CÚINNE NA nEALAÍON
Ó Fanatic agus Teenage Cics go River Road: Ag Caint le Frank Berry
Roibeard Ó Cuinn Roibeard Ó Cuinn

Bhuail Roibeard Ó Cuinn le Frank Berry ar na mallaibh agus chuir faisnéis air faoi thionscadal a bhí ar na bacáin le blianta anuas, scannán dar teideal River Road.

Íomhá
Alison Franklin i Teenage Cics
Íomhá
David Brittan sa scannán The Black Suit
Íomhá
Tommy O Neill sa scannán The Black Suit

Is scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin óg é Frank Berry atá tar éis roinnt scannán, drámaí teilifíse agus clár faisnéise a stiúradh. Taispeánadh na gearrscannáin a stiúir Frank (Fanatic, Boat Racing agus The Black Suit) ag féilte scannáin in Éirinn agus thar lear. Stiúir Frank dráma teilifíse lánfhada dar teideal This Time Round a craoladh ar RTÉ freisin, ach b’fhéidir go mbeadh aithne níos fearr air don sraithdhráma teilifíse Teenage Cics a craoladh ar TG4 in 2006, tionscadal a raibh Frank ag obair air mar chomhscríbhneoir agus mar chomhstiúrthóir le hAudrey O Reilly.

Bhí Frank agus Audrey ag caint mar gheall ar thabhairt faoi thionscadal le chéile agus smaoineamh amháin a rith leo ná scéal a bhunú sa Ghaeltacht a thabharfadh deis dóibh iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le teacht in aois agus na fadhbanna a chruthaíonn siad do dhéagóirí. Is eachtra saoil ar leith é a bhaineann le saol na hÉireann agus is ceann de na smaointe é nuair a cheapann tú ‘cén fáth nach bhfuil sé seo déanta cheana?’ Thóg siad an smaoineamh chuig TG4, thaitin sé leosan agus thosaigh siad á chur i gcrích in éineacht leo.

“Ní raibh ceachtar againn riamh sa Ghaeltacht” a deir Frank “ach rinneamar a lán taighde agus labhraíomar le roinnt daoine a bhí ann agus an tuairim a bhí againn ná go rabhamar chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna coitianta a bhaineann le déagóirí atá 13, 15 agus 16 bliana d’aois agus go rabhamar chun an Ghaeltacht a úsáid mar ionad chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna ag baint leis an teacht in aois seo. Ní raibh orainn dul ann i ndáiríre. Ní raibh sé deacair a lán de na sonraí a bhaineann leis an saol ann a chur in iúl ach bhí fíorluach agus fíorthionchar mothúcháin na sraithe le brath i scéal pearsanta na gcarachtar agus an caidreamh a bhí acu lena chéile gan aird a thabhairt ar an áit a raibh siad.”

Gerard Mc Sorley

Bhí foireann mhór le feiceáil sa tsraith Teenage Cics agus an t-aisteoir cáiliúil Gerard McSorley (Some Mother’s Son, In the Name of the Father, Veronica Geurin, Inside I’m Dancing) ina measc. Bhain Frank an-sásamh as a bheith ag obair le McSorley. Ba mhór an spreagadh agus ba luachmhar aige an deis sin.

“Bhí sé go hiontach a bheith ag obair leis. Ba shin é an chéad uair riamh a bhí mé ag obair le haisteoir dá leithéid agus bhí sé go hiontach ar fad fiú a bheith ag breathnú air agus é i mbun a chuid oibre. D’fhoghlaim mé a lán rudaí uaidh, cuirim i gcás, go minic is é an rud atá i gceist le haisteoireacht mhaith ná gan rud a dhéanamh in áit rud a dhéanamh. Tá ciúnas ag baint le Gerard ach ansin bíonn tionchar ann nuair a dhéanann sé rud éigin agus má bhreathnaíonn tú air, feicfidh tú chomh heolach is atá sé ar gach rud atá á dhéanamh aige. Gach rud! B’fhéidir nach mbeadh a lán aisteoirí ar a suaimhneas agus go rachadh siad thar fóir dá bharr sin ach tá smacht iomlán aige ar a bhfuil idir lámha aige. D’fhoghlaim mé faoin gciúnas seo agus an chaoi ina bhfuasclaíonn sé an t-aisteoir ó thaobh na cumarsáide agus na haisteoireachta de.”

Bhí an tsraith i mbéal an phobail agus craoladh ar TG4 í cúpla uair. Craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann í freisin agus tá Frank lánsásta leis an aird atá faighte ag an tsraith.

River Road

Tá Frank ag obair go dian anois ar thionscadal darb teideal River Road. Tá an tionscadal seo ar na bacáin le roinnt blianta anuas. Tá sé tar éis maoiniú a fháil ó Bhord Scannán na hÉireann agus tá sé á chur i gcrích anois leis an BBC. Bhain Frank an-sásamh as gearrscannáin, cláir fhaisnéise agus drámaí teilifíse a stiúradh ach tá sé den tuairim go raibh aghaidh gach bóthair ar an tionscadal seo.

“Baineann scéal River Road le hathair atá scartha óna bhean le déanaí agus a cheapann go bhfuil saol a iníne i mbaol. Díríonn an script ar na trámaí, beaga nó móra, a bhíonn againn sa saol agus an chaoi ina gcuireann siad isteach orainn muna ndírímid aghaidh orthu. Is é sprioc an phríomhcharactair a fháil amach an bhfuil saol a iníne i mbaol nó nach bhfuil, ach le linn an scannáin, tuigeann sé cén fáth a bhfuil sé dúghafa lena sábháilteacht agus tagann an fhírinne faoina charachtar féin chun solais.

“Is scéinséir paranóideach é a bheadh faoi thionchar scannáin mar Through a Glass Darkly agus The Vanishing - scannáin a bhaineann le meabhairghalar ach a bhaineann le daoine a bhíonn ag iarraidh dul i ngleic le fadhbanna an tsaoil chomh maith. Rud tábhachtach i gcás River Road ná gur múinteoir é an príomhcharactar sa scéal seachas iriseoir ná bleachtaire atá ar féarach. Is gnáthdhuine é cosúil leatsa nó liomsa. Baineann an scéal leis na hathruithe caolchúiseacha agus na trámaí caolchúiseacha agus an chaoi a ndéanann siad dochar don ghnáthdhuine i ngan fhios dó.”

Teanga River Road

Agus Frank ag ullmhú i gcomhair River Road a stiúradh agus muid ag feitheamh le heisiúint an scannáin, chuir mé ceist air mar gheall ar an éileamh a bheadh ann do phríomhscannáin as Gaeilge. An gceapann sé go mbeadh an t-éileamh ann?

“Cinnte mar ní hí an teanga atá tábhachtach sa scannán, ach an scéal, agus más féidir breathnú ar aon scannán eachtrannach agus taitneamh a bhaint as, is féidir breathnú ar scannán as Gaeilge agus taitneamh a bhaint as. Ní gá go mbeadh ceisteanna a bhaineann le cultúr Gaelach i gceist ach d’fhéadfá scéal a bhunú i dtimpeallacht na Gaeilge. Ba shin an cur chuige a bhí againn i gcás Teenage Cics. Ceapaim go mbeadh sé go hiontach príomhscannán a fheiceáil as Gaeilge a bheadh an-ghreannmhar, an-chorraitheach nó an-scanrúil agus a mbeadh tionchar aige ar aigne mhuintir na hÉireann i dtaobh a dteanga. B’fhéidir go ndéanfadh roinnt daoine athmhachnamh ar cheist na Gaeilge dá bhfeicfidís scannán iontach as Gaeilge agus nach bhfuil chuile dhuine ag iarraidh an Oscar a bhuachan don scannán eachtrannach is fearr?”

Naisc: Gerard McSorley http://www.youtube.com/watch?v=WwG-0NtA6y0Teenage Cics http://beo.tg4.ie/main.aspx?content=70795464705http://www.tcd.ie/irishfilm/showfilm.php?fid=57101http://tg10.blogspot.com/2007/01/teenage-cics.htmlhttp://www.bbc.co.uk/northernireland/tv/programmes/cis/index.shtmlInside I’m Dancing http://www.youtube.com/watch?v=wuw6RfB0HeE

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.