi an lá speisialta seo. Is é an t-aon lá sa bhliain a ligeann an mháthair a scíth, rud a bhíonn de dhíobháil go crua uirthi; tá sé de nós ag lánúineacha sa tír seo teaghlach mór a bheith acu agus, mar sin, bíonn an mháthair de shíor ag obair sa teach.

Bíonn modhanna éagsúla ceiliúrtha ann ó bhaile go baile nó ó eastát go heastát ach, go ginearálta, bíonn ceol, ól agus seó de chineál inteacht ag dul ar aghaidh an lá ar fad.

Is é an gnás sa bhaile a bhfuil mise i mo chónaí ann, Barra de Navidad, ná go dtosaíonn an féasta an oíche roimh ré ag meán oíche. Tagann fir an tí le chéile agus casann siad saranáid do bhean an tí. Is é an t-amhrán céanna a cheolann siad is a chantar ar bhreithlá, Las Mañanitas. Caitear siar cúpla deoch sula dtéann an teaghlach a luí; bíonn meanma mhaith acu agus bíonn siad ag súil go mór leis na baill den teaghlach atá ina gcónaí i gcéin a theacht chun an bhaile don lá dár gcionn.

Bíonn Aifreann ann ar maidin agus ina dhiaidh sin cuireann an scoil áitiúil dráma ar siúl do na máithreacha. Is minic a itheann an teaghlach i mbialann an lá áirithe seo agus is minic fosta go mbíonn na máithreacha le feiceáil sna tithe tábhairne. Is annamh a bhíonn máithreacha an bhaile ag ól go poiblí.

Meas ar an mháthair

Ní chuireann sé iontas ar bith ormsa go gcaitear saothar mór le Lá na Máithreacha i Meicsiceo nuair a smaoiníonn tú ar an mheas a léirítear ar an mháthair i dtólamh, go háirithe i measc na bhfear. Tá sé íorónta i ndáiríre gurb amhlaidh atá an scéal i Meicsiceo, tír a bhfuil clú agus cáil an fhir fhearúil, macho *uirthi. Go bunúsach, is é atá i gceist le *machismo ná an nós atá ag na fir a bhfearúlacht a chur i láthair an phobail go bagrach. Chomh minic lena athrach, bíonn na mná á ndíspeagadh acu fosta.

Samhlaigh fear ag caitheamh siar *tequila *agus ag maíomh gurb é an fear is fearr troda é, nó nach bhfuil buachaill bó inchurtha leis sa cheantar nó go raibh cúigear ban aige an oíche roimhe sin agus a bhean chéile sa bhaile leis na páistí. Níl le déanamh agat ach cúpla focal a rá fá dtaobh dá mháthair a fhad is atá sé ag plobarnaíl leis le stop a chur lena chuid breallaireachta ar an toirt. Tá sé drochmheasúil amach is amach drochfhocal a rá fá mháthair duine. Anuas air sin ar fad, tá an focal *madre *(máthair) ar cheann de na mionnaí móra is measa atá le cloisteáil sa tír.

Cé as ar tháinig an traidisiún seo ómós a thabhairt don mháthair? Measaim féin go bhfuil dlúthcheangal aige leis an mhórurraim atá le fáil sa tír do Mhaighdean Guadalope, La Virgin de Guadalope *nó Banríon Mheicsiceo, *La Reina de México. Is ionann í agus ár Maighdean Mhuire féin, ach gur Meicsiceach í, Indiach le bheith cruinn. Tháinig misinéirí na hEaglaise Caitlicí go Meicsiceo go luath i ndiaidh do na Spáinnigh Tenochitlan, príomhchathair na nAisticeach, a chur faoi chois sa bhliain 1523, faoi cheannasaíocht Hernán Cortés. Go díreach mar a tharla in Éirinn, thosaigh na misinéirí a fhoghlaim chultúr na ndúchasach go díograiseach. De réir a chéile bhí na teangacha éagsúla dúchasacha ar a dtoil acu agus eolas maith acu ar na gnásanna a bhain le creidimh na ndúchasach. Roimh i bhfad d’fhigh siad na seantraidisiúin chreidimh leis an chreideamh Caitliceach, rud a chuir ar a gcumas briathar Dé a chraobhscaoileadh go héifeachtach.

B’Indiach darbh ainm Juan Diego a chonaic an Mhaighdean Mhuire den chéad uair i mí na Nollag na bliana 1531. Nocht an íomhá de Mhuire os a choinne agus dúirt sí leis iarraidh ar an Easpag séipéal a thógáil ar bharr an chnoic ar a raibh siad. Dhiúltaigh an tEaspag an chéad uair agus nuair a chuir Juan Diego é seo in iúl don Mhaighdean, d’impigh sí air rósanna a phiocadh ar an chnoc agus iad a thabhairt don Easpag. Chuir sé iontas ar Juan go mbeadh rósanna ag fás i lár an gheimhridh ar bharr cnoic, ach bhí, agus thug sé leis iad chuig an Easpag ina fhallaing.

Nuair a d’oscail sé a fhallaing os comhair an Easpaig, thug siad beirt faoi deara an íomhá aoibhinn den Mhaighdean a tháinig aníos ar an fhallaing. Chreid an tEaspag an tIndiach ansin agus tógadh an séipéal go luath ina dhiaidh sin. De bhrí gur tháinig an Mhaighdean i láthair Indiaigh, chuaigh an creideamh Caitliceach i bhfeidhm go mór taobh istigh de thréimhse ghairid ar bhundúchasaigh Mheicsiceo. Ón bhliain 1532 go dtí an bhliain 1538, ghlac níos mó ná ocht milliún Indiach leis an chreideamh sin.

Ar fud Mheicsiceo comórann muintir na tíre, go háirithe na mná, Maighdean Guadalope i rith na bliana agus go háirithe i rith mhí na Nollag. Thig a mhaíomh, mar sin, go nascann “Lá na Máithreacha” trí ghné iontach tábhachtach i gcultúr Mheicsiceo le chéile - máthair Chríost, féastaí agus an Eaglais Chaitliceach.

Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í Úna Nic Gabhann. Tar éis di céim MA sa Nua-Ghaeilge a chríochnú in 2002, chaith sí tréimhse ag múineadh Gaeilge sa University of Wisconsin, Milwaukee agus tá sí ag cur fúithi anois in Barra de Navidad, Meicsiceo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.