CÚINNE NA nEALAÍON
Ní háil léi mé a thuilleadh
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Tá scéal ag Colm Ó Snodaigh an mhí seo faoi ghrá a chuaigh i bhfuaire.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ní háil léi mé a thuilleadh. Ní háil léi mo chuid ceoil a thuilleadh. Ní háil léi mo bheola fliucha ná mo mhéaracha mánla. Tá mé croíbhriste.

Tháinig mé uirthi i siopa Paul Ryan i lár Bharra an Teampaill. Mheall Paul mé lena glórtha! Labhair sé liom fúithi. Ríomh sé a stair. Rinne sé mionchur síos uirthi. Dúirt sé liom gur seo mo sheans. Go raibh sí ullamh dom, go raibh mé ullamh di.

Bhí sí tráth i lámha duine de bhanna ceoil an Gharda Síochána, ar feadh blianta, agus ina theannta thaistil sí ó cheann ceann na tíre agus bhí sí leis nuair a sheinn sé i ngach halla paróiste agus ag gach féile is fleadh in Éirinn.

Mo chláirnéid. Ceann de na huirlisí is ansa liom. Ach ní háil léi mé a thuilleadh. Agus is orm féin atá an locht – agus ar Ivo Papasov, an Bulgárach diamhair a sheinneann an chláirnéid mar a sheinneann Davy Spillane na píobaí. Sheinn Rossa, mo dheartháir, caiséad caite blianta fada ó shin sa charr ar an mbealach abhaile ó Ghaillimh agus thit mé i ngrá leis an bhfuaim. Mar sin, is ar Rossa atá an locht!

Mo chláirnéid. Ceann de na huirlisí is ansa liom. Ach ní háil léi mé a thuilleadh.

Tá mé ag taifeadadh. Fonn réasúnta simplí. Glaonn muid “The Bellydance Tune” air. Mé féin agus Rossa ag babhtáil línte beaga simplí. Simplí. Tá na línte seo simplí. Is féidir liom iad a sheinnt de ghnáth gan aon stró. Ach inniu níl aon ní ag tarlú seachas screadaíl dhamanta na cláirnéide.

Cuirim an feadán in uisce te. Cuirim an feadán i mo bhéal agus, i bhfocail Johnny The Lips ó The Commitments, ligim orm féin gur sine mná atá i mo bhéal. Bím mánla. Bím mín. Bím cneasta. Bím caoin. Ach inniu níl aon fhuaim shuaimhneach aisti seachas an screadaíl dhamanta seo atá ag bodhrú gach duine.

Stopaim! Fágaim an seomra. Níl a fhios agam cad atá cearr. Gabhaim leithscéal. Cumaim fáthanna nach bhfuil mé ábalta an rud beag simplí seo a sheinnt a thuilleadh. Ar ais isteach i mo bhosca liom. Níl sna fáthanna ach leithscéalta leamha. Tá a fhios agam go díreach cad atá ar bun.

Le déanaí bhog mé ó thigh amháin go tigh eile. Chuir mé gach aon ní i mboscaí agus toisc nach mbeidh mé san tigh úr ach ar feadh tréimhse ghairid níor thóg mé gach rud as na boscaí – tá siad fós i gcúlseomra i dtigh mo thuistí lán go béal le mo ghiuirléidí beatha.

Agus sin í an fhadhb. D’fhág mé í i mbosca ar feadh ceithre nó cúig mhí agus níor shroich mo bheola a béal. Agus is míthrócaireach an fhuaim a thagann as cláirnéid nuair nach bhfuil an uirlis á seinnt go rialtasamhlaigh deich méar ag scríobadh clár dubh.

Dianchleachtadh

Ceann fúm, gabhaim leithscéal arís. Deirim le gach éinne go ndéanfaidh mé dianchleachtadh. Go mbeidh gach rud i gceart i gceann coicíse nuair a bheas muid ag taifeadadh arís.

Tógaim abhaile í. Tógaim as a bosca í. Agus gach lá ar feadh leathuair an chloig ar a laghad séidim go mall réidh, seinnim go cúthaileach. Lá i ndiaidh lae, sé lá, seacht lá agus fós is ar éigean gur féidir liom an dara hochtach a shroichint. Níl aon mhaithiúnas inti go fóill. Dhá lá dhéag, trí lá dhéag agus fós tá mé ag argóint léi gach lá. Níl sí sásta liom go fóill agus níl aon cheol binn ag teacht uaithi.

Isteach liom sa stiúideo. Leagaim í amach in aice le m’uirlisí eile. Caithim deich nóiméad léi agus deir leis an innealtóir fuaime go mbeidh deacrachtaí agam leis an bpíosa áirithe ceoil seo. Deinim iarracht é a sheinnt. Drochdhreas. Fágaim í ar leataobh agus díríonn ar an chuid eile den obair ar gá dom a chur díom. Leathbhealach tríd an lá deinim iarracht eile ach tá na fadhbanna céanna agam.

Deireadh na hoíche. Casaim chuig Mark, an t-innealtóir.

“Seo an iarracht dheireanach a dhéanfaidh mé é seo a fháil. Tá mé spíonta agus tá sé in am dúinn dul abhaile. Seo linn.”

Cloisim tús an cheoil sna cluaisíní. Seinnim cúpla nóta. Nil na nótaí ródhona. Sleamhnaíonn an chéad chuid uaim go réasúnta éasca. Ní haon Ivo Papasove mé ach tá an tseinnt beacht. Ach seo chugam an chuid dheacair, an chuid ard. Good God, tá sí ag canadh go binn. Gach nóta. Gach suas is síos. Agus tá an fonn thart agus tá meangadh ar aghaidh Mark agus tá a fhios agam nach gá dúinn éisteacht leis an méid atá déanta agam óir tá maithiúnas tugtha aici dom!

Tharla an eachtra sin coicís ó shin. Chuireas an chláirnéid ar ais ina bosca an oíche úd agus níor leagas lámh uirthi ó shin. Is cinnte nach dtiocfaidh an maithiúnas chomh tapaidh céanna arís.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.