CAINT AN tSRÁIDBHAILE
‘Ní Feisireacht go Muintir’: Scéal Libia Gan Ríomh
Íomhá
Sochraid Abdul Fatah Younis
le Felix Wang ar Picasaweb
Íomhá
Gunnaí scriosta ag NATO
le Bernd. Brincken ar Vicipéid
Íomhá
Clúdach an Leabhair Ghlais
Íomhá
Tús an Leabhair Ghlais
Íomhá
Údarás Choistí na Muintire

Ní hí an stair amháin a scríobhann lucht an bhua, ach scríobhann siad an nuacht chomh maith. Níl scéal mhuintir Libia ar amharc ná ar éisteacht in áit ar bith. Ina áit sin, tá scéal Libia, mar is toil le NATO, ar an scáileán de ló is d’oíche. Ar Russia Today amháin, b’fhéidir, a thiocfar ar scéal atá níos gaire don fhírinne amach as Libia. Gach ní eile ar na scáileáin againn, d’fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuil ann ach cruthaíocht saofúil agus ceapadóireacht cheamara. An eite chlé féin i saol an Bhéarla agus i saol na Fraincise, thugadar cúl le scéal Libia nuair thaobhaigh Muammar al Qathafi tíortha NATO roinnt blianta ó shin. Níl scuan ná scéal le teacht chugainn ón aird sin, leagan éicint dá bhfuil ag titim amach a chuirfeadh daoine ar a bhfaicheall. Tá a n-aird siúd, an eite chlé, dírithe gach áit eile seachas ar Libia amhail is go ndallfaí iad ach spléachadh ina leith an seal gairid.

Níor ríomhadh scéal inmheánach Libia mar a bhí le scór go leith bliain anuas agus an dream a níos caint faoi Libia ar na meáin, is cosúil nach bhfuil aon spéis acu i gcóras reachtais Libia le linn an ama sin. An dream céanna tráchtairí, tá a dteanga caite acu ag trácht ar dhreamanna armtha an NTC a bheith ag ‘drawing closer’, ‘approaching’, ‘on the outskirts’, ‘at the East Gate’, ‘at the South Gate’ of Sirte, Bani Walid, ‘surrounded’ srl. Bheinn féin ag ceann theas na hAfraice faoin am céanna i seanmorris minor. Lúbadh béal, drad, is an iliomad leaganacha cainte le míonna fada anuas le cur ina luí ar lucht féachana ar fud an domhain go raibh an tóin tite as ‘réimeas Gaddafi’, amhail is gur cheannaire an réimis é Qathafi. Bheadh sé chomh maith a bheith ag caint ar réimeas Mac Aleese abhus. Níl i Qathafi le tamall fada de bhlianta ach ceann urraime. Fear atá i dteideal urraime agus ní ceannaire stáit é. An té nach bhfeiceann cé tá i gceannas an stáit is mian leis a ionsaí, bíodh sé ag deargadh an aeir le diúracáin ach ní chuirfidh sé an cheannasaíocht de dhroim seoil. Tá an cheannasaíocht i Libia treisithe ó thosaigh ionsaithe na dtíortha NATO Earrach na bliana seo. Cén fáth?

Fathach na Seacht gCeann

Níl aon tír ar domhan a bhfuil ceannasaíocht chomh scaipthe is atá i Libia. Is é is dóichí ná a mhalairt, nach raibh a fhios ag Qathafi féin, cé mar a sheasfadh an cheannasaíocht ina leith go dtí gur thit cathair Tripoli faoin bhuamáil uilig. Dá bhfanfadh muintir Qathafi i dTripoli, chaillfidís gean na ndaoine as an bhuamáil a tharraingt orthu. Bhí faoiseamh le brath ar an suíomh idirlín Mathaba faoi cheann seachtain ina dhiaidh sin, an suíomh idirlín (as an tSiria) is gaire do dhearcadh Qathafi. Thuig siad faoin am sin go raibh na coistí timpeall na tíre seasmhach go leor leo.

Ní dheachaigh oiread is tráchtaire amháin in aice an Leabhair Ghlais. Míníonn an leabhar céanna nach ionann údarás Libia agus aon údarás reachtúil eile ar domhan. Dá léifeadh aon iriseoir amháin an leabhar agus sinn a chur ar an eolas, ba mhór an gar é. “Rambling and unintelligible” a dúirt fear ITN ina thaobh blianta fada ó shin. Rith sé liom gur mórán mar a chéile a thagair lucht dlí Shasana don Fhénechas, seanreacht na hÉireann, i ndiaidh dóibh súil a chaitheamh ar an teaglam lámhscríbhinní a fuair siad ó sheanfhear de mhuintir Chianáin ag tús an 17ú céad. Ní fhéadfadh an reacht sin oibriú, dar leo, ar a chastacht. Tír a bhfuil fathach na seacht gceann ann í Libia agus ní bheidh NATO in ann na cinn go léir a shíobadh den cholainn mar tá siad chomh scaipthe ar fud na tíre is atá daonra iomlán Libia féin.

An Leabhar Glas

Faigheann an Leabhar Glas locht ar na córais ‘seandaonlathais’. (Tá sleachta as an Leabhar Glas ag ceann thíos an ailt seo.) Roghnaíodh córas coistí i Libia leis an tír a rialú. Tá an rialtas in achan bhaile a bhfuil daoine, in achan treibh a bhfuil daoine, in achan cheardchumann a bhfuil daoine, in achan ollscoil a bhfuil daoine, in achan sráidbhaile a bhfuil daoine, in achan chumann áitritheoirí srl. sa tír trí chéile. Shamhlaigh NATO, is léir, nuair a tionscnaíodh an eachtraíocht fhuilteach seo i Libia go dtiontódh na daoine in aghaidh Qathafi, ach ní mar sin a tharla. Tá scaoll sna daoine roimh na dronganna armtha de chuid an NTC atá scaoilte ina measc, ach níl siad ag glacadh leo agus i roinnt áiteanna ligeadh isteach ina mbailte d’aon úim iad lena marú. Ar RT (Russia Today) amháin, nach mór, a fheictear a bhfuil ag titim amach taobh istigh de Libia. D’fhan an chuid is mó ar fad de na treibheanna leis an tSeamaithiriat, .i. teagasc an Leabhair Ghlais. (Ciallaíonn an focal Seamaithiriat, ‘Stát na Mathshluaite’.) Na hAmazaigh féin in iarthar Libia thart ar Nafusa, tá cuid acu sin iompaithe ar ais ar shon na Seamaithiriata d’ainneoin gur mhaígh Qathafi dhá bhliain ó shin nach raibh aon dream daoine ann a thuilleadh ‘de na seantreibheanna úd’ ach gur d’aon bhunús amháin iad muintir Libia. Is í fírinne an scéil gur de bhunús Amazaigh suas is anuas le 80% de mhuintir Libia, ach gur chailleadar an teanga Tamaisichtis in imeacht ama. (Is Amazigh iad Kel Tuareg fosta agus an Tamaiseicis a thugann siad ar a dteanga.)

Beidh muintir Libia agus a gcuid airm ag sní siar is aniar isteach i sé, seacht, nó ocht gcinn de thíortha go ceann roinnt blianta a fhad a mhairfeas an chogaíocht seo le NATO. Is dócha gur lasmuigh de Libia atá a leath den 147 tonna óir chomh maith cheana féin. Beidh NATO ag sú an ola ón chósta thuaidh agus is dóigh go mbeidh siad sásta go leor leo féin.

..............................................

Sleachta as an Leabhar Glas:

Rialú Tíre

‘Is é an rialú tíre an fhadhb mhór pholaitíochta atá roimh gach pobal daoine.’ …. D’eascair gach córas polaitíochta de chuid na linne seo as an gcomhrac cumhachta úd a tharlaíos idir rialtas agus an rialú. Bíodh an comhrac sin síochánta nó ina ghleic airm, ar nós coimheascar na n-aicmí, buíonta creidimh, treibheanna, páirtithe nó daoine ina n-aonair, is é an scéal céanna i gcónaí é: buann an córas rialtais i gcónaí ar an duine aonair, ar an mbuíon, ar an bpáirtí, ar an aicme nó ar na daoine (iad féin) .i. díothú an fhíordhaonlathais. ….

An tOireachtas

Is é an t-oireachtas croílár an tseandaonlathais mar a tháinig sé anuas chugainn. Níl san oireachtas ach ainriocht na muintire agus níl i rialtas oireachtais ach saobhréiteach ar fhadhb an daonlathais. Is é an fhadhb go mbunaítear oireachtas le bheith freagrach do mhuintir na tíre. Is mídhaonlathach ann féin é sin sa mhéid nach údarás a fheidhmníonn ar son na muintire, ach flaitheas na muintire féin is ciall don daonlathas. Is ionann oireachtas ann féin agus cealú na muintire óir is trí fheidhmiú na muintire iad féin a chruthófar an daonlathas agus ní trí fheidhmiú a gcuid teachtaí. Bac reachtúil ar fheidhmiú chumhacht na muintire is ea oireachtas. Coinneoidh sé an mathshlua as cumhacht agus saobhfaidh sé a reacht ina áit sin. Fágfar an pobal i dtuilleamaí an fhlaithis, mar dhea, in eireaball scuaine an bhosca vótála. …..

Is mar siúd atá córais pholaitíochta na cruinne ar na saolta seo. Is córais fhorlámhais iad agus is léir gur ag saobhadh an fhíordhaonlathais a bhíd. …..

Más é an páirtí a bhain an toghchán a chruthófas an rialtas áfach, ní oireachtas na muintire a chruthófar, dá dheasca, ach oireachtas an pháirtí. Is don pháirtí a sheasfaidh sé agus ní do mhuintir na tíre é. An chumhacht reachtúil a bhronnfaidh an t-oireachtas, ní cumhacht na muintire í ach is leis an bpáirtí í. Is é an dála céanna é ag oireachtas a bhfuil na suíocháin roinnte ar pháirtithe. Seasfaidh na teachtaí leis an bpáirtí ar ndóigh agus ní leis na daoine a sheasfaidh siad. Comhar na bpáirtithe le chéile is ea a eascrófas as comhrialtas dá chineál agus ní comhar na muintire. Is íospháirtí iad na daoine faoin gcóras sin, óir táid sáraithe is saofa ag forais pholaitíochta. Is tostach an té a sheasfas i scuaine fada lena bhileog ghuthaíochta a chartadh isteach i mbosca na vótála ar nós burla páipéir a theilgfí sa bhosca bruscair. Tá sé amhlaidh gach áit ar domhan a bhfuil an daonlathas sean-nósach i réim, bhíodh sé sin ina chóras aon pháirtí, dhá pháirtí, ilpháirtí nó neamhpháirtí. Is léir, dá bhíthin sin, gur bréag mhór é córas na dteachtaí. Ní den daonlathas de chineál ar bith é an dáil a bunaíodh ar cheapacháin ná ar an bhfolaíocht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.