TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Na Gaeil Óga
Félim Borland Félim Borland

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Félim Borland, Na Gaeil Óga, ceantair éagsúla in Éirinn.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin sna Gaeil Óga agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé ag feidhmiú mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí do Na Gaeil Óga, mar sin bím ag iarraidh ainm na heagraíochta a chur chun cinn sna meáin chumarsáide. Tá mé ag feidhmiú sa ról seo ó bhí mí na Bealtaine 2005 ann.

  1. Cathain a bunaíodh an eagraíocht agus cé a bhunaigh í?

Thosaigh Na Gaeil Óga i mí Eanáir 2004. Ba iad Ciarán Mac Fhearghusa, Seán Ó hAdhmaill, Marc Breathnach, Dónal Ó Cearúill agus Oisín Chambers na bunaitheoirí.

  1. Cén fáth ar bunaíodh an eagraíocht?

Bunaíodh í toisc gur aithin na bunaitheoirí nach raibh ionadaíocht cheart á déanamh ar dhaoine óga a bhí ag aois an tríú leibhéal agus a bhí báúil leis an Ghaeilge, idir chainteoirí líofa agus chainteoirí nach raibh chomh líofa sin. Bhí easpa cumarsáide idir na cumainn Ghaelacha sna hinstitiúidí tríú leibhéal agus bhí sé mar aidhm, agus tá fós, scátheagras na gcumann Gaelach a bhunú.

  1. Cé mhéad duine atá bainteach leis an eagraíocht?

Ó thaobh ballraíochta de, tá níos mó ná 1,000 ball againn faoi láthair. Tá coistí áitiúla againn i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, agus Gaillimh, agus coistí á mbunú againn i gCill Chainnigh, Doire, Luimneach, agus Tír Chonaill. Mar sin, tá fás ag teacht ar an eagraíocht i gcónaí.

Ó thaobh na mball atá gníomhach de, tá thart ar 100 duine a bhíonn ag eagrú ár n-imeachtaí, comhdhálacha, agus feachtas i rith an ama.

  1. Cén obair a dhéanann sibh ó mhí go mí?

ionadaíocht ag Na Gaeil Óga ar go leor coistí éagsúla ar nós Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus Choiste Oideachais Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bíonn feachtais, comhdhálacha agus imeachtaí sóisialta ar siúl againn an t-am ar fad. Le linn Sheachtain na Gaeilge (4-17 Márta), beidh feachtas ar siúl againn chun brú a chur ar na comhlachtaí fón póca an Ghaeilge a chur ar fáil ar a dtáirgí. Feachtas mór poiblíochta a bheas ann agus tá leithéidí Fhoras na Gaeilge, Chonradh na Gaeilge, Sheachtain na Gaeilge agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag comhoibriú linn.

D’eagraigh muid ceolchoirm mhór sa Pod an mhí seo caite dar teideal CraicFest, agus bhí Scóráil Sciobtha (*Speed Dating *as Gaeilge) ar siúl againn i mí Eanáir!

I mí Eanáir chomh maith bhí Comhdháil Óige againn i gColáiste na Tríonóide, agus bhí Julian de Spáinn, Pádraig Ó Ceithearnaigh, Ariel Killick agus Rossa Ó Snodaigh ag plé ábhar éagsúil. Ba í Róisín Ní Thomáin cathaoirleach na comhdhála.

I mí na Samhna na bliana seo caite bhí agóid againn chun cur i gcoinne ráiteas Enda Kenny faoin Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an eagraíocht? An leor iad?

Is eagraíocht dheonach í Na Gaeil Óga, mar sin braitheann muid ar dhea-thoil ár mball agus ar bhailiúcháin a dhéantar ó am go chéile.

iarrachtaí á ndeanamh faoi láthair maoiniú buan a fháil ionas gur féidir linn bheith níos gníomhaí agus craobhacha a bhunú ar fud na tíre.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Ba é ceann de na chéad aidhmeanna a bhí ag Na Gaeil Óga ag an tús ná stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach tríd an fheachtas a d’eagraigh Stádas, rud a tharla. Tá níos mó comhimeachtaí ann idir na cumainn Ghaelacha anois ach tá go leor oibre fós le déanamh chun scátheagras iomlán a chur ag feidhmiú.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis na Gaeil Óga?

Is é an laige is mó atá againn ná easpa taithí ó thaobh eagrúcháin de ach tá na heagrais Ghaeilge ar fad an-chabhrach agus sásta comhairle a chur orainn i gcónaí.

Toisc gur mic léinn tríú leibhéal iad formhór ár mball, tá sé deacair brath ar fhoireann bhuan chun an obair a dhéanamh ar bhonn rialta. Tá athrú ag teacht ar an fhoireann i gcónaí.

Is é an láidreacht is mó atá againn ná an fuinneamh atá againn - ghlaoigh Julian de Spáinn [Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge] “Duracell na Gaeilge” orainn tráth! Is í an óige todhchaí na Gaeilge agus tá na hinstitiúidí Gaeilge ar fad ag brath orainne chun an teanga a thógáil ar aghaidh.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag na Gaeil Óga faoi cheann cúig bliana.

Scátheagras iomlán idir na cumainn Ghaelacha, le foinsí maoinithe agus acmhainní daonna chun ár n-imeachtaí féin agus a n-imeachtaí siúd a rith. Foireann de bheirt nó triúr fostaithe íoctha. Athbhreithniú agus athstruchtúrú ar an Ghaeilge sna córais oideachais trí stocaireacht a dhéanamh leis na heagrais chuí.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ag breathnú ar an mhéid bunscoileanna lán-Ghaelacha atá á mbunú ar fud na tíre, ar an mhéid clubanna óige atá á mbunú ag na hógeagraíochtaí Gaeilge, agus ar an dearcadh nua atá ag na “seandaoine” ar an chéad ghlúin eile, bheinn ag súil go mbeidh an teanga faiseanta i measc óige na hÉireann agus go mbeidh siad in ann í a thógáil ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Tá mé an-dóchasach ó thaobh na teanga de.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.