CÚINNE NA nEALAÍON
Nuair is Beo na Neamhbheo
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is ait an mac an saol agus is ait le Ciara Nic Gabhann an té a bhuail cnag ar an doras oíche amháin le deireanas, ach thuig sí dó, am deireadh bliana mar seo faoi Shamhain.

Íomhá
Cóisir súmairí (Gilia a tharraing ar Picasaweb)
Íomhá
Bram Stoker (Vicipéid)
Íomhá
Fá Shamhain

Baineadh geit asam an oíche faoi dheireadh, nuair a d’fhreagair mé mo dhoras agus bhí vaimpír bánlíoch, fuil ag sileadh as a bhéal agus a raibh straois ghrinn air, ina sheasamh os mo chomhair. Cad é seo? a dúirt mé liom féin, mo lámh ag dul suas chuig mo mhuinéal agus mé ag cúlú. ‘Trick or treat’, ar seisean agus nocht an stócach béal dorais seo a aghaidh go dradgháireach liom, a starrfhiacla ag glioscarnach go bréagbhagarthach orm.

Tá sé tráthúil go leor, ar ndóigh, go n-osclóinn mo dhoras ar vaimpír. Is cuid dár saol é an vaimpír anois, go háirithe aimsir na Samhna. Ach, ainneoin nach cuid de thraidisiún dúchais na Samhna in Éirinn é, is rud é an vaimpír atá i ndiaidh greim an-láidir buanseasmhach a fháil ar shamhlaíocht phobal na hÉireann, agus a líonann oícheanta fada dorcha an tséasúir seo le himní agus le critheagla.

trácht ar an vaimpíreachas leis na milte bliain siar go dtí muintir na Measpatáime, na hEabhraigh, na Sean-Ghréagaigh agus na Rómhánaigh, ach is san ochtú haois déag áfach, a thosaigh an téarma vaimpír ag éirí coitianta, go háirithe in Oirdheisceart na hEorpa.

Creidtear gur eascair vaimpírí as lucht míghnímh, daoine a chuir lámh ina mbás féin, as cailleachaainsprioraid a ghlac seilbh ar anamacha daoine eile. Dá mbeadh sé de mhí-ádh ort gur éirigh le vaimpír greim a bhaint asat nó gur easaontaigh tú le húdarás eaglaise nuair a bhí tú beo, ba leor sin le tú a tharraingt isteach i saol seo na neamhbheo. Bheadh oiread sin eagla ag baint leis an phiseog seo ag an am gur leor é le duine a bhí fiú faoi amhras a bheith daortha chun báis poiblí mar rabhadh don chuid eile den phobal.

De réir an bhéaloidis ba mharbh nach raibh marbh an vaimpír, a tháinig ar ais go dtí ceantar a mhuintire féin, go minic le diabhlaíocht agus olc a spreagadh. Léirití iad mar neacha borrtha, gléasta i dtaiséadach, agus a n-aghaideanna ar lasadh leis an fhuil úr a bhí súite acu as na beo.

Thosaigh nósanna nua sochraide leis na mairbh a chosaint ar vaimipírí ag éiri coitianta cosúíl leis an chorpán a chur bun os coinn san uaigh agus corrán agus speal in aice leis. Chreidtí go gcuireadh sé seo an ruaig ar dhiabhal ar bith a bhí ag iarriadh seilbh a ghlacadh ar an chorp chomh maith leis an marbh féin a cheansú sa dóigh is nach mbeadh fonn air aiséirí.

Bram Stoker

Ba fhoinse tinfidh é an vaimpír do scríbhneoirí is do léiritheoirí scannáin uafáis. Tá sé suimiúil, cuir i gcás, gur carachtar é Drácula in níos mó scannáin ná aon charachtar eile, cé is moite de Sherlock Holmes. Is sa scannán tostach ón Ghearmáin Nosferatu, le F. W. Murnau, a léiríodh Drácula den chéad uair ar an scáileán. (http://www.youtube.com/watch?v=rcyzubFvBsA)

aitheantas forleathan ar an Éireannach Bram Stoker, as a úrscéal Drácula, a scríobhadh i 1897, an saothar bunaidh a chuir tús le húrscéalaíocht nua-aimseartha na vaimpírí. Scéalta a mháthar, Charolette, faoi na tórraimh i mBaile Shligigh le linn a hóige sise sa bhliain 1832 a spreag é chun pinn i dtreo Drácula i dtosach báire. Bhuail ráig den chalar an taobh tíre sin le linn a hóige. Is é an dóigh gur tógadh ise ar an Mall, an tsráid a thrialladh muintir Shligigh leis na coirp a bhailítí gach oíche lena gcur in olluaigh le taobh Otharlann Fiabhrais Shligigh. D’fheiceadh sí an scuaine corp amuigh ar an tsráid achan oíche agus chluineadh sí an gháir ag na fir oibre “Caithidh amach na mairbh lena gcur”. San áit a bhfuil Otharlann Shligigh is é an áit a raibh an olluaigh sin acu. Is geall le genre liteartha an t-úrscéal vaimpírí anois agus a bhfuil ann fiú sa lá atá inniu ann de leabhair, scannáin, cluichí físe agus seónna teilifíse. (http://ga.wikipedia.org/wiki/Bram_Stoker) (http://www.youtube.com/watch?v=Xw2-ZMhxTUs) (http://www.youtube.com/watch?v=6ZUlClqrTjA)

fochultúr i measc na n-óg inniu le fréamhacha a thagann ón vaimpíreachas le feiceáil go láidir beo sna meáin cumarsáide agus i gcúrsaí faisin. Is féidir smidiú agus éadaí a cheannacht leis an chuma a chur ort go raibh tú díreach i ndiaidh theacht amach as an uaigh. (Bean a déarfadh “Get a knife!” anseo: http://www.youtube.com/watch?v=4lnZWd4GJxI)

Feicim daoine óga ar bhonn rialta a chuirfeadh an crot atá orthu mo sheanshinsear ag rith sa tóir ar stáca agus trilseán gairleoige. Ach is cosúil go n-aithníonn ‘goth’ ‘goth’ eile agus déanaim miongháire beag liom féin agus mé ag cuimhneamh siar ar m’óige féin, nuair a fheicim a n-aghaidheanna geal bán le smidiú agus a súile smeartha dubh le scáthú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.