AR NA SAOLTA SEO
Neamhaird á tabhairt ar dhaoine gan dídean
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Is gá reachtaíocht nua a thabhairt isteach nó an bunreacht a leasú chun iachall a chur ar údaráis áitiúla na tíre díriú ar fhadhb na ndaoine gan dídean, a deir Dónall Ó Maolfabhail.

Íomhá
Íomhá

Nuair a d’fhógair méara Chontae Laoise, Joe Digan, an mhí seo caite, go raibh súil aige seanionad banaltrais in aice Chúl an tSúdaire a chóiriú ina ionad d’fhir gan dídean, chuir ní hamháin ionadaithe ó na páirtithe polaitiúla eile ina choinne ach chuir go leor óna pháirtí féin leis. Tarraingeoidh sé drochchomhluadar ar an áit, a dúradar. Ach is é an fhírinne go mbeidh ar an rialtas i bhfad níos mó ná ionaid a oscailt má táid le srian a chur leis an líon daoine gan dídean, líon atá ag méadú in aghaidh an lae sa stát seo.

De réir na bhfigiúirí oifigiúla, tá 4,176 duine fásta agus 1,405 páiste ina gcónaí ar shráideanna an stáit seo. Ach creideann eagraíochtaí ar nós Simon go bhfuil an fiorfhigiúr i bhfad níos gaire do 10,000. De réir staidéir a deineadh sa Bhreatain, is é an meánfhad a mhaireann daoine a chónaíonn ar na sráideanna ná 42 bliain. Creidtear gurb ionann an scéal sa stát seo. Is minic a bhíonn daoine óga a ligtear amach as ionaid speisialta, nó daoine a fhágann príosúin nó institiúidí meabhairghalair, fágtha gan dídean. Is minic leis gur géarchéim phearsanta i saol duine, ar nós briseadh caidrimh, bás, nó foréigean gnéasach nó fisiciúil sa bhaile, a bhrúnn duine amach ar na sráideanna. Ach, thar aon rud eile, an bochtanas agus an costas ard maireachtála is cúis le daoine a bheith gan dídean.

Léiríonn figiúirí an stáit idir 1989 agus 2002 gur mhéadaigh líon na ndaoine gan dídean 374%. I 1989 bhí 1,491 duine gan dídean, i 1996 bhí 2,501 agus, de réir na bhfigiúirí is déanaí, in 2002 bhí 5,581. Is ar éigean gur comhtharlúint é gur tharla an méadú seo ag an am céanna is a mhéadaigh costas na dtithe 194%. Ar feadh i bhfad mhéadaigh praghas na dtithe ar an iomlán ag an ráta céanna is a mhéadaigh an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, costais thógála agus an meántuarastal. Ach ó 1994 ar aghaidh d’athraigh cúrsaí. An teach a chosain €72,732 i 1994, chosain sé €213,904 i Márta 2003. Agus i mBaile Átha Cliath, an áit is mó daoine gan dídean, ba mheasa an scéal. I 1994 chosain teach sa chathair sin thart ar €81,493. Faoi Mhárta 2003 chosain sé €278,819, sin méadú 240%. Chomh maith leis an ardú a tháinig ar phraghas na dtithe, mhéadaigh costas cíosa freisin. I mBaile Átha Cliath sa tréimhse chéanna tháinig méadú 53% ar chíos tithe.

Beidh i gcónaí céatadán den phobal ann nach mbeidh ar a gcumas coimeád suas le méadú den tsaghas seo ina gcostas maireachtála. Ní hamháin go bhfuil méadú anois ar líon na ndaoine gan dídean ach deir an eagraíocht Simon go bhfuil siad ag plé le níos mó agus níos mó daoine óga le cúpla bliain anuas, le cois mná gan dídean agus fiú teaghlaigh le beirt tuistí. Anuas air sin, tá daoine gan dídean ag caitheamh tréimhsí níos faide i dtearmainn éigeandála. I 1993 ba é 20 lá an meánam a chaith duine in ionad den tsaghas seo ach i 2003 is é 18 mí an meán, a deir an eagraíocht Simon.

Líon beag tithe

Creideann an eagraíocht Focus Ireland go bhfuil 48,000 teach sóisialta breise de dhíth, a thabharfadh dídean do thart ar 140,000 duine sa chúig bliana atá amach romhainn. Sin dhá oiread an líon atá beartaithe faoi láthair. Forbróirí príobháideacha a chuireann 90% de thithe an stáit seo ar fáil agus, ar an iomlán, is fearr leo líon beag tithe ar phraghsanna arda a thógáil ná líon mór tithe ar phraghsanna ísle. I ngnó ar bith ní oireann sé an iomarca de tháirge áirithe a chur ar an mhargadh ag aon am amháin, óir titfidh an praghas.

Tá an líon tithe atá á thógáil ag údaráis áitiúla, nó eagraíochtaí tithe nó comharchumainn laghdaithe go mór. Idir 1939-42 chuir údaráis áitiúla 49,000 teach ar fáil. B’ionann sin ag an am agus 60% den tithíocht uilig a tógadh. Faoi 1975 bhí an líon tithíochta nach raibh á fhorbairt go príobháideach tite go 33%. In 2002, ní raibh ach 10% d’eastáit tithíochta an stáit seo nach raibh príobháideach. Idir 1995 agus 2002 thóg údaráis áitiúla 16,845 teach, sin díreach 2,100 sa bhliain. I mBaile Átha Cliath, an áit a bhfuil an ganntanas is mó tithíochta, níor tógadh ach thart ar 457 in aghaidh na bliana.

Easpa maoinithe ón stát is cúis go pointe le lagiarracht na n-údarás aitiúil san obair seo, go háirithe nuair atá costas áiféiseach ar thalamh athchúrsáilte. Faoi láthair má dhéantar athchúrsáil ar phíosa talaimh ar leatsa é, tá sé mar a bheadh an *lotto *a bhuachaint. Deir an Irish Home Builders Association gur mhéadaigh costas suíomh talaimh i mBaile Átha Cliath 200% idir 1995 agus 1998. Ní hamháin go bhfuil sé seo ag cur bac ar údaráis áitiúla talamh athchúrsáilte a cheannach agus tithe sóisialta a thógáil air, ach, dar le daoine áirithe, tá an praghas ard atá ar thalamh athchúrsáilte ag cur idir 40% agus 50% le luach tithe.

I 1973, mhol an Breitheamh Kenny i dtuarascáil ar leith ar an cheist, gur chóir go gceannódh údaráis áitiúla talamh athchúrsáilte ar 25% os cionn an “existing use value”, ach sin uile. Níor cuireadh a mholadh riamh i bhfeidhm, áfach, ar an ábhar gur ceapadh go mbeadh sé mí-bhunreachtúil. San Ísiltír ceannaíonn na húdaráis áitiúla talamh sula ndéantar athchúrsáil air agus ansin díolann siad ar aghaidh é le forbróirí príobháideacha. Níl aon chúis nach bhféadfaí aithris a dhéanamh ar an mbeartas seo in Éirinn.

Mórcheisteanna

Go luath an bhliain seo chugainn creidtear go bhfoilseoidh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht a dtuarascáil maidir le sealúchas. I measc na mórcheisteanna atá á bplé ag an choiste seo, tá an cheist ar chóir an ceart chun dídine ag duine a chur isteach sa Bhunreacht nó an leor reachtaíocht nua le dul i ngleic leis an fhadhb. I 1988 thug comhrialtas de chuid Fhine Gael agus an Lucht Oibre An tAcht Tithíochta isteach. Chuir an tAcht seo dualgas ar na húdaráis áitiúla staidéar a choimisiúnú gach trí bliana le líon na ndaoine gan dídean ina gceantar a chomhaireamh, agus leag síos gur fúthu siúd a bhí sé plé leis an 1,491 duine a creideadh a bheith ina gcónaí ar na sráideanna ag an am. Thug an tAcht cumhachtaí breise do na húdaráis áitiúla leis seo a dhéanamh ach níor chuir sé aon dualgas orthu a leithéid a chomhlíonadh. Chiallaigh sé sin nach raibh aon rud a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcás údarás áitiúil nach ndearna faic agus, dá bharr seo, bhí go leor a tharraing a gcosa.

I mBealtaine na bliana 2000 d’fhógair comhrialtas Fhianna Fáil agus an Pháirtí Dhaonlathaigh straitéis ar leith le plé le fadhb na ndaoine gan dídean. Bhí go leor moltaí fónta sa straitéis seo, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, a mhaolódh fadhb na ndaoine gan dídean, ach toisc nach raibh sé ar bhonn reachtúil ní raibh aon rud a d’fhéadfaí a dhéanamh le húdaráis áitiúla a thug neamhaird uirthi. Tá ag teip ar an straitéis seo freisin de bharr easpa maoinithe ón rialtas. Mar shampla, i gcás an ionaid d’fhir gan dídean a bhíothas ag iarraidh a thógáil in aice le Cúl an tSúdaire, deir an tUasal Digan go bhfuil moill shíoraí ar airgead a gheall an Roinn Comhshaoil dóibh agus, muna n-athraíonn seo, go mbeidh orthu na pleananna le haghaidh an ionaid chéanna a chur ar ceal.

De réir na heagraíochta Simon, tá ceart chun dídine leagtha síos in ar a laghad cúig chúnant idirnáisiúnta atá sínithe ag an stát seo agus, mar sin, ba chóir a leithéid de cheart a scríobh isteach sa Bhunreacht. Is cinnte go scoiltfeadh reifreann ar an cheist pobal an stáit seo agus tá an ceart acu siúd a mholann díriú ar reachtaíocht nua seachas leasú bunreachtúil.

Ach, ag an am céanna, ní thabharfadh a bhfuil déanta ag rialtais le blianta gairid anuas muinín do dhuine gur leor reachtaíocht. Go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur gá do dhuine seoladh baile a bheith aige sula mbíonn cead aige vóta a chaitheamh sa stát seo.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.