AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Ó theacht an euro go crochadh an adhairc

Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana atá díreach imithe.

Íomhá

“Cinnte! Cinnte! Tá an ceart ar fad agat! Fadhb ar bith, a Mhórgacht! Caithfidh mé mo shúil nimhe ar cibé ar bith is mian leat, a Shoilse, am ar bith is maith leat!” Bhí an gheonaíl agus an criongán agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh d’údarás Eagarthóir Beo Ar Éigean.

Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach. Ní mó ná sásta a bhí an tEagarthóir Ó Doornail le Fathach na Súile Nime le tamall anuas agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt air. “Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam ach dul ar ais chuig mo sheanphost i Timire An Chroí Ró-Naofa, ag cumadh litreacha ó na léitheoirí agus freagraí ó Dhia, mura scríobhfaidh mé altanna a mbeidh an guilpín sin sásta leo,” arsa an Laoch Liteartha agus cuma iontach míshásta ar a ghnúis. “Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil, dar leis! Bhuel, chífidh muid!” agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil.

Chinn Balor ar a Shúil Nimhe a chaitheamh siar ar an Bhliain 2002. Chinn sé ar rudaí eile a chaitheamh chomh maith, ach fágfaidh muid sin mar atá sé.

“Thosaigh an bhliain 2002, mar a thosaíonn gach bliain: ar an chéad lá de mhí Eanáir. Ghlac na bochtáin go fonnmhar leis an airgead úr Eorpach agus shíl gach duine go raibh níos mó airgid acu ná mar a bhí riamh - go dtí gur oscail na siopaí arís i ndiaidh Lá Coille. Liam bocht Ó Leathlobhair (níl ann ach half a leper) cuireadh tréimhse príosúin air as rud nach ndearna sé ar chor ar bith: comhoibriú leis an Bhinse Fiosraithe. Chuaigh Mata Harney siar, siar, siar, a fhad le Contae Liatroma le siopa óil a oscailt. Caithfidh sé gur ól sí féin cuid mhór Red Bull nó ag eitilt a bhí sí,” a mhaíonn Balor an Scolardach Sclábhánta.

“Chomh luath agus a bhain Seoirse Dubya Mheiriceá a chulaith Santy de chuir sé é féin in arm agus in éide. Chaill sé suim go luath sa bhliain i Hosanna Bin Loideáin nuair a chuala sé go bhfacthas an Loideánach sa mhainséar istigh in Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus é ag ligean air gur duine de na Triúr Ríthe a bhí ann. Saddam Ó hOisín a bhí mar sprioc aige as sin amach nó níl ceadaithe ach an t-aon Rí amháin san Iaráic. Ar nós Shéasair fadó tá Seoirse den bharúil nach bhfuil ceadaithe ach an t-aon Rí amháin ar domhan, agus an t-aon ríocht amháin. Tomhais cé hé agus cé hiad.

“Beidh cuimhne ag staraithe agus ag daoine os cionn an trí scór bliain d’aois - leithéidí an eagarthóra - ar Saipan mar áit an áir i rith an Dara Cogadh Domhanda, áit ar maraíodh na mílte sa choinbhleacht idir an tSeapáin agus Meiriceá. Beidh cuimhne ag Éireannaigh go deo ar an oileán mí-ámharach céanna mar áit an áir idir lucht leanta Keano agus lucht leanta Mhicí Mhóir, áit a ndearnadh scrios ar dhea-cháil agus ar chumas lucht sacair Phoblacht na hÉireann. An tír ar fad atá thíos leis, seachas beirt: Keano agus Micí Mór, nó is é eachtra Saipan a tharraing ráchairt chomh mór sin ar bheathaisnéisí na beirte. Ní déarfaidh mé focal ar bith faoi Éamonn Ó Druncaí nó is é a thiomáin an scliúchas ar fad. Is beag rud eile a bheidh sé ag tiomáint go ceann deich mbliana eile.

“An cuimhin libh an Jeanie Johnson? An long seoil is costaisí dar tógadh riamh? Is fada buan i mo chuimhnese í nó is mise agus mo leithéid atá fós ag íoc go daor aisti; ag íoc atá muid as léargas a fháil ar an dóigh ar baineadh buntáiste damanta asainn san am fadó, in am an Ghorta Mhóir, agus san am atá díreach thart.

“Níl cuimhne agaibh ar an olltoghchán i mí an Mheithimh? Ní haon iontas é sin. Níor tharla mórán ach gur gealladh an ghrian agus an ghealach don phobal dá gcuirfidís an rialtas céanna ar ais i gcumhacht, agus nach bhfuair muid ach an ghealach - an ceann a bhíonn istigh i lár an phráta leathbhruite atá i gceist agam! Tá gach aon rud ar ais mar a bhí, le cúpla hathrú: is leis na *Stickies *Lucht Oibre anois - is fíor-Pháirtí na nOibrithe anois iad. Tá scaifte nach beag ag Sinn Féin i nDáil Éireann anois.

Agus ár soraidh céad slán le Fine Gael, páirtí a chuir níos mó ná lámh amháin ina bhás féin. Bhí lámh ag John Brutal ann agus cúpla lámh ag Micheál Ó Nóinín, fear a mhaígh go raibh easpa charisma *ar an iar-cheannaire. B’fhéidir gur sin a tháinig orthu: barraíocht *charisma. Is contúirteach an stuif é, chóir a bheith chomh baolach le custard. Tá an páirtí agus an tír iontach buíoch gur fhág an ceannaire úr, Gach Éinne Ó Cionnaith, a chuid féin sa bhaile i Maigh Eo (an charisma, chan an custard!)

“De réir mar a chuaigh an bhliain isteach bhí níos mó eolais ag teacht amach faoi na sagairt a bhain mí-úsáid as leanaí ar fud na tíre. Bhí muintir na hÉireann ar an daoraí ar fad i ndiaidh chraoladh an chláir sin ‘Cardinal Sins’ ar RTÉ. Dheimhnigh an Cairdinéal Deasóg Ó Conaill liom, glan suas le mo bhéal, nach bhfuil fírinne ar bith sa ráfla go bhfuil Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú leis an stáisiún teilifíse, Cainéal 4, sa tsraith úr cláracha atá beartaithe acu sin, sraith dar teideal ‘Father Ped’.

“Agus ag deireadh na bliana 2002 tharla an rud a raibh mé ag dréim leis ón am a chuala mé an chéad chogar faoi: Crochadh An Adhairc i mBaile Átha Cliath. Tá radharc ar an adharc ó cheann ceann na cathrach. Cuireann sé mé féin i gcuimhne dom. An áilleacht, an fheiceálacht agus an loinnir atá i gceist agam, dar ndóigh. Agus sa bhliain úr, más ar ais ag obair ar *Timire An Chroí Ró-Naofa *a bheas Balor, beidh radharc ar Ó Doornail agus é ina shuí ar bharr na hadhairce géire sin. B’fhéidir gur fiú dom a bheith caite as post… mmmmmmm!!! Is féidir go mb’fhéidir! Mmmmmmmm!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.