Tá polaiteoirí áirithe aontachtacha agus cuid de nuachtáin an phobail sin ag cur go láidir i gcoinne na Gaeilge le tamall anuas, mar a mhíníonn Robert McMillen.
Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge!
Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, The News Letter, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
Ach tá na haontachtaithe ag troid eatarthu féin faoi cheist na Gaeilge. Tá ráite ag Michael McGimpsey, fear a raibh cúram na Gaeilge air agus é ina aire i Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta an Tuaiscirt, nach bhfuil i gcur in éadan na Gaeilge sa DUP ach geamaireacht.
Cuireann McGimsey i gcuimhne d’aontachtaithe gur socraíodh go mbeadh Acht Gaeilge á chur chun cinn le linn idirbheartaíocht Chill Rímhinn ina raibh an DUP páirteach. Níor chuir an DUP ina éadan ag an am sin, a dúirt an tUasal McGimpsey. Ach bhí ceannaire a pháirtí féin, Sir Reg Empey, ag seinm phort an DUP fosta. Chuaigh seisean i mbun díospóireachta ar an scéal achrannach sa News Letter fosta.
“Chuirfeadh an reachtaíocht béim ar an difear atá idir daoine, a dúirt sé, “in áit iad a thabhairt le chéile.”
Tchí Dia an fhís atá ag an Uasal Empey de shochaí an tuaiscirt nuair nach bhfuil rogha agat ach cloí le rialacha an mhóraimh.
Leoga, níor imigh meon an tromlachais, tá a fhios agat.
Bíonn an News Letter ag caint go minic ar na “unionist heartlands” áit, a shílfeá, a bhfuil macasamhail an Jedi Council ó Star Wars lonnaithe. Mura nglacann bunadh na heartlands le smaoineamh, ní tharlóidh sé.
Cuirfidh siad in éadan “any attempt to foist the Irish language ón the majority population in Northern Ireland”, dar leis an pháipéar, ach tá cuma níos dainséaraí ag teacht ar chúrsaí.
Ar an 13 Nollaig, d’fhoilsigh an News Letter ráiteas ón UDA i leith na Gaeilge. Is é atá sa UDA – ann féin nó faoina nom de guerre, an UFF – ná eagraíocht a mharaigh 408 duine le linn na dTrioblóidí agus nach bhfuil díchoimisiúnú dá laghad déanta acu. (Is mairg nach bhfuil aontachtaithe ag troid chomh láidir céanna in éadan an pharaimíleatachais is atá siad in éadan na Gaeilge, ach sin scéal eile.)
Tá an eagraíocht armtha seo ag moladh do dhaoine droim láimhe a thabhairt do Chomhaontú Chill Rimhinn.
“Ní chreideann muid go nglacfaidh pobal s’againne leis an fhídireacht go mbeidh ar ár bpáistí Gaeilge a fhoghlaim mar chuid den churaclam nó le post sna póilíní nó post poiblí ar bith eile a fháil,” a dúirt urlabhraí dá gcuid.
Tá an *News Letter *sásta ráitis ó na sceimhlitheoirí seo a chur i gcló ach ní fhaca mé riamh agallamh nó tagairt féin don ghrúpa POBAL a bhfuil sárobair déanta acu ag ullmhú don Acht.
An Ghaeilge agus an streachailt armtha
Sin ráite, níor chuidigh Gaeilgeoirí eile leis an chás. Ní dhéanfaidh aontachtaithe dearmad – mar ní ligfidh Nelson McCausland dóibh dearmad a dhéanamh – gur dhúirt gníomhaithe de chuid Shinn Féin gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha.
Ar ndóigh, chuir an ráiteas seo oiread déistine ar Ghaeilgeoirí is a chuir sé ar aontachtaithe agus tá siad ag troid ina éadan ó shin. Is gá an meon sin a thuigbheáil. Thug na náisiúnaithe bata do na haontachtaithe le hiad féin a bhualadh leis.
Ach tá an iarracht atá ar bun an foréigean poblachtánach agus an Ghaeilge a nascadh le chéile ag dul thar fóir. Go follasach, tá baint idir teanga agus féiniúlacht agus nuair atá an fhéiniúlacht féin ina cnámh spairne idir dhá ghrúpa, beidh an teanga ina ábhar conspóide ach níor mharaigh teanga aon duine riamh.
Is léir go bhfuil míthuiscint, aineolas agus naimhdeas á léiriú ag páirtithe polaitíochta agus ag na meáin aontachtacha i leith na Gaeilge, ach is dea-scéala é go bhfuil aontachtaithe ann a chreideann gur cuid dá n-oidhreacht í an Ghaeilge.
Tá an tAire i Stormont, Maria Eagle, ar son an Achta ach tá sí luaite i measc “the romanticists of the Irish language movement” ag an News Letter, daoine a bhíonn ag caint ar na laethanta a labhraíodh idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh an Ghaeilge.
“Tá na laethanta sin thart le fada,” arsa scríbhneoir an eagarfhocail, ach mar a dúirt gníomhaí teanga amháin liom, tá an t-am a dtig le haontachtaithe a rá linn cad é le déanamh thart fosta.
Beidh 2007 an-suimiúil!Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.