AR NA SAOLTA SEO
Níl dúshraith reachtúil i ndán do chearta Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

D’fhógair an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, Edwin Poots, ar na mallaibh nach gcuirfí acht Gaeilge i bhfeidhm sa Tuaisceart. Mar thoradh ar an chinneadh seo, tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen.

Íomhá
Edwins Poots, an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta: d'fhógair sé nach gcuirfí acht Gaeilge i bhfeidhm ó thuaidh
Íomhá
Baineann an Ghaeilge le Sinn Féin den chuid is mó, dar le haontachtaithe
Íomhá
Tá rudaí dearfacha ag titim amach ó thaobh na Gaeilge de taobh amuigh de Stormont

an fhíorpholaitíocht faoi lán seoil ó thuaidh na laethanta seo - ach tá meabhruithe ar na seanlaetheanta thart timpeall orainn fosta. Cuireadh tús le cúrsaí an mhí seo le rún in éadan úsáid na Gaeilge in imeachtaí an Tionóil. Rún de chuid David McNarry, ball sinsearach den Ord Oráisteach, a bhí ann, agus seachtain i ndiaidh é a bheith curtha ar an chlár aige, chinn an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, nach gcuirfí dúshraith reachtúil faoi chearta Gaeilgeoirí sna Sé Chontae. Le linn na díospóireachta a lean an cinneadh, chonaic muid neart agus laige an chórais atá i réim in Stormont. Léirigh an cinneadh gan acht Gaeilge a chur i bhfeidhm ó thuaidh nach mbeidh ollsmacht ag idé-eolaíocht amháin ar an idé-eolaíocht eile níos mó. Ní bheidh aontachtaithe ábalta gníomhú in éagmais cead na náisiúnaithe a bheith faighte acu, agus a mhalairt. Tá deireadh le seanlaethanta an stáit aonpháirtí go deo na ndeor. Ach cad é a tharlóidh maidir leis an Ghaeilge? Chuir aontachtaithe bac ar reachtú an achta Ghaeilge ar an bhonn gur cheangail siad an teanga go huile is go hiomlán le páirtí amháin polaitiúil: Sinn Féin. Deargamaidí é sin, ar ndóigh, ach caithfidh muid cuimhneamh go ndearna an páirtí – idir bhaill agus lucht tacaíochtaan dú-rud oibre ar son na teanga fud fad na Sé Chontae. PionósAnois, tá pionós á chur ar gach Gaeilgeoir ó thuaidh, is cuma cén páirtí polaitíochta a mbíonn sé ag tacú leis. Tá an pionós á ghearradh ag aontachtaithe a chaith vóta in éadan an achta ar bhunús seafóideach polaitiúil agus ar bhunús eile bréagach – go gcosnódh sé an dú-rud airgid an t-acht a bhí molta a chur i bhfeidhm. Níor airigh siad go bhféadfadh go mbeadh buntáistí ag baint le hacht, dá reachtófaí é, ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de, agus ó thaobh na mbuntáistí a eascraíonn as oideachas dátheangach a bheith bainte amach ag duine, agus go leor eile fosta.

Ní chreidim go raibh a leithéid i gceist ag ailtirí Chomhaontú an Chéasta, iad siúd ar theastaigh uathu “comhurraim” a bhunú go diongbháilte ó thuaidh. Cad é a tharla do “parity of esteem”, coincheap agus cur síos a bhí i mbéal gach duine tráth?

Bhí sé de dhóchas ag cuid mhór daoine go mbeadh gach dream in ann a fhís féin i leith na sochaí úire a bhaint amach agus an foréigean ruaigthe go buan ó pholaitíocht na hÉireann. Ba ghránna an dóigh ar labhair cuid de na haontachtaithe i dtaobh na Gaeilge agus an achta le déanaí. Léirigh siad díobháil iomlán tuigbheála ar cad is teanga ann, nó ar stair nó tábhacht nó saibhreas na Gaeilge ina “dtírín” beag féin. Ach, mar is dual don chluiche polaitiúil sa Tionól, fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar. Deirim go minic go bhfeidhmíonn an pholaitíocht ar dhá leibhéal mhóra: leibhéal an Tionóil agus leibhéal na sráide. Is maith an rud é go bhfuil foireann na brionglóide ag comhoibriú san Fheidhmeannas, ach tá rudaí níos tábhachtaí ag tarlú sna pobail éagsúla, beag beann ar a bhfuil ag titim amach sa Teach Mór ar an Chnoc.Mar shampla, le linn dom a bheith ag scríobh an ailt seo, fuair mé ríomhphost inar ndearnadh cur síos ar imeachtaí Gaeilge i Lios na gCearrbhach, baile a bhfuil an dílseachas breá láidir ann go fóill. I measc na n-imeachtaí Gaeilge a fógraíodh sa ríomhphost bhí ranganna bunúsacha Gaeilge agus Gàidhlig.

Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tOirmhinneach Bill Boyd, ministir Preispitéireach a d’fhoghlaim Gaeilge, léacht ag an ócáid. Agus beidh ceolchoirm de chuid salmairí ó Inse Ghall ar siúl, ina gceolfar i stíl amhránaíochta a bhí coitianta, tráth, i nGaeltacht na hAlban, ach atá imithe i léig anois i ngach áit ach amháin in Inse Ghall. Baineann salmaireacht na Gàidhlig go dlúth le Saor-Eaglais na hAlban, eaglais nach gceadaíonn ceol, ach amháin a cuid salm. Ansin, beidh na sailm le cluinstin arís ón ghrúpa adhartha An Tor Ar Lasadh, a thagann le chéile uair sa mhí i dTeampall Preispitéireach Fitzroy i mBéal Feirste. Bíonn go leor rudaí eile den chineál seo ag titim amach ar fud an Tuaiscirt agus tá oscailteacht le brath nach n-aithníonn cuid de na tráchtairí sóisialta polaitíochta.

Ní hionann sin is a rá nach bhfuil cneácha an fhoréigin ag déanamh angaidh go fóill. Mar shampla, tá dílseoirí ag eagrú máirseála in éadan Anna Lo, an t-aon fheisire ó mhionlach eitneach atá sa Tionól. Rachaidh lucht na máirseála fríd an cheantar Síneach i mBéal Feirste as siocair “dímheas” a bheith léirithe aici ar cheannaire buíon ceoil dílseach. Agus chuir anbhás Paul Quinn samhnas ar dhaoine a léigh tuairiscí ar an drochíde mhillteanach a fuair sé ó iarbhaill de chuid an IRA, nó, mar is beaichte anois a thabhairt orthu, baill an iar-IRA. Ach ba é ab iontaí faoin eachtra ná gur cháin Gerry Adams agus Martin McGuinness an dúnmharú agus gur iarr siad ar dhaoine cuidiú a thabhairt don PSNI agus iad ag fiosrú na coire. Níos iontaí arís, b’fhéidir, dúirt fear crua an DUP, Peter Robinson, gur chreid sé nár cheadaigh ceannaireacht an IRA an dúnmharú – agus nár choir, mar sin, smachtbhannaí a chur i bhfeidhm in éadan Shinn Féin.

Bliain féin ó shin, ní ghlacfadh Robinson lena leithéid de shéanadh ón IRA. Is léir go bhfuil féinleas cómhalartach an DUP agus Shinn Féin á bhuanú an t-am ar fad. Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.