THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Ólann mo Mhiúil as an nGainséis
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar Dhúbai, an chéad áit a stop siad.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Brothall a leagfadh camall …

An chéad stop ar an mbóthar fada dúinn ná Dúbai. A Mhaighdean go deo - an chuid is fearr ar fad de ná an t-aeroiriúnú gan aon agó.

8 a.m, tús Dheireadh Fómhair, agus brothall ann a leagfadh stail chamaill. Siúd faoi dhéin an óstáin sinn, an Howard Johnson, agus as sin caol díreach go dtí an lárionad siopadóireachta atá láimh linn, é gránna go maith ar an dtaobh amuigh, galánta istigh.

Ní úsáideann an tArabach a lámh chlé ach chun a thóin a ghlanadh. Chualaís é sin go minic, is dócha. Preit, a dhuine! Chonac Arabach uasal ó chianaibh agus a chroiméal breá dubh á shlíocadh aige lena chiotóg. Siopa Ann Summers na mbicínithe, éadach cnis. Gabhann Arabach mná thar bráid i bhfeisteas dubh ó bhonn go baithis, gan le feiscint ach gealacán na súl. Neamhchorrabhuaiseach. Uch, an teas… agus éide dhubh uirthi sin. Ní obann dubh an teas, má d’fhoghlaimíos i gceart é ar scoil.

Iasc ar a dtugtar an hamour chun lóin againn.(There’s wan for the gawbies, mar a dúirt an té a dúirt, pé brí a bhí aige leis). Níl aon locht air mar scíobas. Ach, ag féachaint dúinn inár dtimpeall, tá fógraí go leor ann ag ár gcara Coca-Cola agus ní go deas atá an hamour ag sleamhnú síos mar, éist! CNN ag scaothaireacht faoin gCogadh ar Sceimhlitheoireacht, mar a thugtar air; dá dheasca sin is deacair eispéireas eitneach a thabhairt ar an gcéad lón anseo againn i nDúbai. Cogadh ar Scaothaireacht is ceart a fhógairt. Tá a fhios ag fia is ag fiolar nach fonótaí beaga iad gás agus ola sa “chogadh” seo. Cuirtear fuinneamh gréine ar fáil ar fud an domhain, fuinneamh gaoithe, fuinneamh na dtaoidí. Ní le héinne an ghrian, ní le héinne an ghaoth, ní le héinne na taoidí, go fóill ar aon nós.

Gliomach sa ghaineamhlach …

Is fánach an áit ina bhfaighfeá gliomach, ach gliomach sa ghaineamhlach? Col ceathrair liom anseo i nDúbai, Leo Keane, cothabhálaí meaisíní cóipeála. (Cathánach ab ea mo mháthair, leaba i measc na naomh go raibh aici). Buailfimid leis anocht san Irish Village, tábhairne, go bhfóire Dia orainn!

Mmm. Níl an caife i nDúbai thar mholadh beirte. An ar an mbainne atá an locht, n’fheadar? An bainne camaill atá siad a thabhairt dúinn? A dhroimín donn dílis …

Tá muintir Dhúbai, nó na Dubs mar a thugaimse orthu, níos cairdiúla ná muintir Bhaile Átha Cliath, cé go bhféachann cuid acu stuacach dúnárasach go leor. Gluaiseann an trácht go deas réidh neamhbhagrach sa chuid is mó den am, cé go bhfuil corrghealt amuigh a cheapann gur rásaí camall atá ar siúl; is annamh bonnán le clos, áfach - ná béic. Níl buile bóthair tagtha i gceart go Dúbai fós. Gan de bhéiceanna le clos, dáiríre, ach ón muezzin, fear na bpaidreacha, agus é ag stealladh na ngrást. Ainm Dé á fhógairt go féiltiúil aige agus a bhéic bheannaithe á méadú ag callaire sa tslí nach bhfuil aon éalú uaidh. Mheabhródh sé Clog an Aingil duit ar shlí.

Tráth na gceist …

Saghas institiúide é faoin am so an Irish Village, flít tacsaithe lasmuigh de i gcónaí, ar eagla go mbeadh Éireannach bocht éigin ag tabhairt dhá thaobh an bhóthair leis abhaile, rud ná tarlódh, ar ndóigh, ach i dtromluí.

Bagún agus cál ceannann a ordaímse san Irish Village agus faighim sluaiste de. Deinim amach gurb é seo an t-aon áit sna hEimiríochtaí Aontaithe Arabacha go léir ina bhfaighfeá bagún - go maithe an Fáidh dhom é.

Quiz boird an caitheamh aimsire mór anocht. An grúpa Ragús le bheith ann an tseachtain seo chugainn chun comóradh cúig bliana “an tsráidbhaile” seo a cheiliúradh.

Sasanach é fear na gceisteanna. Ní éiríonn rómhaith leis an bhfoireann seo againne. Roy Keane, nó Manchain, nó puncghrúpa dearúdta éigin (dearúdta glan agamsa ar aon nós) gach re freagra ceart. Athraíonn na ceisteanna ó sheachtain go chéile ach deirtear liom gurb iad na freagraí céanna iad a bheag nó a mhór.

deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó. Ceist … an tír is lú daonra ar domhan? An Afganastáin a deir Albanach aibí gan náire. An Vatacáin a deir Sasanach searbhasach. An Ghraonlainn, a deirimse, Gael gaoiseach. Bhí ina raic. Státchathair agus ní tír í an Vatacáin, arsa saoithín éigin go húdarásach. Cath seo na gceisteanna á throid ar mhaithe le cás beorach, nó ar son éarlaise, le bheith cruinn. Tabharfaidh an t-eischeadúnas an cás beorach don mbuaiteoir atá in ann a chruthú nach Moslamach é agus go bhfuil níos lú ná deich faoin gcéad dá theacht isteach á chaitheamh aige ar alcól, má thuigim an scéal i gceart. Ach níl sa chéapar seo ar fad ach mugadh magadh mar tá raidhse deochanna meisciúla ar fáil sna hóstáin go léir agus ní gá dhuit faic a chruthú sna háiteanna sin ach go bhfuil béal ort.

Cuirim cártaí abhaile go hÉirinn, cártaí a léiríonn rásaí na gcamall. (Ní gá dóibh a bheith buartha: dianchosc ar chearrbhachas sa tír seo… ainneoin gur i nDúbai a ritear an rás capall is luachmhaire ar domhan). Thagraíos cheana do na rásaí camall im nóibhille, Lacertidae, mar is eol duit go maith más duine den deichniúr thú a léigh (faoi dhó) é. San úrscéal tréitheach le hIsaac Bashevis Singer, Scum, deir an príomhcharachtar ann nach bhfuil sa saol i ndeireadh báire ach nithe ag titim amach mar a chaithfidh a thitim amach, nithe a taibhríodh duit cheana, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil tú á bhfeiscint anois den chéad uair, mar dhea, le do shúile cinn. Fastaoim, a deirimse. Léas Cumhacht na Cinniúna le Tomás Bairéad fadó agus gan agam ach Gaeilge na scoile; ar chuma éigin, dhiúltaíos riamh don kismet, do nóisean sin na cinniúna. Ní hionann san is a rá nach ann di mar chinniúint!

An chosmhuintir …

I gcúinne beag den pháipéar áitiúil, chím grianghraf a chorraíonn mé, grianghraf d’Áiseach bocht éigin a fuarthas marbh. Cé hé féin? Bás nádúrtha a fuair sé, de réir dealraimh, ach ní fios cé hé féin. Bás nádúrtha? B’fhéidir é, ach cé chomh nádúrtha is a bhí an saol a chaith sé anseo i measc na milliúnaithe? Is iad na hÁisigh - Indiaigh, Pacastánaigh, Filipínigh - a dhéanann an obair shuarach i nDúbai, a ghlanann suas inár ndiaidh. Tá tuairim agam gur réamhbhlaiseadh is ea é seo - gurb é seo atá romhainn, an sách is an seang.

Is álainn iad na moscanna anseo ach meabhraíonn na foirgnimh eile Beirlín dom, Oirthear Bheirlín aimsir an Chumannachais, agus is é a deir siad ná, “Nach téagartha sinn anois! Nach orainn atá an rath!” Is ea, tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá …

An bhfuiltear ag teacht i dtír ar Indiaigh ar bhealaí eile fós? Chonaiceamar saothar an-bhreá le healaíontóir Indiach anseo, déanta as adhmad, iad ar díol ar 250 dirham an ceann, abair tríocha punt. (Beidh an euro i bhfeidhm faoin am a sroisfimid an baile, ar ndóigh. Bíodh). Is cinnte nach mbeadh a leath le n-íoc agat i gceantar dúchais an ealaíontóra. Ach ansan arís, seans nach mbeadh gailearaí ann chun a shaothar a chrochadh ach an oiread. Nach in é an domhan ina mairimid, an geilleagar saor… Saor sinn!

Tugtar an “Creek” nó an góilín ar an ngaoth sáile a shníonn trí Dhúbai agus is ann a chífidh tú an dhow, an bád traidisiúnta atá ag trádáil leis an India agus leis an Afraic mar a dhein leis na cianta cairbreacha. Ar dhá thaobh an ghóilín a gheobhair na tacsaithe uisce; abra a thugann siad ar a leithéid. Abracadabra, tugann ceann acu trasna an ghóilin sinn, radharc againn ar thithe spéire san áit a raibh gaineamhlach lom ag síneadh go fíor na spéire scór éigin bliain ó shin.

“Rolex! Rolex!” agus manaí eile ina mílte ag na mangairí. Ní gá a rá nach é an fíor-Rolex é ach macasamhail. An réamhbhlaiseadh eile é seo? An mbeimid in ann idirdhealú a dhéanamh idir an t-earra ceart agus an t-earra bréige?

Cheannaigh Eithne scairf di féin sa souk, margadh na dteicstílí. Má léis (faoi dhó) an leabhar filíochta is déanaí uaim, Syójó, is eol duit cén fáth nár chaitheas uaireadóir le tarraingt ar dhá scór bliain anuas - ach brisim amach an babhta so. Géillim don am, sa deireadh. Ní maith mar a réitíonn an t-am le duine ar nós leis dearcadh ar an saol sub speciae aeternitatis. Thit an t-uaireadóir as a chéile an lá dár gcionn.

Tacsaithe uisce ag teacht is ag imeacht gan staonadh. An ghrian ag dul faoi. Uiscí an ghóilín ag éirí corcra, an domhan ag dorchú. Bleaist eile d’Allah akbar ar fud na bhfud, ó thúirín an mhoisc - tá Dia mór. Tá gan dabht, arsa mise, á fhreagairt, agus Máthair mhaith Aige.

An mairnéalach misteach …

Ar ais linn san abra agus lasmuigh den Al Abra Cafeteria, feach!- giolla freastail ar a dhá ghlúin, ag paidreoireacht. John Player Gold Leaf an fógra atá os a chomhair, ar leibhéal na súl. An mairnéalach féasógach, an lógó cáiliúil úd i lár chrios sábhála, íomhá mhistéireach ó m’óige, agus ba dhóigh leat ón ngiolla cráifeach gur á adhradh a bhí sé. Ar ndóigh, tá Dia gach áit.

“Cé na súnna atá agaibh?” a fhiafraíonn Eithne den ghiolla, an t-aon ghiolla amháin nach bhfuil ar a ghlúine. Sú papaya a roghnaíonn sí. “Is fada ó shú papaya a tógadh thú!” a deirimse léi. Caife agam féin. Siúcra ann; ní nós liom siúcra a ghlacadh ach nach cuma sa tsioc. D’ólfainn mún camaill tur te anois dá gcuirfí os mo chomhair é agus bheadh blas air.

Eithne ag déanamh iontais cé chomh glan is a bhíonn an kandouraa chaitheann na fir, an chulaith-léine a chlúdaíonn ó bhonn go baithis iad. Eagla uirthi go n-iompóidh mé i m’Arabach: í ag cuimhneamh ar an méid iarnála a bheadh le déanamh.

Ní ar dhátaí amháin a mhaireann na daoine: an t-uafás roghanna bialann i nDúbai. Tugaimid Leo amach le haghaidh béile Polainéisigh. Mná leathnochta ag rince sa stíl Thaihítíoch agus scata ban Dúbaiach ag breathnú orthu, leathalltacht, leathsceitimíní orthu.

Striapacha ón Rúis …

Abhaile linn go dtí ár n-óstán féin ansin chun deoch an dorais a chaitheamh siar; tugann Leo faoi ndeara láithreach - an é gur saonta atáimidne? - gur striapacha Rúiseacha a leath dá bhfuil ag cuimilt meala leis na hArabaigh ghustalacha ann. Na nithe nach mbíonn sna treoirleabhair oifigiúla, ambassa.

Arabach ag ól todóige agus leathghloine Jameson ina ghlac, beirt striapacha ar adhastar aige. Cad seo, in ainm an Fháidh? An bhfuil Ioslam ag titim as a chéile? Banna Sasanach ag seinm. Straois ar dhuine de na hamhránaithe agus “Hotel California” á rá aici. A déad neamhlonrach ina scáthán ar a hanam. Ach ní ceart dom breith a thabhairt ar dhaoine mar sin. Seans gur cailín an-deas ar fad í agus nach leáfadh an t-im - im bainne chamail féin - ina béal. Fiafraím díom féin, an bhfuil an “cultúr” Lár-Atlantach (atá á chosaint go tréan ag Bush agus Blair sa “chogadh” seo), an bhfuil an “cultúr” sin ag dul i bhfeidhm ar na hArabaigh?

Féachaim ar chréatúr acu. Féachaim ar na cuaráin atá á gcaitheamh aige. Níl a throigh ag bogadh i dtiúin leis an gceol, ná ordóg na coise féin. Á, caithfidh gur Arabach fós é ina chroí istigh, mo ghreidhin é. Buíochas mór le Dia na nArabach. Má fhillim ar an óstán seo i gceann deich mbliana, áfach, agus má fheicim mo dhuine romham, an mbeidh sé gafa? An mbeidh lúidín a choise ag corraíl oiread na fríde? Agus cad a imeoidh ar na striapacha nuair a thógfaidh cailíní níos óige a n-áit? Caithfidh mé teacht ar ais anseo lá níos faide anonn i mo choirnéal in Arm an tSlánaithe dom.

Is file é Gabriel Rosenstock agus eagarthóir leis an nGúm i mBaile Átha Cliath.

Foilseoidh Cló Iar-Chonnachta an leabhar as a bhfuil an sliocht thuas tógtha, *Ólann mo Mhiúil as an nGainséis, ag deireadh an tsamhraidh.*

Ar leanúint an mhí seo chugainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.