Tá go leor fadhbanna móra le réiteach ag an chomhlacht Airbus sna blianta atá amach romhainn, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
Titeann Taispeántas Eitleán amach in Farnborough in aice le Londain ag deireadh mhí Iúil gach dara bliain. Is é an taispeántas seo an príomhionad gnó do lucht na heitleoireachta san Eoraip. Déantar gnó, itear mórán ceapairí agus óltar loch mór fíona agus champagne, agus déanann na déantóirí eitleán a ndícheall a n-eitleáin a thaispeáint agus mórtas a dhéanamh.
I mbliana, agus an ghrian ag scalladh, rinne an t-eitleán paisinéirí is mó ar domhan, an Airbus A380, taispeántas a bhí go hiontach ar fad. Os comhair lucht féachana mór (agus an scríbhneoir seo ina measc), thiontaigh sé ar dtús ar ghéaruillinn agus ina dhiaidh sin d’eitil sé chomh mall sin go raibh an chuma ar an scéal go dtitfeadh sé as an spéir.
Bheadh sé éasca an léiriú seo a fheiceáil mar mheafar do na fadhbanna atá ag Airbus, an déantóir Eorpach eitleán. Dhá bhliain nó trí bliana ó shin, bhí Airbus ar mhuin na muice; anois, tar éis tréimhse drochshuaiteachta, tá sé ag iarraidh gan titim ón spéir. Tá moill ar a tháirge nua, an A380, tá cúpla duine dá bhainisteoirí sinsearacha éirithe as a bpost, agus tá sé ar a dhícheall ag iarraidh teacht chuige féin.
Cúig bliana ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh plean den scoth acu: thógfadh Airbus eitleán ollmhór nua, an ceann is mó ar domhan, a mbeadh breis is 500 suíochán ann. Chruthódh sé go bhféadfadh na hEorpaigh dul san iomaíocht le Boeing agus a 747 cáiliúil. Agus nach cinnte go mbeadh na haerlínte ag lorg eitleán mór nua dá gcuid bealaí is gnóthaí?
Bhuel, ní mar a shíltear a bítear.
Tosaíodh ag tógáil an A380 sa bhliain 1999. Bhí toircheas fada i gceist: níor eitil an chéad cheann acu go dtí mí na Bealtaine 2005. Agus, idir an dá linn, chuir eachtraí an 11 Meán Fómhair tús le géarchéim sna haerlínte Meiriceánacha agus chothaigh eagla i measc mórán aerlínte eile faoina margadh.
Agus dúirt Boeing, príomhiomaitheoir Airbus, go poiblí nach raibh éileamh mór don saghas sin eitleáin: dar leo go mbeadh na haerlínte ag lorg eitleán níos lú (ina mbeadh 250 suíochán, in áit 500). Measann Boeing nach bhfuil ach cúpla dosaen bealach ar domhan a bhfuil go leor paisinéirí orthu chun A380 a líonadh – ó Londain go Nua-Eabhrac, go Tóiceo nó go Singapore, mar shampla – agus go bhfuil eitleáin níos lú oiriúnach do roinnt mhaith de na bealaí eile. Deir Airbus go n-éireoidh oiread aerfort chomh plódaithe sin i gceann deich mbliana nach mbeidh an dara rogha ag na haerlínte ach eitleáin níos mó a úsáid, mar nach mbeidh go leor rúidbhealaí nó go leor geataí sna haerfoirt.
Níl éinne cinnte fós cé aige a mbeidh an bua, ach is léir gurb é an “787 Dreamliner” ó Boeing, eitleán a bhfuil 250 suíochán ann ach nach bhfuil a chéad eitilt déanta aige fós, rogha an mhargaidh. Níl ach timpeall 180 A380 ordaithe go dtí seo agus is dócha go gcaithfidh Airbus an méid céanna arís a dhíol chun brabús a dhéanamh.
Moill sé mhí
Ach bhuail suaiteacht níos measa Airbus cúpla mí ó shin. Fógraíodh go raibh fadhb le cóimeáil an A380 agus go mbeadh moill suas le sé mhí ar orduithe. Thit praghas scaireanna EADS, úinéir Airbus, mar thoradh. Ansin, tugadh le fios go raibh Noel Forgeard, an Francach a bhí mar
chomh-phríomhfheidhmeannach ar EADS, tar éis mórán scaireanna a dhíol cúpla seachtain sular fógraíodh an mhoill seo. Bhí drochbholadh san aer. Tar éis cúpla seachtain feirge agus argóna (is cara le Jacques Chirac é Monsieur Forgeard), d’éirigh sé féin agus ceannasaí eile Airbus as a bpost, agus thosaigh na bainisteoirí nua ag déanamh iarrachta rudaí a chur ina gceart.
Agus tá neart oibre rompu. Ar dtús, ar ndóigh, tá ceist an A380 le réiteach. Míreanna mearaí atá i gceist: déantar na heiteoga i Sasana, mar shampla, agus iompraítear go dtí an Fhrainc iad ar bord loinge speisialta agus ar leoraí ollmhór. Cuirtear le chéile iad le páirteanna eile a thagann ón Ghearmáin, on Spáinn agus ó thíortha eile, i monarcha Airbus in Toulouse. Tá neart ríomhairí san eitleán (roinnt mhaith acu chun a rogha scannáin agus ceoil, agus an t-idirlíon, a thabhairt do gach paisinéir), agus aimsíodh fadhbanna leis an sreangú eatarthu. Tá na hinnealtóirí ag iarraidh réiteach a fháil, agus tá an lucht díolacháin ag súil nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal.
Ach tá fadhb níos leithne ná sin ann. Chuir Airbus a lán béime ar an A380 agus rinneadh faillí sna heitleáin níos lú a dhéanann siad a tháirgeadh. Tá an margadh sin níos mó agus, mar sin, tá bua mór ag Boeing lena 777 (timpeall ar 350 suíochán) agus ní féidir leis an Airbus A340 coinneáil suas leis. Agus i measc na n-eitleán atá níos lú fós, tá ráchairt i bhfad níos mó ar an Boeing 787 ná ar a mhacasamhail ag Airbus, an A350.
Tá rudaí chomh holc sin gur fhógair Airbus, faoin ghrian ag Farnborough, go raibh sé beartaithe acu an dearadh atá acu faoi láthair don A350 a chaitheamh i dtraipisí, agus go dtógfaidís eitleán nua níos fearr, an “A350 XWB” (ciallaíonn XWB “Extra Wide Body”), ina áit. Ach ní bheidh an t-eitleán nua réidh roimh 2012; tá mórán ama curtha amú ag Airbus agus dianobair le déanamh sular féidir leo dul san iomaíocht le Boeing arís.
Ní dócha go n-ordóidh Aer Lingus an A380 (cé gur custaiméir mór é Emirates, seanfhostóir an Uasail Mannion, an té atá i gceannas ar Aer Lingus anois), ach tá sé beagnach cinnte, tar éis an phríobháidithe atá geallta i mbliana, go mbeidh siad ag lorg dosaen Boeing 787 nó Airbus A350 XWB chun bealaí nua a thosú go Meiriceá agus go dtí an Áis.
In ainneoin na bhfadhbanna reatha, cuirfear an A380 i seirbhís agus i gceann cúig bliana is dócha go mbeidh dearmad déanta ar na blianta corracha seo. Tá an-rath ar Boeing anois agus bua tráchtála ag an chomhlacht, ach ba bheag nár cuireadh deireadh leis an eitleán sin sna blianta tosaigh. Táthar ag súil, nuair a thaitneoidh an ghrian ar Farnborough i mí Iúil 2008, go mbeidh fadhbanna Airbus réitithe, go mbeidh sé ag eitilt níos tapúla agus ar bhealach níos suaimhní arís.
Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair in earnáil na heitlíochta. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.