AR NA SAOLTA SEO
Neamhshuim phobal an tuaiscirt sa toghchán
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Is beag suim atá pobal na Sé Chontae ag léiriú sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa a bheas ar siúl an mhí seo, a deir Robert McMillen.

Íomhá
Jim Allister ón DUP: iarrthóir cumasasch
Íomhá
Bairbre de Brún: seans maith go n-éireoidh léi suíochán a bhuachan do Shinn Féin

Do phobal a bhfuil an oiread sin dúile aige i dtoghcháin, tá siad an-phatuar go deo i dtoghcháin na hEorpa.

Ó tharla gur chuig tíortha níos boichte ná na Sé Chontae féin a bheas an t-airgead mór ag dul, is amhlaidh is lú suim atá ag tuaisceartaigh sna toghcháin seo.

Agus le bheith ag éisteacht leis an *Magnificent Seven *atá á gcur féin chun tosaigh mar bhaill Pharlaimint na hEorpa, ní iontas ar bith é gurbh fhearr le daoine bheith ag breathnú ar “Big Brother” ná a bheith ag plé polasithe Strasbourg.

Fadhb amháin é nach bhfuil an oiread sin aithne ag an phobal ar na hiarrthóirí. Is í Bairbre de Brún an t-iarrthóir is airde próifíle sa rás - ball sinsearach de Shinn Féin agus iar-Aire Sláinte san Fheidhmeannas ó thuaidh - agus Eamonn McCann, fear atá ag plé le cúrsaí polaitíochta le 35 bliain anuas agus a bhíonn le feiceáil go minic ar an teilifís agus sna nuachtáin.

Ach ní hionann sin is a rá nach mbéarfaidh Jim Allister ón DUP an chéad áit leis. Tá borradh faoin DUP faoi láthair i ndiaidh thoghcháin an Tionóil i mí na Samhna anuraidh agus is iarrthóir cumasach é Allister. Ainneoin nach Ian Paisley atá ann, bhéarfaidh an ghluaiseacht atá faoin pháirtí go dtí an tábla mór é.

Cé a bheas leis?

Tá Bairbre de Brún ag suirí leis an SDLP, ag iarraidh cleamhnas toghchánaíochta a oibriú amach, ag dúil go bhfaighidh beirt náisiúnaithe dhá thrian de na trí shuíochán atá ar fáil.

Sna toghcháin dheireanacha, chóir a bheith go bhfuair John Hume an lámh in uachtar ar Ian Paisley. Fuair an Fear Mor 28.36% de na vótaí agus Hume 28.06 %. Ar ndóigh, pearsantachtaí láidre iad an bheirt seo agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an bhfaighidh a gcomharbaí, Allister agus Martin Morgan ón SDLP, an líon céanna vótaí (192,762 a bhí ag Paisley agus 190,731 ag Hume) an iarraidh seo.

I dtoghcháin na hEorpa ó thuaidh, tá neamhshuim an phobail chomh tábhachtach céanna leis an líon daoine a thig amach ag vótáil agus d’fhéadfadh sé tionchar mór a imirt ar shaol polaitíochta an tuaiscirt.

In ísle brí

Tá an UUP agus an SDLP in ísle brí le tamall de bhlianta. Chaill siad a gceannasaíocht ar a bpobail i dtoghchán an Tionóil agus is léir go bhfuil an dá pháirtí in abar polaitiúil.

Ó thaobh an UUP de, dá gcaillfeadh Jim Nicholson a shuíochán, atá aige le cúig bliana déag anuas, bheadh impleachtaí móra ann do David Trimble sa chéad dul síos, agus don pháirtí ina iomláine ina dhiaidh sin. Bheadh an baol ann go gcaillfeadh an UUP tuilleadh suíochán sa chéad toghchán eile do Westminster agus go mbeadh sé mar atá an Páirtí Coimeádach i Sasana, nó, mura miste a rá, Fine Gael ó dheas.

Mura dtig lucht leanúna an UUP amach ina slóite agus mura dtugann an DUP a gcuid vótaí dara rogha do Nicholson, beidh sé i bponc.

A dhálta sin ag an SDLP. Caithfidh a gcuid vótóirí a theacht amach ach gan a vótaí a thabhairt do Shinn Féin. Tá an chontúirt ann má tá a lucht leanúna ag iarraidh an dara suíochán a bheith ag náisiúnaí fríd vótaí a thabhairt do Bhairbre de Brún, go sciobfadh siad a bhfear féin amach as an rás má éiríonn go maith le Nicholson.

Sílim féin go bhfaighidh de Brún an suíochán i gcuideachta Allister agus go mbeidh an tríú suíochán idir Nicholson agus Morgan ach, arís, is iad na daoine a fhanfaidh sa bhaile na daoine a imreoidh an tionchar is mó ar an toghchán. Tá triúr eile sa rás - Eamonn McCann ar son an Socialist Environmental Alliance a bhfuil an cogadh san Iaráic go mór chun tosaigh ina fheachtas; Lindsay Whitcroft ón Pháirtí Glas; agus iarrthóir neamhspleách, John Gilliland, a bhfuil an manaNo politics, just action” aige.

Táthar ag dúil go bhfaighidh an triúr seo idir 2%-4% an duine, ach má tá an toradh iontach cóngarach d’fheadfadh siad tionchar mór a imirt.

Ach cad iad na ceisteanna móra atá na hiarrthóirí ag cur chun tosaigh? Cé aige a bhfuil a fhios?

Níl polaiteoirí ná vótóirí na Sé Chontae aibí go leor le tábhacht, tionchar ná todhchaí na hEorpa a phlé go mion agus go húdarásach. “Coinnigh Sinn Féin amach” an teachtaireacht is mó atá ag teacht ón DUP. "No action, just politics”.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.