AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Na mná rialta agus círéibeacha Bhaile Átha Cliath
Balor Balor Balor

Scaoil Cú Chulainn, Cosantóir na Teorann, rún le Balor le gairid a chuir iontas an domhain air.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Bean rialta i mbréagriocht ar tí tríoblóid a thógáil ar Shráid Uí Chonaill
Íomhá
Cuid den damáiste a rinne na mná rialta ar Shráid Uí Chonaill

“Charlie Bird mo thóin!” a mhaígh Balor an Bhéil Bhinn, agus é ag déanamh beag is fiú d’éachtaí agus d’eachtraí an chomhfhreagraí chalma chochallaigh chonfaigh. “Sea! Mo thóin, a deirim. Is fíor go ndeachaigh sé i gcontúirt a anama, gur sheas sé sa bhearna bhaoil arís agus arís eile chun agallaimh agus scéalta nuachta a fháil; ach is beag an méid atá déanta aige i gcomparáid lena bhfuil agam féin daoibh an tseachtain seo, a léitheoirí. Chuaigh mise i mbaol mo chaillte, agus níos measa b’fhéidir: i mbaol mo choillte, chun agallamh eisiach a chur ar Chú Chulainn Cróga Mac an Uladh as Bearna an Tuaiscirt, Fidei Defensor, Cosantóir na Teorann, agus Urlabhraí DDT – Dílseoirí Dílse Truacánta.

Bhí Cú Chulainn ar ais ina nead beag suaimhnis i mBearna an Tuaiscirt, a theileascóp ina leathláimh aige, agus é ag faire go glinnsúileach orthu siúd a fuair de chroí cos a leagan thar theorainn s’aigesean isteach in Ulaidh. Leis an lámh eile bhí sé ag cuimilt Germolene cumhra – déanta sa Bhreatain dar ndóigh – isteach san iliomad créachtaí, claiseanna agus cneácha a bhí le feiceáil ar fud a choirp bhiata. Ní róshásta a bhí Cú Chulainn Cróga nó bhí sé díreach i ndiaidh a bhealach stabhach a dhéanamh ar ais ó thuaidh as “Príomhchathair na tíre sin ó dheas”, é ag spágáil go neimhéalach, truamhéalach gach céim den bhealach, nó chaill sé an bus.

Bhí Cosantóir na Teorann agus cúpla céad ball den DDT i ndiaidh a móid gheanmnaíochta a bhriseadh nuair a thrasnaigh siad an teorainn le taisteal go Baile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh sa léirsiú mór i Sráid Uí Chonaill: Is Grá Linne Muid Féin. “Agus ar fhulaing tú aon mhórghoin seachas na créachtaí sin a bhfuil tú ag cuimilt Germolene isteach iontu?” a d’fhiafraigh Laoch na Litríochta go híogair agus go cásmhar. “Nach bhfaca tú é ar an teilifís?” a d’fhiafraigh Cú Chulainn. “Chonaic mé féin agus mo chairde ar fad é,” a lean sé leis, “ach ní fheiceann daoine ach an méid atá siad ag iarraidh a fheiceáil. Caitheadh cloch ollmhór liom agus chuaigh sé fá chúpla orlach de mo chluais chlé.” “Nach ortsa a bhí an t-ádh dearg!” a dúirt Balor. “Bhuel sea agus ní hea,” a d’fhreagair Ceann an DDT. “Bhí an t-ádh orm nár bhuail sé mo chluas, ach bhuail sé mé anseo ar chúl mo chloiginn.” Agus thiontaigh sé thart le go bhfeicfeadh Balor an meall millteanach mór a bhí i ndiaidh fás amach fríd an mhéid sin dá chuid gruaige nach raibh stróicthe amach aige le teann fraochtachta.

“Agus do bharúil cé a bhí ciontach as an scliúchas sin ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, a Chú Chulainn?” a d’fhiafraigh Balor an Bhéil Bhinn. “Ní scliúchas a bhí ann ar an chéad dul síos,” a d’fhreagair Cosantóir na Bearna, “Ní ná scliúchas! Círéib, ionsaí seicteach, forrán fíochmhar ar na Dílseoirí Dílse Truacánta – sin a bhí ann.”

“Ach a Chú Chulainn, níor fhreagair tú mo cheist,” a dúirt an Cioclóp Curata, a bhí i ndiaidh a mhisneach a chrochadh suas, chomh maith lena bhríste, ar bhealach nach ndéanfadh Charlie Bird riamh. “Do bharúil cé a bhí ina chiontaí leis agus freagrach as?” “Ná bí thusa ag ligean ort nach bhfuil a fhios agat sin nuair atá a fhios ag an saol mór,” arsa Cú Chulainn. “Cé eile ach na mná rialta – nó na mná mírialta ba chóir dom a rá?”

“Ag magadh atá tú! Bhí mé féin i láthair agus ní fhaca mé aon bhean rialta ar chor ar bith ar Shráid Uí Chonaill an lá sin,” a d’fhreagair Balor le calmacht agus le cinnteacht. “Ní fhaca tú, agus ní fhaca duine ar bith eile iad,” a d’fhreagair Cú Chulainn Cróga, “ach bhí siad ann ina gcéadta, iad ar fad i mbréagriocht – faoi bhrístí géine agus hoodies, scairfeanna thart ar a ngnúiseanna, na muinchillí crochta suas, tatúnna ar a sciatháin agus iad ag cruinniú cloch ina gcairn agus á gcaitheamh le mo leithéid.” “Ach, a Chú Chulainn,” arsa Balor, “níl sé sin fíor. Ní thiocfadh leis a bheith fíor. Níl mórán acu fágtha sa tír, agus iad sin atá fós thart tá siad os cionn trí scór bliain d’aois. Níl oiread acu ann agus a líonfadh cúpla carn cloch – cúpla clochar ba cheart dom a rá.”

“Cad é a bheadh le rá ag Monsieur Freud faoi sin?” arsa Cú Chulainn. “Níl sé fíor nach bhfuil mórán acu ann. Sin bréag a chraobhscaoileann na siúracha le nach mbeidh daoine ar an n-airdeall níos mó. Is geall le cumann rúnda iad. Tá na mílte acu ann, iad ag gabháil thart i riocht gardaí agus gurriers, múinteoirí agus mionchoirpigh, cioclóip agus ciontóirí. Cá bhfios ach gur tusa an tSiúr Balor? Is iad na mná rialta is ciontaí leis an trioblóid ar fad sa tír seo. Is iad atá taobh thiar de gach cinneadh rialtais agus gach easpa chinnte.”

“Tá daoine den bharúil gurbh iad na Jesuits a chum an nath, ach tá dul amú orthu; na mná rialta ar dtús a dúirt: “Tabhair dom lámh an linbh le é a bhualadh le rialóir agus tabharfaidh mise duitse an duine fásta.” Bhí gach aon teachta i nDáil Éireann ar scoil ag na mná rialta, nó faoina dtionchar ar bhealach inteacht nuair a bhí siad óg. Agus is mná rialta rúnda iad an chuid is mó de bhaill an Rialtais. Tá sé iontach furasta an tAire Dlí is Cirt a shamhlú faoi chaille; é ag stánadh ort fríd na spéaclaí clochair sin, draothadh gáire ar a ghnúis, rialóir adhmaid ina ghlac agus é ag bagairt agus ag drannadh mar a dhéanann sé.”

“A Chú Chulainn chliste, an bhfuil tusa á rá liom go gcreideann tú i ndáiríre píre gur mná rialta rúnda a bhí ag treorú na ngaigíní sráide i mBaile Átha Cliath?” “Creidim go daingean,” arsa Cú Chulainn, “agus ní hamháin go raibh siad ag stiúradh na trioblóide, ach bhí siad féin i measc na gcaiteoirí cloch agus buidéal. Síocháin agus grá – mo thóin! Singing Nuns agus Sister Act *– mo thóin! *The Sound of Music agus Lilies of the Field – mo thóin!”

“Ach ní raibh bean rialta ar bith luaite i measc na ndaoine a cúisíodh i ndiaidh na gcíréibeacha. Is ag caint fríd do thóin atá tú, a Chú Chulainn.” “Nach raibh tú ag éisteacht liom ar chor ar bith, a Bhaloir? Nár mhínigh mé duit gur i mbréagriocht a bhíonn siad, gur cumann rúnda atá iontu, go bhfuil siad thart orainn i ngan fhios dúinn? B’fhearr duitse bheith ar d’aire ná bheith do mo mhaslú. Ní bheadh a fhios agat cé atá taobh leat... nó taobh thiar díot...”

Bígí cúramach amuigh ansin!

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.