AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Namhaid beag bídeach
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Deir Rialtas na hAstráile go mbeidh siad ábalta an fliú éan a choinneáil faoi smacht san am atá romhainn ach tá amhras ar Dháithí Ó Colchúin faoi a bhfuil ráite acu go dtí seo faoin ngalar.

Íomhá
Íomhá

Tá an Astráil faoi bhagairt ag namhaid nua ach ní gunna ná buama atá i gceist ach víreas. Is é an víreas H5N1 is ciontach le bás 64 duine in oirdheisceart na hÁise ó thús 2004. Go dtí le gairid níor tugadh mórán airde ar an bhfliú éan sa tír seo ach anois tá an galar tar éis leathadh chomh fada ó dheas leis an Indinéis, áit ar bhásaigh cúigear le dhá mhí. Tá na milliúin sicín, lacha agus gé maraithe ar fud na hÁise de bharr orduithe rialtais ach níl an galar fós faoi smacht. Tá rialtas na hAstráile tar éis a rá go bhfuil plean éigeandála acu don ghalar má bhíonn aicíd fhorleatach ann.

Tá sé ráite ag an rialtas freisin go bhfuil an Astráil níos réitithe ná tír ar bith eile ar domhan má tharlaíonn a leithéid. Ar ndóigh, ní mór a mheabhrú do dhaoine gurb é seo an rialtas céanna a dúirt go raibh airm ollscriosta san Iaráic agus go bhfuil bréagadóireacht de chuile shaghas cleachtaithe acu le tamall de bhlianta.

Is é an t-ábhar dóchais is mó faoin ngalar seo nach bhfuil ar a chumas aistriú ó dhuine go duine nó, má tá, nach leathann sé go héasca. Ach tá faitíos ar shaineolaithe go bhféadfadh an víreas meascadh le fliú daonna sa gcaoi go bhféadfadh sé aistriú gan dua. Má tharlaíonn sé sin, dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh sé idir seacht milliún agus 100 milliún duine a mharú ar fud an domhain.

Ceann de na rudaí is measa faoin ngalar ná an ráta ard báis – tuairim is 50% de na daoine a tholg an galar go dtí seo, i bhfad níos airde ná aon ghalar eile dá shórt. I gcás SARS in 2003, a bhuail oirdheisceart na hÁise go dona, ráta báis 10% a bhain leis. Sa bhfliú Spáinneach i 1918-’19, meastar go raibh an ráta báis tuairim is 6%. In ainneoin an ainm, is i gcampaí míleata sna Stáit Aontaithe a thosaigh an galar sin, a mharaigh idir 40 milliún agus 100 milliún ar fud an domhain sula raibh deireadh leis. Tharla dhá eachtra eile i 1957 agus i 1968 (an fliú Áiseach agus fliú Hong Kong) a mharaigh tuairim is ceithre mhilliún duine ar fad.

Níl aon vacsaín ar fáil don fhliú seo go fóill ach tá saotharlann san Astráil tar éis a fhógairt go mbeidh vacsaín réidh acu i mí Lúnasa 2006 agus go mbeidh sé réidh níos luaithe má bhíonn leis. Tá seirbhísí custaim agus coraintín dáiríre faoin scéal freisin agus cosc curtha acu ar sé thona d’fheoil éan agus uibheacha a bhí á dtabhairt isteach san Astráil ó thús na bliana.

In ainneoin a bhfuil ráite faoin sceimhlitheoireacht le tamall anuas, b’fhéidir gurb é an frídín beag bídeach seo an chontúirt is mó atá i ndán don Astráil sna blianta atá romhainn.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.