AR NA SAOLTA SEO
Oireachtas na Samhna
Ray Mac Mánais Ray Mac Mánais

Chonaic Ray Mac Mánais fiúntas agus saibhreas in imeacht na mblianta ag Oireachtas na Gaeilge agus má dhruid an duibheagán leis go bagrach ar an láimh eile, thóg an dream óg a chroí lena gcuid spleodair.

Íomhá
Feistithe don spraoi
Íomhá
Tús na hoíche, idir óg, aibí is aosta in Óstán na hEaragaile
Íomhá
Corn Uí Riada, Pól agus Máirtín
Íomhá
An dream Craiceáilte nach ndearna aon doiligh sa Chlann Rí
Íomhá
As Doire Theas
Íomhá
As Ceatharlach agus OÉG

Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu. Blianta fada ó shin, bhain cuid den phléisiúr le rudaí beaga neafaiseacha nár bhain le cúrsaí Oireachtais ar chor ar bith: an seomra en suite; na buidéil bheaga foltfholctha le tabhairt abhaile don dream óg; agus an buidéal mór Jameson 12 Year Old a bhronntaí ag an am maille leis an seic ar £25 mar chéad duais i gcomórtas na Lúibíní.

Tá cuimhní geala agam ar Oireachtas Ghleann Cholm Cille i 1989. Is ar éigean go raibh níos mó ná dhá chéad go leith duine ann, ach bhí sé ar cheann de na hOireachtais ba thaitneamhaí riamh. Bhí gach duine againn le chéile in aon seomra amháin san óstán oíche Dé Sathairn, agus bhí oíche go maidin againn ann le ceol, amhránaíocht, damhsa agus craic. Bhí seisiún eile againn sular fhág muid an Gleann Dé Domhnaigh, agus muid ar fad ag súil go mór le casadh ar a chéile arís in Inis, Co. an Chláir, ag Oireachtas 1990.

I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin, d’fhreastail suas le deich míle duine ar na himeachtaí éagsúla ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne anuraidh – agus bhí an tOireachtas sin iontach pléisiúrtha chomh maith. Nach furasta muintir na Gaeilge a shásamh? Go deimhin, is furasta, i ndáiríre. Níl uainn ach láthair chruinnithe atá réasúnta sócúil, áit a bhfuil bia agus deoch ar fáil, agus seomraí atá fóirsteanach do na comórtais agus do na himeachtaí éagsúla. Eagraíonn foireann chumasach Oireachtas na Gaeilge gach rud go paiteanta agus go pointeáilte, agus fágann siad an chraic fúinn féin.

An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach

Níl mé ag rá nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas. Is maith atá a fhios againn go raibh, agus go mbeidh arís. Is cuimhin liom a bheith i measc an tslua taobh amuigh d’Óstán na Sceilge, nuair nach ligfí isteach muid i ndiaidh Chorn Uí Riada; an lucht a bhí faoi ghlas istigh ag seoladh piontaí amach trí na fuinneoga chuig na daoine bochta a bhí faoi ghlas amuigh. An oíche sin a dúradh den chéad uair go raibh “an tErectus ina cock-up”.

Tá cuimhne agam ar am eile, i mbaile eile, nuair a bhí brothall an tsamhraidh againn tráth na Samhna agus bhí dream mór ag canadh taobh amuigh den óstán mall san oíche. Tháinig an bainisteoir bocht brúite amach agus d’impigh sé orainn dul isteach agus a bheith ag ól sa bheár – an chéad bheár ar caitheadh mé isteach ann riamh.

Níl cuimhne agam go raibh racán ná scliúchas ag Oireachtas riamh, ná baol air fiú. Cén fáth, mar sin, go raibh gá le lucht slándála míbhéasach, drochmhúinte, righin in Óstán Mt. Errigal i Leitir Ceanainn oíche Dé Sathairn seo a chuaigh thart? Luath go leor san oíche a bhailigh siad isteach, iad gléasta ó bhaithis go bonn in éide dhubh agus cuma bhagrach orthu. Duine ar bith a bhí ag iarraidh dul a luí, nó cuairt a thabhairt ar theach an asail fiú, níor leor eochair an tseomra a thaispeáint. Chonaic mé bean bhocht amháin a bhí go hiomlán trí chéile. Cé go raibh cárta an tseomra ina lámh aici, chuir an lucht slándála isteach uirthi chomh mór sin nach raibh cuimhne aici cén uimhir a bhí ar a seomra, agus ní raibh siad sásta í a ligean tharstu le dul a luí.

Brú, Bagairt is Béicíl gan Ghá

Ansin thosaigh siad ag béicíl agus ag drantú agus ag druidim isteach ar an slua a bhí fós ag caint agus ag comhrá i bhforsheomra an óstáin. Ní raibh aon ghá leis. Bhí sé náireach, agus ba chóir go mbeadh náire ar lucht an óstáin a d’fhostaigh iad, más iad.

Ach, más sa duibheagán a bhí mé ag daoine áirithe oíche Dé Sathairn, is sna flaithis a bhí mé ag dream óg an Oireachtais oíche Dhéardaoin. Bhí mé i mo bhall den bhanna ceoil a bhí ag seinm don chéilí mór ag Scléip na hÓige sa Clanree. Bhí na céadta daoine óga ann, iad ar fad idir ceithre bliana déag agus ocht mbliana déag d’aois, iad gléasta i mbréagriocht agus ag ól deochanna glana. Ó thús deireadh na hoíche níor chuala mé ach Gaeilge líofa. Bhí na damhsaí ar fad acu agus bhí chuile dhuine acu amuigh ar an urlár d’achan damhsa. Bhí focail na n-amhrán ar fad acu, agus iad breá sásta iad a ligean amach in ard a gcinn. Agus bhí siad thar a bheith múinte agus thar a bheith bródúil as a n-oidhreacht Ghaelach. Nach iad a thóg ár gcroí.

Tá moladh mór ag dul don mhuintir a eagraíonn Scléip na hÓige agus do na heagraíochta lena mbaineann na daoine óga seo: Ógras; Spleodar; Cumann na bhFiann; Feachtas; agus Óige na Gaeltachta. Is iad seo todhchaí na Gaeilge agus todhchaí an Oireachtais. Is léir go bhfuiltear á misniú agus á gcaomhnú mar is ceart. Gura fada buan muintir Scléip na hÓige agus gura fada buan foireann Oireachtas na Gaeilge.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.