CÚINNE NA nEALAÍON
Na Ridirí Fáin
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Thit mír eile de laochas na litríochta agus an bhéaloidis le tua lucht staire le déanaí, ach b’fhearr le Gabriel Rosenstock léamh an laochais agus iomthúsa Teaghlaigh an Bhoird Chruinn a choimeád slán ina chuimhne féin.

Íomhá
Dealbh Artúir in Innsbruck
(le Daderot ar Vicipéid)
Íomhá
Síothlú Artúir in Avalon
(le Edward Burne-Jones ar Vicipéid)
Íomhá
Bwrdd Crwn y Brenin Artwr
(le David Berry ar Vicipéid)
Íomhá
Ynys yr Afalen - Avalon
(le Rodw ar Vicipéid)

Is mar seo a chuireann an tAthair Peadar tús álainn lena leagan Gaeilge den Quijote le Cervantes:

Roinnt céadta blian ó shin bhíodh aicme laoch ag gluaiseacht ar fud na hEorpa agus Ridirí Fáin a tugtaí orthu. Ní bhíodh de shaoltacht ag gach ridire acu ach a arm agus a éide agus a chapall, agus ní bhíodh de chuallacht aige ach a ghiolla. Bhíodh an ridire fáin agus an giolla ag gluaiseacht rompu, féachaint cá bhfaighidís tíoránach le smachtú, éagóir le ceartú, ropaire le marú, nó aon ghníomh uasal eile le déanamh do thuillfeadh oirirceas don té a dhéanfadh é…”

Chuaigh na hidéil uaisle sin i gcion orainn go léir. Bíonn laochra idéalacha uainn chun an chuid is uaisle dínn féin a nochtadh dúinn féin: Artúr, Robin Hood, Fianna Éireann na n-each seang, Éamon an Chnoic. Dream uasal gan aon agó, dream idéalach, altrúíoch! Ní fhágfaidís ainnir i gcruachás gan trácht arainnir shéimh darbh ainm Éire’. Ní bheadh Éire sa riocht ina bhfuil sí dá mbeadh spiorad an niachais beo inár measc; ní ligfí do na húdaráis Teamhair na Ríthe a réabadh; ní ligfí don Triúracht (Troika) cos a leagan ar thalamh bheannaithe na hÉireann.

An Fhírinne á Nochtadh

Sa leabhar Debt: The First 5,000 Years le David Graeber (Melville House, 2011) faighimid léargas eile ar na Ridirí Fáin agus ní uasal ach uiríseal amach is amach ab ea iad, más fíor! Ba mhinic ina dtuilithe ag na mionuaisle iad agus nuair nach bhfuaireadar faic trí oidhreacht cad a bhí le déanamh acu ach an bóthar a bhualadh. Má bhuail, bhí scata bithiúnach ar an mbóthar rompu, ní nach ionadh, agus ba ghairid ina mbaiclí fáin iad, ina ropairí agus ina rógairí seachas ina ridirí.

Tá scannáin feicthe againn go léir agus an turnaimint giústála á léiriú iontu. Chun na rógairí a choimeád as achrann a chuirtí imeachtaí mar sin sin ar siúl, de réir dealraimh, ócáidí le haghaidh scliúchais is cearrbhachais agus ‘giota de conas tá t’athairmar a deir an Gall. Níl sa niachas agus sa ghiústáil mar sin ach iarracht ag na húdaráis ar an mbaicle fáin a rialú agus an deis a thabhairt dóibh a gcuid fuinnimh a ídiú.

Sea, is brónach an scéal é. Dhúisíos ar maidin i mo ridire dom agus tuigim anois tar éis sracfhéachaint a thabhairt ar leabhar Graeber nach bhfuil a leithéid de rud ann – agus nach raibh riamh! Tá teora liom agus deora dá réir, a léitheoir chaoin. Aisling eile réabtha!

An ridireacht! Cé a chuir tús leis an mbréag mhór? File. Nach mbeadh a fhios agat. File Francach, mo léir, fear darbh ainm Chretien de Troyes, go maithe Dia dhó é. Na filí agus a gcuid leabhar. An mbeidh deireadh go deo leo? Lucht mioscaise is ea iad. Bhí an ceart ag an sagart in Don Cíochóté:

“Sea!” arsan sagart, “na leabhair fé ndear an droch-obair go léir. Tar anso amárach, a Niocláis,” ar seisean leis an mbearbóir, “agus déanfaimid tine chnámh de na leabhraibh mallaithe seo, i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair go deo arís.”

Beatha Duine a Thoil

Ródhéanach, a Athair, im’ chás-sa ar aon nós. Tá an dochar déanta. Cuirimis an milleán ar an bhfile mar sin, an file a chruthaigh an neach aisteach sin nach raibh riamh ann, an Ridire Fáin agus aisling éigin á crá, é sa tóir ar chlú domhanda, nó ciste rúnda, nó an ciste is rúnda agus is saibhre díobh go léir, an grá.

Ina dhiaidh sin is uile, ar nós El Quijote, creidimse in íochtar mo chroí istigh nach marbh ar fad atá Artúr:

“Is é an rí sin a chuir ar bun an t-ord ridireachta ar a dtugtaí Ridirí an Bhoird Thimcheallaigh. Agus instear i seanchas an oird sin na gníomhartha móra gaile agus gaisce a dhein na ridirí uaisle sin. Lanslot an Locha ab ainm do dhuine acu, agus tá dánta filíochta anso sa Spáinn féin againn ag moladh a thréine agus a uaisleachta. Sin mar a thosnaigh ord na ridireachta, agus bhí an t-ord ag méadú agus ag neartú go dtí gur leath an ridireacht ar fud an domhain go léir.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.