CÚINNE NA nEALAÍON
Nuair a tháinig Greta Garbo go Dún na nGall
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Cad é a shantaigh Greta Garbo i gceantar Loch Gartáin? Tá dráma bunaithe ar a cuairt go Dún na nGall a scríobhann Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Garbo sa Meyers Blitz-Lexikon 1932 (ar Vicipéid)
Íomhá
Mín an Lábáin, Loch Gartáin (le Zé ar picasaweb)

Sa dráma úr atá scríofa aige, samhlaíonn Frank Mc Guinness an saol mar a bhí sé nuair a tháinig Greta Garbo ar cuairt go Dún na nGall agus an tionchar éagruthach a bhí ag an aisteoir mórthaibhseach as Hollywood ar na daoine sa teach a raibh sí ag fanacht ann.

Is é suíomh an dráma teach mór áirgiúil ilseomrach sa bhliain 1967, nuair a thagann an Sualannach coimthíoch deoranta seo ar cuairt le fanacht mar aoí ag an Sasanach Matthew Dover, ealaíontóir aerach a bhfuil an dornalaí cockneyach Harry Caulfield, a chónaí leis. Bíonn muintir Hennessy ag freastal ar na huaisle. Ba leosan an teach gur thit crann an mhí-áidh orthu agus gur chaill siad é, agus is orthu siúd is mó a bhíonn tionchar Garbo le feiceáil i rith an dráma.

Aithníonn Garbo, atá curtha i láthair ag Caroline Lagerfelt, go bhfuil cosúlachtaí idir í féin agus Paulie, bean aonarach uaigneach an tí, agus cé nach bhfuil sí róthógtha le deartháir meisciúil Paulie, agus a bhean chéile chantalach Sylvia, tá sí meallta ag iníon s’acu, Collette, atá ag brath staidéar a dhéanamh ar an leigheas i mBaile Átha Cliath.

Is tréimhse chorrach foréigin i stair na hÉireann í. Is é pearsantacht Garbo a spreagann na hathraithe a thiteann amach, ní hamháin do mhuintir an tí, ach do Garbo í féin fosta.

An Cúlra Fíor

cnámha an dráma seo bunaithe ar fíortheach, teach ministir, ar bhruach Loch Gartáin, in iarthuaisceart Dhún na Gall, sular cheannaigh an t-ealaíontóir Derek Hill sna caogaidí é. Ba ‘gentleman painter’ é Derek Hill, a bhain clú amach dó féin mar ealaíontóir cumasach, scéalaí breá agus ba phátrún é ar ealaíontóirí óga ar nós Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí.

Duine fíorchuideachtúil a bhí ann, a mheall chuige féin cairde de gach aicme ó Shéarlas, Twysog - Taoiseach, nó Mac Rí na Breataine Bige go dtí an dornálaí clúiteach Freddie Mills. Ar nós Garbo, a tháinig ar chuairt chuige go fírinneach, d’amharc sé air féin mar dhuine aonarach, ag rá le cairde nach raibh de dhith air ach suaimhneas. Ní raibh sé ar dhóigh ar bith sásta, áfach, dá nglacfadh duine ar bith leis an treoir seo go dáiríre!

Nuair a tháinig Greta Garbo ar cuairt chuig Hill, bhí sí ar dhuine de na haisteoirí is aitheanta agus is clúití i Hollywood. Ba oibrí dothuirsithe í, a thosaigh amach sna scannáin tostacha sna fichidí agus a lean uirthi ag obair go dúthrachtach i scannáin suas go dtí na daicheadaí. Thuill sí mórán aitheantais agus gradam i rith a saol oibre le haghaidh scannáin ar nós, Romance (1930), Anna Karenina (1936) agus Camille (1936) agus dúirt Bette Davies in ómós di, go raibh draíocht os comhair ceamara aici a bhí cosúil le hasarlaíocht.

Choinnigh an réalta Sualannach í féin scartha amach ón phobal agus bhí sí beagnach ina díthreabhach i rith a saoil. Dhiultaigh sí a síniú a thabhairt d’éinne dá lucht leanúna ná freagraí a thabhairt ar a gcuid litreacha chuici. Sheachain sí ócáidí sóisialta agus níor thug sí oiread is agallamh amháin ina saol. B’fhéidir gur sin an fáth a raibh iargúltacht Dhún na nGall chomh meallacach sin di agus ar thug an fásach uaigneach sin i lár an chontae faoiseamh dá croí.

Tá an dráma nua, le Frank McGuinness as Bun Cranncha, atá bunaithe ar na carachtair seo le feiceáil faoi láthair san amharclann The Tricycle i Londain go dtí an 20 Feabhra.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.