Fiafraíonn Robert McMillen, ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Ceart nó mícheart, cuireadh Niall Mac Auslainn a bhundún dearg amach, ní eisean a bheas ina thrúig bháis ag teanga na Gaeilge, a deir Robert.
Is iomaí buille a buaileadh ar an Ghaeilg in imeacht an ama, ach tá an ceann is tromchúisí ar na gaobhair - fear beag féasóige as tuaisceart Bhéal Feirste! Cuireadh Reacht Chill Chainnigh i bhfeidhm sa 14ú céad, 1367 le bheith beacht, 35 reacht a raibh sé d’aidhm acu smacht a chur ar an lucht plandála sin a bhí ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, i gcodanna den tír. Cuireadh cosc orthu an Ghaeilg a labhairt, agus an méid sin den lucht plandála nach raibh Béarla acu, b’éigean dóibh é a fhoghlaim nó a gcuid talaimh a chailleadh, ach mhair an Ghaeilg i ndiaidh Reacht Chill Chainnigh.
Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do lucht a labhartha. Cuireadh córas na scoileanna náisiúnta ar bun. Ba chuma leis an Eaglais fán teanga anois agus Coláiste Mhaigh Nuad bronnta orthu lena gcoinneáil ar stropa, ach mhair sí mar sin féin, aisti féin, in ísle brí.
Bhuail an Drochshaol, tógadh an barr agus ligeadh milliún Gael chun bás den ocras tríd an tír. Díbríodh roinnt thar chuan agus theith an chuid eile lena mbeo ar an bhád bhán thar sáile. Sa 20ú cead, tháinig an teilifís agus an gluaisteán a thug turasóirí agus a gcuid Béarla isteach sa Ghaeltacht agus míle míbhuntáiste eile.
Agus anois an coup de grace - ainmniúchán Nelson McCausland mar Aire Saíochta (an t-oscsamórón is déanaí i nGaeilg nó i mBéarla) sa Tionól ó thuaidh.
Tuar Cogaidh
Tá cogadh cultúir á throid ag Nelson cóir le fada an lá. Is é an gléas airm atá aige ná leathfhírinne, aineolas, cúinge aigne, agus díograis. Tá sé sa phost úr - níl a fhios agam cad é na cáilíochtaí atá aige - le rudaí a stopadh mar a léiríodh i líne thar a bheith suimiúil in alt sa Belfast News Letter ar na mallaibh. Ag caint ar an choimhlint idir DUP Peter Robinson agus TUV Jim Allister, dúirt sé:
“Mr Robinson says that some of devolution’s biggest successes for unionists were those things which it had been able to stop, such as an Irish Language Act.”
Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta?
Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe. Ni dócha go bhfeicfear i bPáirc an Chrócaigh ach oiread é, áit a mbronntar Corn Sam Maguire, “a republican gunman” de réir McCausland. Ar ndóigh, ní athrófar ainmneacha ionad CLG ó thuaidh. Bheadh anord ann dá mbeadh gach duine maslaithe ag a leithéid. Ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Nó Chichester Street, a ainmníodh as Sir Arthur Chichester, fear a dúirt gur chóir úsáid a bhaint as gorta leis na hÉireannaigh a chloí mar nach raibh a gclaimhte gasta go leor. Nó as logainmneacha na hImpireachta Briotanaí - is as ceantar náisiúnach mé féin ina raibh na sráideanna Cawnpore, Benares, Lucknow agus Kashmir Road!
Cinedheighilt an Chultúir
Tá McCausland ag treabhadh leis in éadan na Gaeilge le fada an lá. Bhí sé in éadan comharthaí dátheangacha a bheith crochta in airde i Reilig na Cathrach i mBéal Feirste. Masla d’Aontachtaithe a bheadh ann a dúirt sé agus chuir sé síos air mar iarracht de chuid Shinn Fein “cinedheighilt chultúrtha a bhunú.” (Iontach go leor, tá cinedheighilt á chleachtadh cheana féin sa reilig chéanna. Sular osclaíodh é i 1869, tógadh balla naoi dtroigh FAOIN TALAMH le Caitlicigh agus Protastúnaigh a choinneáil scartha!)
Mar léargas eile ar dhearcadh McCausland, i 2002 dhiúltaigh Comhairle Chathair Bhéal Feirste maoiniú a thabhairt do fhéile scannánaíochta cionn is go raibh an focal Celtic sa teideal. “Ní tír Cheilteach í Tuaisceart Éireann,” ar sé. Ar ndóigh, is ambasadóir é McCausland ar son na hUllanaise agus é ina iar-Chathaoirleach ar an Ulster-Scots Heritage Council.
Is éigean a admháil go bhfuil an-rath ar McCausland mar urlabhraí ar son na canúna. Cad é mar a mhíneofaí an stádas áiféiseach atá ag an Ulster Scots ó thuaidh? Beartas thar a bheith cliste a bhí ann an chanúint a cheangal leis an Ghaeilg sa mhéid is go bhfuil maoiniú don teanga agus don chanúint ag brath ar a chéile, a bheag nó a mhór. Beidh le feiceáil an leanfar ar aghaidh leis an nasc sin le linn do McCausland a bheith ina Aire Saíochta ach i ndiaidh ionradh, gorta, díothú, neamhaird agus gach rud eile, glacfaidh sé níos mó ná an fear seo le tairne eile a cur i gcónra na Gaeilge. Ar dhóigh, thiocfadh lena chuid nimhe roinnt daoine a mhúscailt chun gnímh, daoine gur chuma le cuid mhaith acu go dtí seo an teanga a bheith ann as.