CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Oidhreacht an Chláir: tionscadal fíorspéisiúil nua
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

institiúid oideachais ardleibhéil, a bheas ag díriú ar ghnéithe éagsúla de thraidisiúin na hÉireann, curtha ar bun ag grúpa daoine i gContae an Chláir. Tá sé mar aidhm ag an institiúid seo na healaíona traidisiúnta a chaomhnú ina dtimpeallacht dhúchasach féin. “Oidhreacht an Chláir” an t-ainm atá ar an tionscadal agus labhair Antaine Ó Faracháin le Dónal de Barra, duine de na daoine atá ina bhun.

Íomhá
Roinnt de bhunaitheoirí Oidhreacht an Chláir
Íomhá
Rang de chuid Oidhreacht an Chláir
Íomhá
Íomhá
Grúpa a d'fhreastail ar dheireadh seachtaine de chuid Oidhreacht an Chláir i mí Feabhra

Antaine Ó Faracháin: A Dhónail, inis dom i dtosach cén chaoi ar tháinig an smaoineamh seo chun cinn. Cé a smaoinigh air i dtosach?

Dónal de Barra: Mé féin a bhí ag breathnú ar an spéis idirnáisiúnta atá léirithe sa léann Ceilteach le déanaí, go háirithe sa cheol traidisiúnta agus sa bhéaloideas, agus ansin an easpa freastail a bhí á dhéanamh ar na mic léinn sin nuair a tháinig siad ag cuartú na bhfoinsí agus thobar an dúchais sin. Labhair mé le daoine áitiúla go bhfuil cáilíochtaí acu i ngnéithe éagsúla den ghnó sin agus shocraigh muid breathnú isteach sa scéal níos doimhne. Daoine mar Rosie Day, Muiris Ó Rócháin, agus Tomás Ryan a tháinig i gcabhair orm.

AÓF: An bhfuil sibh i bhfad ar an mbóthar?

DdeB: Tá muid cláraithe mar chomhlacht le breis is bliain anuas agus chaith muid seal roimhe sin ar an réamhobair.

AÓF: Inis dúinn go díreach cad atá i gceist le hOidhreacht an Chláir.

DdeB: Is mioninstitiúid oideachais ardleibhéil í atá dírithe go príomha ar dhaoine a dteastaíonn uathu staidéar a dhéanamh ar chultúr an Chláir. Tá muid ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr agus ina theannta sin tá muid ag tógáil leabharlainne agus cartlainne faoin gcultúr céanna. Is coiste deonach sinn agus ní ar mhaithe le brabús é an feachtas. B’fhiú dom a lua go bhfuil institiúid den chineál céanna i mBaile Uí Bheacháin, atá ag freastal ar ealaíontóirí, agus tá ag éirí go han-mhaith leosan.

AÓF: Cad iad na haidhmeanna atá agaibh?

DdeB: Institiúid oideachais a bhunú mar a luaigh mé thuas; lárionad a oscailt i Sráid na Cathrach ina mbeidh fáilte roimh scoláirí; leabharlann agus cartlann a chur ar fáil, ina mbeidh gach saghas áise, chun gur féidir le daoine staidéar a dhéanamh ar ár gcultúr; agus, dár ndóigh, beidh amharclann i gceist freisin.

AÓF: Tá sé i gceist cúrsaí oideachais a reáchtáil faoi ghnéithe éagsúla den chultúr. Céard go díreach na hábhair staidéir a bheidh ar na cúrsaí seo?

DdeB: Is dócha gurb é an ceol traidisiúnta is túisce a thagann chun cuimhne ach ní múineadh ceoil atá i gceist againn (tá go leor á dhéanamh sin cheana féin) ach léiriú a thabhairt ar chúlra an cheoil agus na foinsí as ar eascair sé, na daoine a chum agus a chaomhnaigh an ceol sna blianta roimhe seo, an tslí ar mhair siad anseo lena linn féin agus an spreagadh a fuair siad ón saol sin. Chomh maith leis an gceol, beidh muid ag díriú ar bhéaloideas, stair áitiúil, litríocht, tíreolas agus ar go leor gnéithe eile dár gcultúr.

AÓF: Ar reáchtáladh aon chúrsaí go dtí seo?

DdeB: Reáchtáladh sraith de thrí dheireadh seachtaine i rith an gheimhridh seo caite. Cineál tús leis an obair a bhí anseo chun taighde a dhéanamh ar an mórmhargadh.

AÓF: Cén saghas scoláirí a d’fhreastail ar na cúrsaí seo agus cén leibhéal a bhí i gceist?

DdeB: Tháinig siad ó chian agus ó chóngar. Ba mhic léinn tríú leibhéal roinnt mhaith acu ach bhí go leor de mhuintir na háite ann freisin a raibh suim speisialta acu i gcúlra an cheoil.

AÓF: Ceann de na haidhmeanna eile atá luaite agat ná cartlann a bhunú. Inis dom faoi sin.

DdeB: Ba dhíol spéise dom féin i gcónaí an oiread mórbhailiúchán príobháideach de cheol agus de bhéaloideas atá sa gceantar seo cheana féin agus bhí imní riamh orm go scaipfí iad seo ar bhás a n-úinéirí d’easpa ionad ceart áitiúil dóibh. Thit sé seo isteach go deas leis an gcoincheap d’institiúid oideachais a bheadh ag iarraidh leabharlann a bhunú pé scéal é. Tá an-chuid taifeadtaí de cheol agus de shean-Ghaoluinn an Chláir anseo is ansiúd agus tá ar intinn againn iad ar fad a bhailiú faoi aon díon amháin.

AÓF: An bhfuil ábhar bailithe agaibh cheana féin lena haghaidh?

DdeB: Tá cuid de na bailiúcháin seo geallta don chartlann nua cheana féin agus tá fochoiste ag obair ar an mbailiúchán ar an mbonn sin. Mar shampla, tá taifead fuaime iomlán déanta ar imeachtaí Scoil Samhraidh Willie Clancy i mbliana. Tá go leor pleananna eile againn, dár ndóigh.

AÓF: Cá mbeidh an chartlann seo lonnaithe? An mbeidh sí oscailte don phobal i gcoitinne agus do thurasóirí agus araile nó an mbeidh sí dírithe ar scoláirí amháin?

DdeB: Tá áitreabh caoi aimsithe againn ach tá an páipéarachas fós le críochnú ina thaobh agus beidh roinnt athchóirithe le déanamh air amach anseo. Cinnte is lárionad don phobal i gcoitinne a bheidh i gceist agus beidh muid ag déanamh gach iarrachta ar an uile shaghas turasóra a mhealladh chomh maith leis na mic léinn.

AÓF: An bhfuil aon seans go mbeidh ábhar ón gcartlann seo ar fáil ar an idirlíon amach anseo? Chabhródh sin le lucht taighde, ar ndóigh, agus shroichfeadh sé pobal níos leithne.

DdeB: Tá tús curtha leis sin cheana féin mar go bhfuil an iris Dal gCais ina hiomláine le léamh ar ár suíomh, www.oac.ie, chomh maith le roinnt cáipéisí eile. Tá sé i gceist go leor eile a chur ar an suíomh go luath; deacrachtaí cóipchirt atá ag cur moille orainn.

AÓF: An mbeidh an bhéim ar fad ar chultúr Chontae an Chláir nó an bhfuil sé i gceist agaibh breathnú amach níos leithne ná sin?

DdeB: Beidh muid teoranta don Chlár, déarfainn. Má éiríonn leis an gcoincheap, ba mhaith linn go leanfadh dreamanna ó na contaetha eile an sampla.

AÓF: Bíonn Scoil Samhraidh Willie Clancy ar siúl i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir gach bliain. An bhfuil aon bhaint agaibh lena chéile?

DdeB: Tá stiúrthóirí na scoile páirteach linn in Oidhreacht an Chláir agus ag tabhairt gach aon chúnamh is féidir leo.

AÓF: An bhfuil tacaíocht airgid faighte agaibh ó aon áit nó cá bhfaigheann sibh maoiniú don tionscadal?

DdeB: Tá deontas €10,000 faighte againn ón gComhairle Ealaíon chun cabhrú leis an gcartlann. Beimid ag ullmhú iarratas eile nuair a bheidh an páipéarachas maidir leis an áitreabh curtha i gcrích.

AÓF: Cén saghas scála ama atá i gceist leis an tionscadal ar fad a chur sa tsiúl?

DdeB: Is rud é seo a chaithfear a thógáil de réir a chéile agus, mar sin, níl aon spriocdháta deiridh leis. Ar ndóigh, tá an obair ar fad á déanamh go deonach agus cuireann sin moill ar rudaí amanna.

AÓF: An féidir leis an bpobal tacú leis an tionscadal ar aon bhealach nó ábhar a thairiscint don chartlann?

DdeB: Fáiltíonn muid i gcónaí roimh gach cúnamh agus tá an-spéis againn cloisteáil ó éinne a bhfuil ábhar cartlainne aige, nó fiú seoltaí daoine ar cheart dúinn teagmháil a dhéanamh leo.

AÓF: Dá mbeadh ort fís Oidhreacht an Chláir a mhíniú in aon abairt amháin, céard a déarfá?

DdeB: Táimid ag iarraidh tógáil ar an mbunchloch is treise atá ag Contae an Chláir - an cultúr.

AÓF: Cén bealach ar féidir le daoine dul i dteagmháil libh le tuilleadh eolais a fháil faoi Oidhreacht an Chláir?

DdeB: Is féidir leo cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin, www.oac.ie, nó ríomhphost a chur chugainn ag eolas@oac.ie. Is féidir glaoch ormsa freisin ag (065) 7084156 nó scríobh chugam ag: Dónal de Barra, Cill Díoma, Sráid na Cathrach, Co. an Chláir.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.