Chaith Ken Ó Donnchú Oíche Fhéile tSin Seáin ag urnaí is adhradh lena chomh-Ind-Eorpaigh faoi thinte cnámh ar an trá i gCruinne na Gailíse.
Ach oiread le gach uile Chorcaíoch cathrach, tá cur amach agam ar thinte cnámh na Féile Eoin. Sa chontae uaibhreach úd is sa chathair is mó a dhéantar an fhéile seo a cheiliúradh, is ní heol dom mórán bailte ná sráidbhailte Chorcaí a thugann an t-ómós céanna di agus a thugann lucht na cathrach. Cloíonn ainm na féile le cleachtadh sainiúil Corcaíoch, ’sé sin, go ngiorraítear príomhghné an ainm agus go gcuirtear an iarmhír ‘a’ leis mar chúiteamh. “Bonna night” (Oíche na tine cnámh) a thugtar air ar fud na cathrach, faoi mar a thugtar ‘Pana’ ar Shráid Phádraig. Is amhlaidh a chaitear le hainmneacha an dá bhanna ceoil is mó clú sa chathair, an ‘Barracka’ ar thaobh theas na Laoi, agus ‘Buttera’ na taoibhe thuaidhe.
Is féile mhór í ‘La Noche de San Juan’ sa Spáinn, ach gur mó tábhacht agus brí a bhaineann léi i gceantair ar leith. Is féile mhór sa Ghailís í, mar a gcaitear mórán ama ag ullmhú faoi choinne na dtinte cnámh iomadúla.
Ba údar sásaimh d’fhormhór mór mhuintir na tíre gur ar an Satharn a ceiliúradh an fhéile chéanna i mbliana. Anuas ar an deis a thug sé do lucht ragairne teacht chucu féin an lá dár gcionn, is áil le Spáinnigh i gcoitinne a scíth a ligean ar an Domhnach. Tugann lucht na gcathracha cuairt ar a ngaolta sna bailte beaga, ar a n-athair agus a máthair chríonna thar aon dream eile. Cuid láidir den tsaíocht abhus is ea an bhéim a leagtar ar an teaghlach. Luaitear an tréith chéanna go minic le hoiread na bhfear óg Spáinneach nach bhfágann an baile choíche, fiú agus lámh agus focal idir cailín bocht éigin agus iad! Ar shlí eile, níor oir sé ar fad do roinnt cathróirí anseo in A Coruña gur ar an gceathrú Satharn den mhí a tharla ceiliúradh San Juan na bliana seo. Cúrsaí caide faoi deara é seo, óir ba é an chéad uair ag cumann na peile Gaelaí abhus, Os Fillos de Breogán, comórtas de chuid Chraobh na hIbéire a reáchtáil. Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála!
Laghdú Foirne
Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne. B’fhearr le foireann Bharcelona fanacht ina ndúiche féin le go mbainfidís sult as na tinte cnámh sa Chatalóin. Foirne eile, luigh gnóthaí geilleagair go trom orthu, nó bánaíodh a lucht imeartha le déanaí agus mic léinn Erasmus na hÉireann bailithe leo. D’fhág seo nach raibh ach dhá chumann eile, Cláirseacha Madrid agus Sant Vincent Valencia, san iomaíocht leis an gcumann baile. Lena mórcheart a thabhairt don dá chumann seo, thugadar foirne ban agus fear araon leo, agus bhí na Fillos in ann an dara foireann fear a sholáthar leis, Ártabros de Oleiros. Léiriú ar dhul chun cinn na peile sa chathair seo gurbh fhéidir le cumann na bhFillos dhá fhoireann chumasacha a chur chun páirce, agus gan an cumann céanna ach dhá bhliain ar an saol.
Bhí an lá le muintir Valencia sa dá chomórtas, ach thug cumann na hardchathrach an dá chraobh leo, idir chraobh na mban agus chraobh na bhfear, mar go raibh níos mó pointí gnóthaithe acu in imeacht na bliana ná aon chumann eile. Níor fágadh an cumann baile ar an trá fholamh ach an oiread, mar gur éirigh leis na Fillos a gcéad chluiche ceannais riamh a bhaint amach, éacht ann féin. Ba iontach an lá peile é, agus is mór an chreidiúint atá ag dul do lucht eagair an chomórtais, chomh maith leis na foirne a thug orthu féin an t-aistear fada chun an chúinne seo den tír a dhéanamh.
Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách
Tar éis chaitheamh an dinnéir mhóir (de dhlúth agus d’inneach chultúr na Spáinne la cena) agus tar éis bhronnadh na gcorn agus thabhairt na n-aitheasc fadálach (nós thar a bheith Éireannach) a lean iad, thug lucht na peile aghaidh ar thrá Orzan, mar a raibh an chraic is an spraoi is lasracha na dtinte cnámh. Cé go raibh an áit breac le tinte cnámh, agus go raibh mórán ólacháin ar bun, agus go raibh an farraige mhór i ngiorracht don slua, ba shéimh agus ba bhéasach mar a chaith gach duine lena chéile. Bhí an uile dhream agus a thine agus a chuid bia féin á róstadh aige, agus iad ag léim thar an tine trí huaire le go mbeadh rath orthu sa bhliain amach romhainn.
An sairdín an bia a shamhlaítear go traidisiúnta leis an bhféile seo, ach ba mhó go mór an fheoil a bhí á caitheamh i mbliana. Dúradh liom gur gnách le lucht ceannach éisc praghas na sairdíní a ardú sa tseachtain roimh an bhféile, agus gur lú an marú a rinneadh orthu i gcaitheamh mhí an Mheithimh i mbliana ná mar a dhéantar go hiondúil. Ní fhacamar mórán daoine ag léim thar thonnta na farraige ach chomh beag, sean-nós eile a bhaineann leis an bhféile, a spreagann torthúlacht na mban, chomh maith le rath a chur orthu siúd atá ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh.
Deasghnáth leis an anam a ghlanadh a bhí san fhéile seo anallód. Bhaintí úsáid as meascán den uisce agus den luaithreach leis an aghaidh a ní chun na críche seo. Creideadh gur thug sé seo cosaint don té a dhein amhlaidh. Scaiptí an luaithreach ar an talamh freisin, le rath a chur ar na barra, rud a dhéantar in áiteanna in Éirinn go fóill. An glanadh is inmholta a rinneadh de bharr fhéile na bliana seo ná gur ruaig an deatach mórán de na múiscítí, na míoltóga mallaithe úd a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain. Fillfidh na míoltóga ar an gcathair seo, ar ndóigh, agus caithfear dul i gcomhrac go glic leo an athuair; ach fillfidh lucht na peile, leis, agus pé ar bith faoi chathanna caide a fhearadh orthu siúd amach anseo, cuirfear fáilte mhór rompu chomh maith leis!
Is Éireannach é Ken Ó Donnchú. Tá sé ag obair sa Ghailís faoi láthair.