CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ocras agus Bás i Ré an Fharasbairr

Is fada an t-úll ón úllort más ag leagan béime ar athruithe aeráide atáimid i dtaca le hocras agus gorta ar domhan. Thosaigh comhdháil i mBaile Átha Cliath faoi stiúir an Mary Robinson Foundation in éineacht le Rialtas na hÉireann i lár na míosa seo. Tabharfar faoi deara nach ionann go baileach na gnéithe a bhéimnigh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn, agus ar bhéimnigh Máire Mhic Róibín. (sna naisc ar dheis)

Is cinnte gur ghoill a bhfaca Mhic Róibín thar lear uirthi, sa tSomáil go háirithe. Is cuimhin le daoine go leor í faoi thocht agus í ag iarraidh labhairt le linn a cuairte ar an tír sin arú anuraidh. Is intuigthe má leagtar béim áirithe ar athrú aeráide leis an té a shiúil tailte agus campaí seasca na Somáile nó tíortha teo na Saiheile, an chuid sin den domhan ba mheasa buailte ag triomach agus ag leathnú an ghaineamhlaigh dá réir.

Tá a teanga caite ag Susan George (sna naisc ar dheis) le daichead bliain anuas ag míniú do chách faoin éagothroime tráchtála a fhágann tuaisceart an domhain ag alpadh agus ag tarraingt gach saibhris aneas chucu féin ar chonarthaí nár athraíodh ó ré mhíleata an chos ar bolg. D’athraigh an lucht ceannais áitiúil ach níor athraigh na conarthaí. Comharthaíonn sé go leor gurb í an Ghearmáin an t-onnmhaireoir caife is mó ar domhan sa lá inniu. ’Sea, an t-onnmhaireoir, cé nach bhfástar aon chaife sa Ghearmáin.

Forbairt na Tuisceana

I ndiaidh do Bhean Mhic Róibín caoineadh os comhair ceamara sa tSomáil, thug sí ar aghaidh ar na meáin chumarsáide agus ar árais áirgiúla ‘an Iarthair’ agus labhair amach go láidir. Oibreoidh an caoineadh os comhair ceamara agus an chaint mheáite le lucht cinsil ar feadh tamaill, tamall gairid! Is bean í Mhic Róibín a chas leis na scoláirí. Bean stuama. Is cosúil gur mhaith a thuig sí in imeacht ama nach dtiocfadh léi féin, ná le dream ardghradaim dá gcumasaí de chuid na Náisiún Aontaithe, cor a chur in iompar lucht idirnáisiúnta na tráchtála. Aithníonn sí an mhaith sa duine mhaith. Luann Mhic Róibín leoga (sna naisc leis an alt seo ar dheis) an aicme eile sin, infheisteoirí i dtráchtáil chóir na cruinne. Is léir gur mór aici iad agus gur dream fiúntach iad a rachadh as a mbealach féin leis an chóir a imirt, ach faraor, is eisceacht iad lucht na córa.

Cén t-ionadh le himeacht ama má thuig sí, Máire Mhic Róibín, gur mionlach iad i saol na tráchtála, aicme an dea-chroí agus nach féidir léisi ná le héinne an córas cam a dhíriú agus a dhéanamh ionraic. Beidh sé feasta mar atá, beidh an Aifric ag cothú agus ag saibhriú thuaisceart an domhain.

Ar an láimh eile, má dhíríonn sí aird ar ghné eile den scéal, an t-athrú aeráide, gheobhaidh sí cuidiú éicint ó thráchtálaithe na súdaireachta, lucht an bhrabaigh, cuidiú ar féidir a roinnt le lucht cabhrach an Treas Domhain. (Is ionann an Treas Domhan ar ndóigh, agus Domhan Céad Fhoinse gach saibhris!) Tuigeann Máire Nic Róibín go mbeidh na milliúin ag fáil bháis den ocras fós faoin am a bhfaighe sí féin bás, nach dtig léi an scéal a leigheas, ach gur féidir léi roinnt éicint a thabhairt slán agus gur féidir cur le tuiscint an uafáis i measc níos mó daoine i rith an achair. Cothaíonn córas tráchtála an domhain an bochtanas sa taobh den domhan as a sciobtar an t-amhábhar, cothaíonn an bochtanas sin an t-ocras agus cothaíonn an t-ocras sin an bás is truacánta i measc na n-óg is na n-anfann. Ba chóir dúinn tacú le héinne atá saighdte chun gnímh sa réimse eolais sin. Bean saighdte is ea Máire Mhic Róibín.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.