Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go leanfaidh praghas na dtithe ag ardú in Éirinn, fiú má chuireann an rialtas i bhfeidhm moltaí coiste dá chuid atá tar éis tuarascáil a fhoilsiú ar chúrsaí sealúchais.
An mhí seo caite d’fhógair an rialtas polasaithe nua, polasaithe a d’fhéadfadh an soláthar tithe sóisialta sa stát seo a mhéadú go mór. Ach ní léir go bhfuil aon ísliú, sa ghearrthéarma ar a laghad, i ndán do chostas na ngnáth-thithe, costas atá ag méadú in aghaidh na bliana.
An mac nó iníon fhásta ina chónaí lena thuismitheoirí, an cailín óg feistithe i mblaincéad ina luí ar Dhroichead Uí Chonaill nó an teaghlach ar liosta tithíochta an stáit - léiriú iad seo uilig ar díreach chomh mór agus atá an t-ardú tubaisteach i gcostas tithe tar éis fadhb agus cruachás a chothú sa stát seo.
Ar feadh i bhfad mhéadaigh praghas na dtithe ar an iomlán ag an ráta céanna is a mhéadaigh an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, costais tógála agus an meántuarastal. Ach ó 1994 ar aghaidh tá athrú tagtha ar chúrsaí. An teach a chosain €72,732 i 1994, chosain sé €213,904 i Márta 2003. I 1994 chosain teach i mBaile Átha Cliath thart ar €81,493. Faoi Mhárta 2003, áfach, chosain sé €278,819, sin méadú 240%.
Na laethanta seo rachadh sé deacair ar dhuine fiú árasán beag d’fháil in aon áit gar don ardchathair faoi bhun €200,000. Ciallaíonn sin go rachadh sé deacair fiú ar fhear nó ar bhean óg ar thuarastal €60,000 morgáiste cuí d’fháil dá leithéid. Agus de réir na bhfigiúirí is déanaí ón ESRI, mhéadaigh luach an ghnáth-thí anuraidh 13% nó €30,000 agus táthar ag tuar méadú 11% sa bhreis air sin an bhliain seo chugainn.
Ní nach ionadh mar sin, de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí, go bhfuil 4,176 duine fásta agus 1,405 páiste ina gcónaí ar shráideanna an stáit seo. Ní nach ionadh ach oiread, de réir fhigiúirí na Roinne Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil a foilsíodh in 2002, go bhfuil 48,413 teaghlach ar an liosta tithíochta. Seo méadú de 76.5% ó bhí 1996 ann.
Le breis agus bliain anuas bhí Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag breathnú ar na hailt sa bhunreacht a bhaineann le cúrsaí sealúchais agus ag tús na míosa seo caite sheol an Príomh-Aoire Mary Hanafin a dtuarascáil. De réir na tuarascála seo, is é costas ard na dtithe is cúis leis an chostas ard atá ar thalamh agus ní a mhalairt. Sin le rá, ar deireadh thiar gurb é an margadh a shocraíonn praghas na dtithe agus gurb é an t-aon bhealach leis an chostas a ísliú ná an soláthar a mhéadú.
Leisce
Ar chúiseanna atá intuigthe bíonn leisce ar rialtais cur isteach ar chóras an mhargaidh ar an mbonn gur deacair a bheith cinnte den toradh nuair a dhéantar a leithéid. Mar shampla, roinnt blianta ó shin rinne an rialtas iarracht fóirdheontais a chur ar fáil le cabhrú le daoine a bhí ag ceannach tí den chéad uair, ach in ionad costas na dtithe a ísliú rinne an gníomh seo luach an talaimh ar a raibh na tithe tógtha a mhéadú. Ach, os a choinne sin, in ainneoin níos mó tithe a bheith á dtógáil anois ná riamh, is léir nach bhfuil dóthain á dtógáil le freastal ar an mhargadh.
Tá an tuairim thart le fada an lá go bhfuil socrú neamhoifigiúil idir lucht sealúchais agus lucht tógála ag cur isteach ar chóras an mhargaidh. Sin le rá, coimeádann lucht sealúchais áirithe luach an talaimh ard trí gan ach méid beag den talamh athchriosaithe ar leo é a scaoileadh ar an mhargadh ag aon am amháin, nó coimeádann siad talamh nach bhfuil athchriosaithe acu féin agus iad dóchasach go ndéanfar é a athchriosú amach anseo.
Oireann sé go breá freisin do lucht tógála teorainn a bheith leis an líon tithe a thógtar. I ngnó ar bith ní oireann sé an iomarca de tháirge amháin a chur ar an mhargadh ag aon am amháin, nó titfidh an praghas. Chomh maith le praghas talaimh a choimeád ard, chiallódh socrú neamhoifigiúil mar seo go mbeadh sé an-deacair ag údaráis áitiúla talamh a cheannach le tithe sóisialta a thógáil air.
Idir 1939-42 chuir údaráis áitiúla an stáit seo 49,000 teach ar fáil. B’ionann sin ag an am agus 60% den tithíocht uilig a tógadh. Faoi 1975 bhí an líon tithíochta nach raibh á fhorbairt go príobháideach tite go 33%. Ach, mar a mhínigh urlabhraí thar cionn Chomhairle Chontae Chill Chainnigh le linn éisteachtaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht an samhradh seo caite, ciallaíonn an praghas ard ar thalamh na laethanta seo nach bhfuil sé ar chumas na n-údarás áitiúil dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha le paiste talaimh a cheannach. Mhéadaigh, d’inis sé don choiste, luach talaimh in aice Chill Chainnigh ó €8,000 go €250,000 an t-acra chomh luath agus a deineadh é a athchriosú.
Ní haon ábhar iontais mar sin nár thóg údaráis áitiúla sa stát seo ach 16,845 teach idir 1995 agus 2002, sin díreach 2,100 sa bhliain. I mBaile Átha Cliath, an áit a bhfuil an ganntanas is mó tithíochta, níor tógadh ach thart ar 457 in aghaidh na bliana. As an 50,000 teach a tógadh sa chéad naoi mí de 2003 níor thithe sóisialta ach 3,000 acu.
Tuarascáil ar chúrsaí sealúchais
Breis agus tríocha bliain ó shin, ar iarratas ó rialtas Jack Lynch, d’ullmhaigh an Breitheamh Kenny tuarascáil ar chúrsaí sealúchais. Dá gcuirfí na moltaí a chuir sé chun cinn ag an am i bhfeidhm i 1973 is ar éigean a bheadh costas tithe chomh háiféiseach is atá. Ach, ina ionad sin, shuigh trí rialtas déag dhifriúla ar Thuarascáil Kenny agus ní dhearnadar faic. Aon uair a ardaíodh an cheist, dúradar go raibh comhairle faighte acu go raibh moltaí Kenny míbhunreachtúil. Ba é príomh-mholadh an Bhreithimh Kenny ná gur chóir go gceannódh údaráis áitiúla talamh athchriosaithe ar 25% os cionn an “existing use value”, ach sin uile.
De réir na tuarascála nua ó Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ní hamháin nach bhfuil, dar leo, moltaí an Bhreithimh Kenny míbhunreachtúil ach tá sé thar am iad a chur i bhfeidhm. Má ghlactar leis an mholadh seo, beidh ar chumas údaráis áitiúla talamh a cheannach ar chostas réasúnta agus ansin an paiste talaimh sin a dhíol le pé tógálaí gur mian leo. Níl aon dabht ach go gcuirfeadh a leithéid d’athrú ar chumas na n-údarás áitiúil i bhfad níos mó tithe sóisialta a chur ar fáil, ag glacadh leis go bhfuil an toil ann a leithéid a dhéanamh, dar ndóigh.
Mhol an tuarascáil seo freisin go rithfeadh an rialtas reachtaíocht a chiallódh go bhféadfaí pionós a chur ar dhaoine a bhfuil talamh athchriosaithe ina seilbh acu ach nach bhfuil siad sásta á chur ar an mhargadh.
Má ghlacann an rialtas le moltaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ar bord, agus tá gach cuma ar an scéal go ndéanfaidh, tús maith a bheidh ann maidir le dul i ngleic le fadhb tithíochta an stáit seo.
Feicfear méadú cinnte ar an líon gnáth-thithe agus tithe sóisialta a thógfar sa stát seo sna blianta romhainn amach, ach is deacair a fheiceáil go bhfuil aon rud sna moltaí seo a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe sa tír. Mar sin, le claochlú a chur ar mhana pháirtí an Taoisigh a chualamar cheana, b’fhéidir go bhfuil go leor déanta, ach tá tuilleadh le déanamh.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.